Ó FIANNACHTA, Pádraig (1927–2016)
Le caoinchead ó Portráidí

Aifreann i mBrosna

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar Blaiseadh: Filíocht, scéalta agus béaloideas (1995). Le caoinchead Cló Iar-Chonnacht.

Ina ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad bhunaigh Pádraig Ó Fiannachta an teach foilsitheoireachta An Sagart, agus ina dhiaidh sin, mar shagart paróiste an Daingin, bhunaigh sé institiúid diagachta agus léinn dúchais, An Díseart. B’fhile agus scoláire é, a bhí ina eagarthóir ar feadh breis agus daichead bliain ar Léachtaí Cholm Chille agus Irisleabhar Mhá Nuad mar aon le hirisí agus leabhair eile, ach thar aon ní eile is é An Bíobla Naofa (1981), a raibh Pádraig mar eagarthóir air agus mar aistritheoir ar chuid mhór de, a bhuanaíonn a chuimhne.

Sa Phaideac, Baile Móir, buailte ar Bhaile an Ghóilín, taobh thiar den Daingean, a rugadh Pádraig Ó Fiannachta, ar an 15 Feabhra 1927, an ceathrú duine d’ochtar clainne a bhí ar Sheán Ó Fiannachta agus Nóra ‘Nean’ Ní Uallacháin ó Leataoibh Meánach, i bparóiste an Fheirtéaraigh. Bhí muintir a athar in aontíos leo. Gaeilge is mó a bhí á labhairt. Cailleadh athair Phádraig gan aige ach seacht mbliana is daichead. Ceithre bliana déag a bhí Pádraig ag an am, bliain i ndiaidh bhás a dhaideo Eoghan. Bhásaigh triúr de na deartháireacha go hóg, duine acu, Micilín, den teiteanas, gan aige ach dhá bhliain go leith; agus beirt eile, Seán agus Eoghan, bádh iad nuair a d’imigh a mbád le sruth i dtreo na gcarraigeacha idir Cuas Crom agus Leic Chaoil agus gur tiomáineadh amach iad i dtreo Chuas an Mhadra. Sagart óg sna fichidí ab ea Pádraig ag an am agus ba é a léigh an tAifreann don dá shochraid.

Sa scoil shealadach i dteach cóiste Thiarna Fionntrá, i mBaile an Ghóilín, a chuaigh Pádraig ar scoil i dtosach. An Máistir Ó Gairbhí agus Bríd Bean Uí Shiochrú a bhí mar mhúinteoirí aige. Coláiste Íde, coláiste ullmhúcháin nuabhunaithe lán-Ghaeilge, a bhí sa teach mór faoin am sin. I Scoil Fhinín Naofa, Baile an Ghóilín, a chríochnaigh Pádraig a chuid bunscolaíochta. Bhuaigh sé dhá scoláireacht agus, an lá a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda, chuaigh sé go Coláiste Bhréanainn i gCill Airne agus chuir sé an-spéis ann san fhilíocht agus sna clasaicí. I mblianta deiridh a shaoil bhí stráicí fada de chuid Virgil agus Hóiméar ar eolas fós aige.

Agus an tEaspag Seosamh Ó hUallacháin ó Bhaile an Reannaigh mar eiseamláir aige, ba é a mhian riamh bheith ina shagart agus in 1944 chuaigh sé go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad. Nuair a bhain sé céadonóracha amach i scrúduithe na chéad bhliana, mhol an tAthair Tadhg Ó Murchú dó dul leis an Léann Ceilteach, Nua-Ghaeilge mar phríomhábhar agus Luath- agus Nua-Bhreatnais mar fho-ábhair. Sa bhaile ar laethanta saoire d’fhoghlaim sé Sean-Ghaeilge ó leabhar Thurneysen A grammar of Old Irish (1946), a thug an tAthair Donnchadh Ó Floinn mar bhronntanas dó nuair a foilsíodh é in 1946. Ar thorthaí na céime bhain sé Duais Theach an Ardmhéara agus mhol an tAthair Ó Floinn dó tabhairt faoi scoláireacht taistil, cé nach gceadódh a easpag an bhliain saor ón diagacht dó. Bhí Deasún Ó Conaill, a bheadh ina ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath agus ina chairdinéal, in aon rang leis. Blianta ina dhiaidh sin, labhair sé le Risteárd Ó Glaisne faoi Dhonnchadh Ó Floinn: ‘Seachas m’athair agus mo mháthair, m’athair críonna agus mo mháthair críonna, ní raibh aon duine riamh a chuaigh i bhfeidhm orm mar a chuaigh an tAthair Donnchadh. D’oscail sé m’aigne agus d’fháisc nithe as díreach dál Socrates agus a dhalta.’

In 1948, chun an Bhreatnais a fhoghlaim, chuaigh sé ag obair ar fheirm agus ag déanamh obair pharóiste sa Bhreatain Bheag. Tar éis bliana bhí an teanga sealbhaithe aige agus d’fhill sé ar Éirinn agus ar a chuid léinn. Bhí breis oibre air mar go raibh sé ag déanamh na diagachta agus na hábhair eile ag an am céanna. Bhí sé, mar a dúirt sé féin, ‘fiáin chun caide’, leis, ach nuair a fuair sé droch-chic sa cheann agus nár tugadh am saor dó bhain ‘drochchliseadh néarach’ dó a mhair cúig mhí agus ba é an toradh a bhí air ná nár lig na húdaráis dó leanacht ar aghaidh lena chúrsa i Maigh Nuad. Chuaigh sé go Corcaigh, bhain Ard-Teastas san Oideachas agus rinne tráchtas MA ar Eochair-sgiath an Aifrinn faoin Ollamh R.A. Breatnach, agus Seán Ó Tuama mar theagascóir aige. Theastaigh uaidh leanacht ansin leis an tsagartóireacht ach, arsa Easpag Chiarraí leis: ‘Maynooth won’t have you and I won’t have you either.’ Labhair an tAthair Ó Floinn le hUachtarán Choláiste na Naomh Uile i nDroim Conrach, agus is ann a chríochnaigh sé a chuid oiliúna mar shagart.

Nuair a oirníodh é sa bhliain 1953, d’éirigh leis ‘le mórdhua’ dul ar ais chun na Breataine Bige. Go Caernarfon a cuireadh é ‘an condae is Ceiltí sa tír ach,’ mar a dúirt sé féin, ‘lucht Béarla ba ea na Caitlicigh ann.’ Dhá leabhar a d’eascair as an tréimhse sin, An chomharsa choimhthíoch (1957) leabhar ar stair agus ar thraidisiún liteartha na Breataine Bige, agus leabhar a scríobh sé blianta fada ina dhiaidh sin, Ag siúl na teorann (1984), freagra ar leabhar Phádraig Standún, Súil le breith (1983). ‘Níor dhóigh liom,’ a dúirt sé, ‘go raibh sé cruinn mar chur síos ar shaol sagairt óig. Mar sin scríobhas mo chur síos féin ar an saol sin le cabhair mo thaithí saoil féin.’ Trí bliana a bhí sé sa Bhreatain Bheag nuair a bádh a dheartháireacha, agus ag an am seo aistríodh Pádraig go Y Drenewydd, áit ar mhúin sé mata, creideamh, tíreolaíocht agus Breatnais do leanaí scoile, idir Phrotastúnaigh agus Chaitlicigh.

Agus trí bliana eile caite sa Bhreatain Bheag aige, tharla an Fiannachtach ar oilithreacht go Lourdes agus gur casadh a sheanmhúinteoir an tAthair Ó Floinn air agus gur fhiafraigh sé de, ‘Dá n-iarrfaí ort teacht thar n-ais go Maigh Nuad anois ag múineadh, an dtiocfá?’ Rinne sé a mhachnamh air agus ar an mbealach abhaile dúirt sé go dtiocfadh. Agus is mar sin a tharla, timpeall deich mbliana tar éis do Mhaigh Nuad é a chur ó dhoras, gur tháinig sreangscéal uathu, ‘Veni statim, classes te expectant’ [Tar gan mhoill. Tá ranganna ag feitheamh leat].

Ceapadh ina léachtóir le Sean- agus Meán-Ghaeilge agus Breatnais é in 1959, ina Ollamh sna hábhair sin in 1961 agus an bhliain dár gcionn, anuas ar an méid sin, ina Ollamh le Nua-Ghaeilge. Mar seo a scríobh Pádraig Ó Héalaí in Feasta i Meán Fómhair 2016:

Bhí ardéirim aigne ag Pádraig agus dá chomhartha sin léirigh sé cumas acadúil den scoth ina chúrsaí léinn…. Bhí sé suite de gur obair aspalachta ag sagart Éireannach á saothrú an léinn dúchais agus bhí lé nádúrtha aige féin le scoláireacht. Ba shásamh dá intleacht aibidh, dá ghrá teasaí ar a oidhreacht chultúrtha agus dá chlaonta aeistéitiúla é plé le teanga agus saíocht na Gaeilge.

Nuair ab éigean dó dul ar scor in 1992 bhí drogall air an coláiste a fhágáil ach, den dara huair ina shaol, diúltaíodh d’iarratas uaidh fanacht i Maigh Nuad. Ghlac sé ansin le cúrsaí mar ní raibh fonn air fanacht in áit a mbeadh doicheall ann roimhe. Ábhar díomá dó a laghad aitheantais a tugadh i gcuraclam na cliarscoile don spioradáltacht dúchais, agus níorbh fhada ceaptha ina shagart paróiste sa Daingean é gur thapaigh sé an deis an ghné sin dár n-oidhreacht a chur chun cinn. Rud eisceachtúil ab ea é sagart a chur ar ais chuig a pharóiste dúchais, agus rinne sé rud eisceachtúil ann. In 1996 bhunaigh sé institiúid spioradálta agus léinn dúchais, An Díseart, ar Shráid na Faiche sa Daingean. Seo cuid dár scríobh Bríd Ní Mhóráin faoi:

Ba chosúil le tobar gan dísc a ghníomhartha gaisce tar éis filleadh do ar a fhód dúchais… Chuir sé anlann seoidh leis an mBriathar diamhar le searmanais a naomhaigh na sean láithreacha sacrálta, i dteannta pháirt an duine sa timpeallacht a cheiliúradh ar ócáidí mar Bheannú na mBád, Turas Thobar Mhichíl agus Turas Chaitlíona…. dea-sheirbhíseach a ghnóthaigh cúig thallann sa bhreis ar na cúig cinn a fágadh aige.

Ag breathnú siar dó in 2003, luaigh Pádraig Ó Fiannachta trí phríomhrud a raibh sé bródúil astu, an foclóir Sean-Ghaeilge, clárú na lámhscríbhinní i Maigh Nuad agus i leabharlanna na cléire, agus aistriú an Bhíobla ó na bunteangacha go Gaeilge. Ó 1960–74 a d’oibrigh sé ar an bhfoclóir i bpáirt le Máirín Uí Dhálaigh, agus in 1967 toghadh ina bhall d'Acadamh Ríoga na hÉireann é. In 1966 ceapadh ina rúnaí é ar an gcoiste a bhí le Tiomna Nua a sholáthar, agus cé nár theastaigh uaidh bheith ina eagarthóir ar an mBíobla iomlán, bhí gach leabhar foilsithe aige faoi 1978, agus nuair a bronnadh seic ar an gCairdinéal Tomás Ó Fiaich ar seisean le Pádraig, ‘Tóg agus déan.’

Ar na gradaim a bronnadh ar Phádraig Ó Fiannachta tá: Duais Dhubhghlas de hÍde don Litríocht (1969); Uachtarán an Oireachtais (1982); Uachtarán Dhámhscoil na Mumhan, Moinsíneoir ón Pápa Eoin Pól II (1998); Compánach d’Ord na gClann (2013); Duais Chultúrtha an Chumainn Staire Ghaeil-Mheiriceánaigh (2015).

Bhí spéis faoi leith aige an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na cléire, agus chuige sin ghlac sé air féin eagarthóireacht iris an chumainn, An Sagart, go leanúnach ar feadh leathchéad bliain ó 1964. Ba chuid d’obair an chumainn comórtas Ghlór na nGael a chur chun cinn agus chaith Pádraig dhá bhliain déag ag taisteal ó cheann ceann na tíre ag bualadh le coistí áitiúla, ag freastal ar imeachtaí agus i mbun moltóireachta.

An Sagart a d’fhoilsigh formhór na dteideal a raibh baint aige leo mar aistritheoir, mar eagarthóir nó mar scríbhneoir. I measc a chuid saothair, tá: An Bíobla Naofa (1981); Táin bó Cuailgne (1966); Lámhscríbhinní Gaeilge Choláiste Phádraig Má Nuad: Clár (1965-73); Sean-Ghaeilge gan dua (1974); Clár lámhscríbhinní Gaeilge: leabharlanna na cléire agus mionchnuasaigh (1978-80).

Foilsíodh féilscríbhinn faoin teideal Stair na Gaeilge: in ómós do Phádraig Ó Fiannachta in 1994. Tá agallamh ag Siobhán Ní Fhoghlú leis in Comhar, Bealtaine 1992, agus ag Aoife Ní Chonchúir leis ar Beo!, Aibreán 2003. Tá cuntais iarbháis ar Tuairisc.ie, 15 Iúil 2016, The Irish Times, 13 Lúnasa 2016, eagarfhocal ar Comhar, Iúil 2016, ‘An Moinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta ar shlí na fírinne’ le Pádraig Ó Héalaí ar Feasta, Meán Fómhair 2016, ‘Beannacht Dé ar a anam dílis,’ ag Bríd Ní Mhóráin, file, ar shuíomh an Dísirt, agus ‘Faghairt na Cruaiche, cuntas ar shaol agus ar shaothar Phádraig Uí Fhiannachta,’ ag Kevin Hickey ar Comhar, Meitheamh 2017. Sa Díseart a bhí Léachtaí Cholm Cille na bliana 2017 agus gnéithe de shaol agus de shaothar an Fhiannachtaigh mar théama ag na léachtaí. Ar lá a bháis bhí aitheasc cuimsitheach ar an gclár An saol ó dheas ar Raidió na Gaeltachta ón gcraoltóir Mícheál Ó Sé. Seo blaiseadh de:

Ollamh oilte, léannta ba ea é go mbíodh deismireachtaí gleoite de shíor ag sileadh leis. Raiste de sheoda saibhre luachmhara glan aníos as a bholg, gach alt, gach abairt, gach focal, gach siolla ag sárú ar a chéile le gontacht agus cóngar cainte. Bhí saíocht, saibhreas is saoithiúlacht ár muintire go léir istigh sa bhfathach seo. Níor chuala cluas, ní fhaca súil, ná níor smaoinigh croí an duine ar iomadúlacht na litríochta, an bhéaloidis, agus an tseanchais a bhí neadaithe agus mogallaithe istigh i scioból a intinne. Bhí a phota stóir ag cur thar maoil leis an gcnuasach ba bhreátha agus ba thaibhsí ar thalamh ár dtíre, mar go raibh an sniogadh ar fad déanta as ár lámhscríbhinní seanda agus deoch tobair ólta aige ónár gcultúr ársa cianaosta. Lena chois sin, bhí a chruth agus a mhúnla agus a shaoirseacht féin déanta aige ar an gcúram ar fad. É curtha in oiriúint do ghlúin na linne seo agus do na glúnta atá fós le teacht… Níl ráithe, ná mí, ná seachtain fiú amháin, sa bhliain ná go dtagadh saothar léannta éigin óna ríomhaire binnchlingeach. Díreach chomh nádúrtha neafaiseach is a bhíonn piscíní ag an gcat, ál banbhaí ag cráin mhuice, mionnáin ag gabhair, sicíní ag cearca nó putacháin ag na coiníní, bhí an Moinsíneoir ní ba thorthúla ná iad go léir le chéile. Bhuafadh sé duit fiú ar obair na mbeach féin… Fathach léinn ba ea é i measc na ngaiscíoch mór.

Ar an 15 Iúil 2016 in Ospidéal an Daingin a bhásaigh Pádraig Ó Fiannachta. Cailleadh a dheirfiúracha Eibhlín agus Máire agus a dheartháireacha Eoghan, Séamus, Seán, agus Mícheál roimhe. Deartháir amháin, Muiris, a mhair ina dhiaidh. Iníon deirféar leis í an file Nuala Ní Dhomhnaill.

Éilis Ní Anluain

Leabhair

Ailt

  • Hickey, K. ‘Faghairt na Cruaiche, cuntas ar shaol agus ar shaothar Phádraig Uí Fhiannachta,’ Comhar, Meitheamh, 2017.
  • Ó Héalaí, P. (2016) ‘An Moinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta ar shlí na fírinne’ Feasta, Meán Fómhair, 2016. Ar fáil ag: http://www.feasta.ie/2016/meanf/alt5.html [Faighte 9 Samhain 2018].
  • Ó Héalaí, P. (1994) ‘Fear an Leabhair: Pádraig Ó Fiannachta’ in Breatnach, L. et al. [eagí] Stair na Gaeilge: in ómós do Phádraig Ó Fiannachta. Maigh Nuad: Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste Phádraig, 1-21.
  • ‘Pádraig Ó Fiannachta, duine de mhórscoláirí na hÉireann, imithe ar shlí na fírinne’, Tuairisc.ie, 15 Iúil 2016. Ar fáil ag: https://tuairisc.ie/padraig-o-fiannachta-duine-de-mhorscolairi-na-heireann-imithe-ar-shli-na-firinne/ [Faighte 9 Samhain 2018].
  • ‘Msgr Patrick Fenton (Pádraig Ó Fiannachta): Scholar, linguist and poet’, The Irish Times, 13 Lúnasa 2016. Ar fáil ag: https://www.irishtimes.com/life-and-style/people/msgr-patrick-fenton-p%C3%A1draig-%C3%B3-fiannachta-scholar-linguist-and-poet-1.2748206 [Faighte 9 Samhain 2018].

Suíomhanna gréasáin

  • Ní Chonchúir, A. Agallamh le Pádraig Ó Fiannachta. Beo! Aibreán, 2003. Ar fáil ag http://www.beo.ie/alt-padraig-o-fiannachta.aspx [Faighte 9 Samhain 2018].
  • Ní Mhóráin, B. Scéala ón Díseart - 15/07/2016 - Pádraig Ó Fiannachta (27/02/1927-15/07/2016). Ar fáil ag: http://www.diseart.ie/scealaOnDiseart.html [Faighte 9 Samhain 2018].

Cláir raidió

  • An Saol ó Dheas, 15 Iúil 2016 ar fáil ag: https://www.rte.ie/rnag/an-saol-o-dheas/programmes/2016/0715/802648-an-saol-dheas-aoine-15-iil-2016/ [Faighte 9 Samhain 2018].