Rugadh John Heely ar an 26 Meán Fómhair 1759 i bparóiste na Mainistreach Móire, Tulaigh Álainn, láimh le Droichead Átha. Oirníodh ina shagart in 1784 é agus chuaigh sé amach go Coláiste Antuairp sa Bheilg an bhliain chéanna, áit a raibh sé ina mhac léinn go dtí 1789 nuair a d’fhill sé ar pharóiste Dhún Léire mar shagart cúnta. Tá sé luaite mar fhinné ag pósadh sa pharóiste sin in 1784 agus arís in 1789. Ceapadh ina shagart paróiste é in 1797, mar chomharba ar an Dr John Wall nuair a fuair seisean bás i mí Aibreáin na bliana sin. D’fhan sé mar shagart paróiste i nDún Léire go dtí 1822 nuair a aistríodh go paróiste é. Tugtar le fios i gcomhfhreagras dar dáta 4 Eanáir 1819 go ndearnadh canónach i gcaibidil Ard Mhacha de. Fuair sé bás ar an 13 Nollaig 1831 i bparóiste agus tá sé curtha i reilig Dhroim Ing i nDún Léire. D’fhág sé cnuasach tábhachtach seanmóirí Gaeilge ina dhiaidh, mar atá, an lámhscríbhinn MF4 atá ar coimeád anois i Leabharlann an Ruiséalaigh i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad.

Is léir ó fhianaise MF4 agus ón obair a rinne sé maidir le daoine a chlárú sa scaball gach bliain gur shagart díograiseach dícheallach é John Heely a raibh leas a phobail go mór ar a umhail. Tá cur síos cuimsitheach ar MF4 in Lámhscríbhinní Gaeilge Choláiste Phádraig Má Nuad: Clár Fascúl VI (Ó Fiannachta, 1969: 110–117). Is é atá ann 36 seanmóir i nGaeilge i lámh an Athar Heely féin chomh maith le clár ábhair i mBéarla ina rianaítear 35 seanmóir acu, iad ar fad seachas an ceann deireanach, agus a thugann uimhir an leathanaigh sa lámhscríbhinn ar a dtosaíonn siad. Tá seanmóir neamhchríochnaithe i lámh anaithnid ag tús na lámhscríbhinne agus píosaí eile a bhaineann le cúrsaí leighis go príomha i lámh John Heely féin ag an deireadh. Tá dátaí i gcorp agus i ndeireadh seanmóirí thall is abhus i bpeannaireacht Heely idir 1 Eanáir 1796 ar leathanach 176 (agus tá ocht seanmóir leis roimhe sin) agus 30 Samhain 1816 ar leathanach 313 (agus tá seanmóir amháin eile leis ina dhiaidh sin). Tá pictiúr deas de pheannaireacht Heely sa chéad leathanach den lámhscríbhinn ag Pádraig Ó Fiannachta (1995).

Tá seanmóirí ag Heely ar chuid de Dhomhnaí na bliana, ar na haitheanta, ar Ifreann, ar an bpeaca, ar Naomh Pádraig, ar Dheastógáil na Maighdine Muire, ar an bpósadh, ar an meisce, agus ar thrócaire Dé i measc cúrsaí eile a shíolraíonn ón traidisiún Eorpach iar-Thriontach.

Dála gach seanmóirí roimhe agus ina dhiaidh, bhain Heely úsáid rialta as cibé ábhar a bhí ar fáil aige. In áiteanna luann Heely na foinsí bunaidh a bhí aige. Níl ach aon fhoinse amháin Gaeilge luaite aige: caibidil as Tóruigheachd na bhfíréun (Leabh.1: 23) nó ‘A specimen of the Irish translation of Thomas à Kempis’ mar a scríobhann Heely féin. Is foinsí Béarla ar fad atá luaite aige seachas sin. Ní luann sé Sixteen Irish sermons in an easy and familiar stile le James Gallagher ach is léir go raibh seanmóirí Uí Ghallchóir roimhe agus é i mbun oibre agus gur tharraing sé orthu go tréan. Mar atá ráite, ní cuspóirí liteartha a bhí ag Heely agus, mar sin, ní bradaíl liteartha a bhí ar intinn aige. Is dócha gur ghlac Heely le saothar Uí Ghallchóir sa spiorad céanna inar fhoilsigh an Gallchórach féin é – ‘Take, then, cheerfully, beloved fellow-labourer, this small mess of which I make you a gift ...’ – agus gur réitigh sé na seanmóirí i dteanga a thuigfeadh pobal Dhún Léire go réidh.

Gnás thar a bheith neamhchoiteann gnáthchaint laethúil a úsáid i saothar cráifeach de shórt ar bith. Réimse sochtheangeolaíochta ar leith atá i gceist agus is cinnte go mbeadh coinbhinsiúin nach mbaineann le gnáthurlabhra ag baint leis. Ina dhiaidh sin is uile, áfach, tá gné lárnach fheidhmiúil, theagascach ag baint leis an tseanmóireacht a fhágann nach mbainfí úsáid as téarmaíocht, as comhréir ná as aon rud a bheadh aduain ag an bpobal. Is lena léamh os ard ón gcrannóg a scríobhadh na seanmóirí seo. Tá na seanmóirí ar fad i nGaeilge ach is córas ortagrafaíochta bunaithe go garbh ar an mBéarla a bhí ag Heely agus fágann sin go bhfuil foinse an-luachmhar ar fáil againn in MF4 ar chanúint Ghaeilge Cho. Lú ag deireadh an ochtú haois déag ach a bheith an-chúramach ag baint tátal as.

Agus é ag cur síos ar an mbéadán, scríobh sé:

ni messa garg lasser hinnu don cil tan sterim geehi do ling no na tankaha miltaha sho do gorsín noar a humnir iad le cahi an divul (Ní measa garglasair thine don choill, teannstoirm gaoithe do long, ná na teangacha millteacha seo don gcomharsain nuair a thiomnaíthear iad le cathuithe an diabhail.)

A Carde ga meve a fortune sho nan dun buig yail ar a tangi ... (A chairde, dá mbeadh an fortún seo i ndán dúinn bua a fháil ar an teanga ...)

Agus é an trácht ar ifreann, scríobh sé:

ta tinni nadura an teal so, le cupmart agus lasu havurt yon dinna, ta tinni effrin le scuirsa cra agus gredu hort yon bacca gan crech gan derru. (Tá tine nádúrtha an tsaoil seo le compord agus lasadha thabhairt don duine. Tá tine ifrinn le sciúirse, crá agus greadadh a thabhairt don bpeacach gan críoch gan deireadh.)

Ar an bhfaoistin, scríobh sé:

Is fissa do ga hean an sa fobul so go wil amsir vanni na Advent a lav lin, se sin le ra go wil a Tiarna mac De trial hugun Ah an fissa dive go de an tavur a wil an dara parsa don Trinad neefa turlint o yes lav an ahir sheeri, se an tavur a Chr. cun go serav se cin a deena, cun go skrisav se an paccu, cun go guru se dibirt ar a Diavul agus ar a grivura. (Is fiosach do gach aon sa phobal seo go bhfuil aimsir beannaithe na hAidbhinte i lámh linn. Is é sin le rá go bhfuil an Tiarna, mac Dé, ag triall chugainn. Ach an fiosach daoibh cad é an t-ábhar a bhfuil an dara pearsa den Tríonóid naofa ag tuirlingt ó dheaslámh an Athar Shíoraí? Is é an t-ábhar, a Chríostaithe, chun go saoródh sé cine daonna, chun go scriosfadh sé an peaca, chun go gcuirfeadh sé díbirt ar an diabhal agus ar a ghníomhartha.)

agus:

ar a mo gena amur narsa tusa da facci go leir ni won tu mahunus, ni veen an da feesade ah feesada vogi, ni laneen shi hu ac bei shi na veon cun da yamnu ga sheeri. (Ar an modh gcéanna, ach mura n-ársaí tusa do pheacaí go léir ní bhfaigheann tú maithiúnas: ní bhíonn i d’fhaoistin ach faoistin mhagaidh; ní shlánaíonn sí thú ach beidh sí ina mheán chun do dhamnú go síoraí.)

Joe Ó Labhraí

Leabhair

Ailt

  • Faulkner, P. (1994) ‘The Clergy of the Parish of Dunleer’ Co. Louth Archaeological and Historical Journal, 23(2), 218-30.
  • Macauley, A. (1982) ‘The Appointments of Patrick Curtis and Thomas Kelly as Archbishop and Coadjutor Archbishop of Armagh’ Seanchas Ard Mhacha, 10(2), 331-65.
  • Ó Cuív, B. (1954) ‘Irish Translations of Thomas à Kempis’s De Imitatione Christi’ Celtica, 2(2), 252-74.
  • Ó Dúshláine, T. (1996) ‘Gealán Dúluachra: Seanmóireacht na Gaeilge c.1600 – c.1850’ Léachtaí Cholm Cille 26, 83-122.
  • Ó Fiannachta, P. (1974a) ‘Stíl na Seanmóireachta – Sampla’ in Ó Fiannachta, P. [eag.] Léas ar ár Litríocht. Má Nuad: An Sagart, 167-81.
  • Ó Fiannachta, P. (1983) ‘Seanmóireacht Ghaeilge 1700-1860’ Irisleabhar Mhá Nuad, 141-49.
  • Ó Fiannachta, P. (1995) ‘Lámhscríbhinní Gaeilge an Choláiste’ in Ó Síocháin, É. [eag.] Maigh Nuad: saothrú na Gaeilge 1795-1995. Maigh Nuad: An Sagart, 36-48.
  • Ó Muireadhaigh, L.P. [eag.] (1939) ‘Lá Fhéil’ Pádraig na bhFeart’ An tUltach, 16(3), Mí na Féil Pádraig, 5-6.
  • Ó Muireadhaigh, L.P. [eag.] (1939a) ‘Air Aiséirghe Chríosta’ An tUltach, 16(4), Cásg, 5.
  • Ó Muireadhaigh, L.P. [eag.] (1939b) ‘Linu Iad go Ler Les a Spirid Neev’ An tUltach, 16(6), Meitheamh, 6-8.
  • Ó Muireadhaigh, L.P. [eag.] (1939c) ‘An Stiovard Mí-Beasda’ An tUltach, 16(8), Meadhon Foghmhar, 6-8.
  • Ó Muireadhaigh, L.P. [eag.] (1940) ‘Seanmóirí an Athar Seán Ó hÉilighthe, S.P. Lann-Léire: V. An 23adh Domhnach i ndéidh na Cingcíse’ An tUltach, 17(10), Samhain, 1-3.
  • Ó Muireadhaigh, L.P. [eag.] (1941) ‘Seanmóirí an Athar Seán Ó hÉilighthe, S.P. Lann-Léire: VI. An Ceathramhadh Domhnach i ndéidh na Cingcíse’ An tUltach, 18(6), 1-3.

Eile

  • Hicks, J.F. (1947) ‘A transliteration, with commentary, of the sermons of Father John Healy of Dunleer.’ Tráchtas neamhfhoilsithe MA, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
  • Ó Labhraí, S. (1998) ‘Seanmóirí John Heely.’ Tráchtas neamhfhoilsithe DPhil, Ollscoil Uladh, Cúil Raithin.