MAC SÍTHIGH, Domhnall (1951–2017)
Le caoinchead ó Portráidí

Ar a bhealach féin bhí féith na taiscéalaíochta agus na heachtraíochta chomh domhain céanna i nDomhnall Mac Síthigh a saolaíodh i mBaile Eaglaise, Baile an Fheirtéaraigh, in Iarthar Duibhneach, ar an 21 Márta 1951 agus a bhí sé sa Chiarraíoch is mó luaite leo, Tom Crean as Gort an Chorráin, Abhainn an Scáil, a thaistil faoi thrí chuig an Antartach i dtús an chéid sin. Ar cheann de na difríochtaí is suntasaí faoina gcuid taistil, áfach, tá gur shantaigh Crean agus a chomrádaithe áiteanna a bhaint amach nár leag aon duine cos ann rompu fad agus gurbh é ba mhian le Mac Síthigh ceangal a dhéanamh leis an stair agus leis an gcultúr as ar sníodh é agus leis an spioradáltacht a bhí go domhain ina chroí.

Ní taobh le haon bhua amháin a bhí Domhnall: file, scríbhneoir, feirmeoir, múinteoir, iascaire, saor cloiche agus fear déanta naomhóg ab ea é freisin, agus ainneoin a chuid taistil ní raibh áit ab ansa leis ná a cheantar dúchais agus an fharraige atá ina thimpeall. Ba gheall le sruth dá chuid filíochta aon chur síos a dhéanadh sé ar chósta a cheantair dúchais mar is léir ó cheann den iliomad píosaí cainte a rinne sé le Helen Ní Shé ar an gclár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: ‘Is ceantar faoi leith é seo ina bhfuil oileáin, carraigreacha, stocáin, bulláin, fochaisí, clocha tráite, scairbheacha, rífeanna, faillteacha, cuasanna, cladacha, comaracha, tráite, roinnte, speireacha talún, bainc éisc, poill sliogéisc, góilíní, taoidí agus bealaí farraige.’

Ba as an mbaile inar saolaíodh é dá athair, Jeaic a’ tSíthigh, agus ba as Baile an Lochaigh i bParóiste Mórdhach a mháthair, Máire Ní Scannláin. Ba é Domhnall an ceathrú duine de sheisear clainne: Siobhán, Pat, John, Danny, Gearóid agus Áine. D’fhreastail sé ar an scoil náisiúnta i mBaile an Fheirtéaraigh agus tar éis dó roinnt blianta a chaitheamh i gColáiste Bhréanainn i gCill Airne ba i Scoil na mBráithre sa Daingean a chríochnaigh sé a chuid meánscolaíochta. Ba ansiúd a rinne sé scrúdú na hArdteistiméireachta. Ina dhiaidh sin chaith sé trí bliana i gColáiste Tráchtála Chorcaí, áit ar cháiligh sé mar mhúinteoir sna hábhair adhmadóireacht oideachasúil agus líníocht mheicniúil.

Fuair sé post i Scoil Oilibhéir Naofa i nDroichead Átha in 1973 agus trí bliana dár gcionn phós sé Máire Ní Ghráda as Baile Átha Cliath. Triúr clainne a bhí orthu: Cormac, Roisín agus Orla. Ba ghnách leis filleadh abhaile le linn saoire, agus in 1978 chaith sé an samhradh in Inis Mhic Aoibhleáin ag obair leo siúd a bhí ag tógáil tí do Chathal Ó hEochaidh. Faoi dheireadh bhí ceantar a dhúchais agus a shinsear chomh mór sin i gcroí Mhic Shíthigh gur éirigh sé as an múinteoireacht ar fad in 1981 agus d’fhill ar an bhfeirm bheag a bhí aige i mBaile Eaglaise. Bhí dúchas an iascaire freisin ann ó thaobh a mháthar ar bádh uncail léi i mbun na ceirde agus thosaigh Domhnall é féin ag iascach potaí – timpeall na mBlascaodaí den chuid ba mhó. Thugadh sé tamaill freisin ag obair le hOidhreacht Chorca Dhuibhne ag tabhairt léachtaí agus siúlóidí treoraithe do mhic léinn agus d’fhoghlaimeoirí Gaeilge.

Teach mór airneáin ab ea an ceann inar tógadh é agus thosaigh Mac Síthigh ag bailiú scéalta agus seanchais, é go mór faoi thionchar ag uncail dá chuid, Tomás, a raibh cónaí air i mBaile Átha Cliath. Orthu siúd ar bhailigh sé ábhar uathu bhí Pat Chanair Ó Conchúir as Baile Dháith mar aon le Seán agus Muiris Mhaidhc Leán Ó Guithín, beirt dhearthár as an mBlascaod a raibh seanchas mara go leor acu.

Bhí Domhnall fós ag teagasc i nDroichead Átha nuair a thug sé féin agus Ger Ó Cíobháin as na Gorta Dubha faoi thuras rámhaíochta timpeall na hÉireann i naomhóg in 1975, aistear 1,800 míle a thóg os cionn seacht seachtaine orthu. Ba le linn dó a bheith ag teagasc i nDroichead Átha a chas an mairnéalach Paddy Barry agus Domhnall ar a chéile. Bhí ‘bád mór’ de dhéanamh Chonamara aige siúd agus in 1986 bhí Mac Síthigh ar dhuine de chriú an St. Patrick nuair a thrasnaigh sí an tAtlantach agus an t-úinéir á gabháil. Bhain siad Martha’s Vineyard in Massachusetts amach sular sheoladar suas an Hudson mar chuid de chomóradh Lá na Saoirse ar an 4 Iúil. Rinne Domhnall agus Paddy turais seoltóireachta timpeall na hÉireann agus na hAlban freisin. Bhain siad Santander i dtuaisceart na Spáinne amach in 1981, agus in 2003 chuaigh siad chomh fada leis an Meánmhuir gur thugadar cuairt ar an ardeaglais in Otranto i ndeisceart na hIodáile mar a bhfuil Naomh Bréanainn i gcurach le feiceáil i mósáic urláir.

Sa bhliain 2011 bhí Danny freisin ar luamh de chuid Barry, Ar Seachrán, nuair a sheol an criú as an Daingean chun na hÍoslainne, aithris ar aistear a rinne Naomh Bréanainn agus manaigh Éireannacha eile dhá chéad déag bliain roimhe sin, de réir an tseanchais. Chuaigh Ar Seachrán agus a criú ar ancaire in áiteanna a raibh tagairt déanta dóibh sa litríocht. Mar ba ghnách leis choinnigh Mac Síthigh cuntas mion ar gach a bhfaca siad agus gach ar tharla dóibh i gcóipleabhar a bhí clúdaithe aige féin le craiceann gabhair agus ar nós leis é a bheith coinnithe tirim aige faoina chasóg lena choinneáil ón bhfliuchán. In 2014 thug sé féin, Anne Burke, Breandán Ó Beaglaoich agus an t-ealaíontóir Liam Holden faoi Thuras Cholm Cille. Rinne siad turas farraige os cionn 700 míle as Sligeach go hOileán Í, áit ar bhronn siad cóip den Bhíobla Naofa a d’aistrigh Pádraig Ó Fiannachta ar an mainistir ansiúd ar an 9 Meitheamh, Lá Fhéile Colm Cille.

Ba ar Abhainn na Life agus ó Gheata Shéamais a thug Domhnall Mac Síthigh agus a chriú faoin eachtra mhór dheireanach a rinne sé. Bhí Holden, a chomharsa agus a chomrádaí Ó Beaglaoich agus Breandán Pháid Ó Muircheartaigh leis ar an Naomh Gobnait (‘Naomhóg na Tinte’), a thóg sé féin agus Holden, nuair a thug siad faoi ‘Camino na Sáile’ chuig La Coruña ar dtús agus as sin go Santiago de Compostela na Spáinne, aistear ar chuireadar trí shamhradh i leataobh dó. Rámhaíocht trasna go cósta na Breataine Bige mar thús, as sin timpeall Chorn na Breataine, sall chun na Briotáine agus as sin ó dheas an cúrsa a bhí rompu agus áit an Mhuircheartaigh glactha ag an amhránaí Glen Hansard faoin am a tháinig an stráice deireanach in 2017. Tugadh an naomhóg go Santiago de Compostela áit ar iompraíodh trí na sráideanna í chuig doras na hardeaglaise. Rinne Dónal Ó Céilleachair taifeadadh ar an aistear agus taispeánadh sraith clár darbh teideal Camino an tsáile ar TG4 agus rinneadh scannán faisnéise ina thaobh freisin.

Ar thuras as La Coruña síos cósta na Portaingéile a thug criú an Naomh Gobnait in 2017 – Mac Síthigh, Ó Beaglaoich, Pádraig Ó Duinnín agus an ceoltóir Liam Ó Maonlaí ar bord an babhta seo – tá siad ann a déarfadh gurbh fhéidir go raibh Domhnall ag cuimhneamh ar eachtra eile a thabharfadh chomh fada le cósta na hAfraice iad i ndeireadh báire. Faraor, ar theorainn na Spáinne agus na Portaingéile, ag béal abhainn an Minho, Lá Fhéile Colm Cille 2017, d’iompaigh tonn an Naomh Gobnait béal fúithi agus, cé gur éirigh leis an gcriú greim a choinneáil uirthi gur scuabadh isteach ar thrá iad, bhásaigh Domhnall le hais an tsáile a raibh an oiread sin geana aige dó.

Ba í Máire Ní Chéilleachair, iriseoir de chuid Raidió na Gaeltachta, a spreag chun pinn ar dtús é de bharr bhreáthacht na bpíosaí a chraol sé agus ba mhór an cúnamh freisin dó cúrsa béaloidis a d’eagraigh Mícheál Ó Dúshláine. Bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Dioplóma sna Dána (Léann an Traidisiúin) le céadonóracha air in 2009. In 2004 a foilsíodh an chéad leabhar uaidh, Fan inti, faoi gheimhreadh a chaith sé ag tógáil naomhóige sa Grainstore i gCábán tSíle i mBaile Átha Cliath agus é ag cur oiliúna ar ghrúpa a bhí ag freastal ar an áis ealaíne don óige atá ansiúd. Tá seanchas agus scéalaíocht a dhúchais fite fuaite tríd. Allagar na gcloch (2006) an chéad leabhar eile a tháinig uaidh, dianmhachnamh ar bhalla cloiche ar Shliabh an Iolair i gCorca Dhuibhne a thug samhlaíocht an údair agus an ealaíontóra Dominique Lieb chun cinn, gach uile leathanach i nGaeilge agus i mBéarla. Leabhar dá chuid filíochta ba ea Súil seilge (2007) a raibh dlúthdhiosca leis inar léigh an t-údar a chuid ábhair le tionlacan ceoil ó Bhreandán Ó Beaglaoich agus ó Chaoimhín Ó Raghallaigh. Leis an turas chun na hÍoslainne a bhain Iomramh Bhréanainn MMXI (2013). Foilsíodh aistriúchán Béarla le Camilla Dinkel, In the wake of Saint Brendan (2017). Aistí a scríobh Domhnall don chlár raidió Living word (RTÉ) a bhí sa leabhair Sligiríní (2013) a ndearna Lieb an cló a chur suas de láimh air ar an tseanbhealach sa Daingean. Ba ar an gcuma chéanna a cuireadh an cló suas ar Sranntarnach a foilsíodh in 2016 agus a ndearna Domhnal Ó Bric na léaráidí atá ann. Foilsíodh tuilleadh dá chuid filíochta sna cnuasaigh Mil na ceardlainne (2008), Criathar meala (2009) agus Mil ina slaoda (2011) a raibh Pádraig Ó Fiannachta mar eagarthóir orthu. Tá ailt aige leis sna hirisí Ceiliúradh an Bhlascaoid (uimhreacha 7, 2004; 16, 2014; agus 21, 2017)) agus Léachtaí Cholm Cille (XLVII agus XLVIII). Foilsíodh a thuilleadh alt dá chuid san iris Feasta.

Tá Domhnall Mac Síthigh curtha i dtuama na Sítheach sa seanteampall i nDún Urlann.

Mártan Ó Ciardha