Ó CORRÁIN, Donnchadh (1942–2017)

Ollamh le Stair na Meánaoiseanna i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ab ea Donnchadh Ó Corráin, mórscoláire a raibh aithne idirnáisiúnta air mar shaineolaí ar stair na hÉireann sna luath-mheánaoiseanna, ar dhlí, ginealaigh, croinicí agus lámhscríbhinní bíobalta, agus na teangacha ar fad ar a thoil aige a bhí riachtanach le staidéar a dhéanamh ar stair ár n-oileánrach. Léachtóir ardéirimiúil géarintinneach spreagúil ab ea é a rinne athléamh radacach ar leasú na heaglaise in Éirinn sa dara haois déag. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar mhic léinn agus bhí an-tóir air mar phríomhchainteoir ag comhdhálacha idirnáisiúnta, agus ag Scoil Merriman agus Scoil Dlí na Boirne.

I nGraighin, Cill Orglan, Co. Chiarraí, a saolaíodh Donnchadh Ó Corráin ar an 28 Feabhra 1942, an chéad duine de naonúr clainne ag Tadhg Curran, feirmeoir, agus Mary Clifford, banaltra. Humphrey, Patrick, Teddy, Séamus, Thomas, John na deartháireacha, agus Noreen agus Paschaline na deirfiúracha a bhí aige. D’fhreastail sé ar Scoil Naisiúnta Chill Orglan, agus ina dhiaidh sin ar Choláiste Bhréanainn, Cill Airne, mar ar bhain aiste leis Gradam Inniu. Ar coláiste bhí sé ar fhoireann díospóireachta a bhuaigh comórtas an Irish Times. Chaith sé dhá bhliain i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, mar a raibh Pádraig Ó Fiannachta agus Tomás Ó Fiaich ar na léachtóirí a bhí aige, sa tSean-Ghaeilge agus sa stair. D’aistrigh sé go Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, ina dhiaidh sin. Sa bhliain 1964 bhain sé céim le céadonóracha sa Ghaeilge agus sa stair, agus in 1967 nuair a fuair sé máistreacht i stair na hÉireann sna luath-mheánaoiseanna, le céadonóracha, mhol R. A. Breatnach do D. A. Binchy go bhfaigheadh sé scoláireacht i Scoil na Ceiltise, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. In aiste a scríobh sé in 1962 ar Naomh Pádraig, thaobhaigh sé leis an Ollamh Binchy, agus ba é tuairim Dhonnchadha nach raibh na hÍosánaigh sásta leis agus, cé nach bhféadfaidís céadonóracha a dhiúltú dó sa chéim, gur diúltaíodh an scoláireacht taistil dó. Tar éis seal a chaitheamh ina léachtóir sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (1969–72), d’fhill sé ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus is ann a chaith sé formhór a shaol acadúil ina dhiaidh sin. Mar chuid den scrúdú a bhíodh le déanamh ag gach ábhar léachtóra bhí sliocht le aistriú ó Bhéarla go Gaeilge. Nuair a bhí sé aistrithe go Nua-Ghaeilge ag Donnchadh, rinne sé an athuair é sa Ghaeilge Chlasaiceach agus ansin sa Mheán-Ghaeilge.

Chaith Donnchadh cúpla tréimhse thar lear: ina léachtóir ar cuairt i stair na meánaoiseanna in Cambridge in 1977 agus ina ollamh le Ceiltis ar cuairt in Ollscoil Pennsylvania 1978–9 nuair a ceapadh é ina ollamh comhlach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Fiche bliain a bhí sé sa phost sin agus i rith an ama sin toghadh é ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann (1982), bhí sé ar an gcéad Léachtóir Carroll in Ollscoil Oxford (1990), agus bhronn Ollscoil na hÉireann D.Litt. air (1990). Bhí sé ina chomhalta taighde sinsearach i gColáiste Balliol, Oxford ó 1993–4, agus ina Léachtóir O’Donnell san ollscoil chéanna ó 1996–7. Sa bhliain 1999 toghadh é ina Ollamh le Stair na Meánaoiseanna i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus is ann a bhí sé go ndeachaigh sé ar scor in 2007.

In 1982 bhunaigh Donnchadh Acadamh Meánaoiseanna na hÉireann agus iris ceangailte leis, Peritia, arbh é a bhí ina eagarthóir ar gach eagrán de go dtí 2017. I Meiriceá bhí sé cairdiúil leis an taidhleoir Michael Lillis, a chuir in aithne é do Tom Gallagher a gheall $5,000 dó don togra seo ón Ireland Fund, a bhronn sé air agus é ar cuairt go Corcaigh. Cuireadh fáilte san iris roimh réimse leathan ábhar, ailt idirdhisciplíneacha ina measc, nach bhfoilseofaí go héasca in irisí eile. Bhunaigh sé freisin an tionscnamh Curia, a bhfuil CELT mar ainm anois air (Corpus Téacsanna Leictreonacha), ina bhfuil 6.5 milliún focal de théacsanna staire agus litríochta, i nGaeilge, Laidin, Meán-Fhraincis agus Béarla. Tá sé códaithe in HTML agus SGML (https://celt.ucc.ie//) agus tá fáil air mar fhoinse do mhúinteoirí agus do thaighdeoirí araon. Chomh maith leis sin, bhunaigh sé agus stiúir sé Tionscnamh Ilthéacsach Chorcaí, le téacsleabhair nua agus suíomh idirlín faoi leith a chur ar fáil do riachtanais shiollabais nua na hArdteistiméireachta sa stair.

Ar na saothair leis tá: Ireland before the Normans (le Margaret MacCurtain, 1972), Women in Irish history: the historic dimension (1978); Celtic Ireland (1981); Irish names (le Fidelma Maguire, 1981 & 1990); Irish antiquity: essays and studies presented to M. J. O’Kelly (eag., 1981 & 1994); Sages, saints and storytellers: Celtic studies in honour of James Carney (eag., 1989); James Hogan (1898–1963): revolutionary, historian and political scientist (2000); Gaelic Ireland: four studies by James Hogan (2000); The Viking age: Ireland and the west: Proceedings of the XVth Viking Congress (eag. le John Sheehan agus Patrick Wallace, 2005); Medieval Irish Books (2009), monagraf 650 leathanach ar lámhscríbhinní na hÉireann agus téacsanna i Laidin, Gaeilge, Fraincis Angla-Normannach agus Béarla ón seú go dtí an séú céad déag; Ireland 1870–1914: coercion and conciliation (eag. le Tomás Ó Ríordáin, 2011); The Irish church: its reform and the English invasion (2017); agus, ráithe roimh bhás dó, Clavis Litterarum Hibernensium (2017) i dtrí imleabhar le breis agus dhá mhíle leathanach), ina bhfuil cur síos ar na lámhscríbhinní agus téacsanna Éireannacha ar fad ó 400–1600, a bhfuil tábhacht leo, idir Ghaeilge, Laidin, Bhéarla agus Fhraincis. In agallamh le Seán Duffy go gairid roimh bhás dó, a foilsíodh in eagrán Eanáir–Feabhra 2018 de History Ireland, deir Donnchadh gurb é a thug sé leis óna chuid oibre ar an Clavis, a líonmhaire atá an t-ábhar i Laidin a scríobhadh in Éirinn, gur líonmhaire fós an t-abhar i nGaeilge, agus gur lú i bhfad a bhí ar siúl sa Fhrainc, sa Ghearmáin agus san Iodáil roimh an bhliain 1000. Ag labhairt dó faoin ollsaothar seo, dúirt a mhac Tiarnán gur foinse d’Éirinn é, leabhar a shaoil, summa cuí a tugadh chun críche sna laethanta dorcha nuair a bhí sé go dona tinn.

Chomh maith leis na leabhair, scríobh Donnchadh nach mór 180 páipéar léannta mar aon le hailt ar ghnéithe de nuastair na hÉireann: Dubhghlas de hÍde, Dónall Ó Conaill, William Butler Yeats, Paul Cullen, Charles Stewart Parnell, spré agus pósadh, meath eacnamaíochta, laissez-faire, náisiúntacht agus náisiúnachas, córas na dtiarnaí talún, Acht an Aontais, na hAngla-Éireannaigh, an Gorta. Liosta le háireamh na páipéir acadúla a luaitear san fhéilscríbhinn a cuireadh amach in 2015. Bhí tionchar nach beag ag mórán acu.

Sa bhliain 1972 phós Donnchadh Fidelma Maguire. Comhúdar ab ea Fidelma leis ar leabhar ar shanasaíocht ainmneacha na nGael, Irish names (1981 & 1990), agus ba í a chéadléigh profaí gach ar scríobh sé. Bhí ceathrar clainne orthu, Tiarnán, Saorla, Gormlaith agus Aengus agus is i mBaile an Easpaig, Co. Chorcaí, a bhíodar ina gcónaí. Dlúthchuid dá shaol ab ea an Ghaeilge agus an bhí an-aithne air i gCorca Dhuibhne. Bhásaigh Donnchadh Ó Corráin ar an 25 Deireadh Fómhair 2017.

Foilsíodh féilscríbhinn, Clerics, kings and vikings: essays on Medieval Ireland in honour of Donnchadh Ó Corráin, ina onóir in 2015 (eag. Emer Purcell, Paul Mac Cotter, Julianne Nyhan, John Sheehan); tá cuntais iarbháis ar Tuairisc.ie, 25 Deireadh Fómhair 2017, ‘Fathach de chuid léann na hÉireann ar lár agus Donnchadh Ó Corráin ar shlí na fírinne’; ar an Irish Examiner 27 Deireadh Fómhair 2017, ‘Tributes to late historian Donnchadh Ó Corráin’; ar an Irish Times, 30 Samhain 2017, ‘Historian produced a biliographic monument to his patriotism’; ar Peritia 28 (2017), ‘Peritus’ le David Howlett, Ollscoil Oxford.

Éilis Ní Anluain

Agallaimh

Ailt

  • Howlett, D. (2017) ‘In Memoriam Donnchadh Ó Corráin († Oct. 2017) Peritus’ Peritia 28, 7-11.