PAODHAR, Muiris (1791–1877)

Tá cuntas air ag Breandán Ó Madagáin ina eagrán de Teagasc ar an Sean-Tiomna, 1974. I dTulaigh Naosca in aice le Ros Ó gCairbre, Co. Chorcaí, a rugadh é. Bhí cáil an rachmais ar na Paoraigh seo agus ba de mhuintir Wiseman, Protastúnaigh i nDroichead na Bandan, a mháthair. Bhí deirfiúr amháin aige agus seisear deartháireacha, ar shagairt beirt díobh. I bPáras a oirníodh é agus chaith sé tamaill ar an gCóbh, i mBaile Cloch agus i nDroichead na Scuab sular ceapadh ina mhineastrálaí é ar an Sciobairín in 1833. Chaith sé tamall ina dhiaidh sin i nDroichead na Scuab arís, mar shagart cúnta ar dtús faoin sagart cáiliúil Peadar Ó Néill agus ó 1835 go ceann ceithre mbliana ina shagart paróiste. Ó 1839 go 1876 bhí paróiste Chill Ia aige. Thóg sé séipéil i mBaile Mhac Óda agus i gCill Ia agus thug dhá thuras ar Mheiriceá chun airgead a bhailiú. An tábhacht a bhaineann leis inniu a mhéid a d’fhág sé ina dhiaidh de litríocht chráifeach, agus an pictiúr atá inti de Ghaeilge Chorcaí lena linn: ‘Maireann sraith seanmóirí leis a scríobh sé 1832-36 agus a chóip féin, 467 leathanach lámhscríofa d’aithisc leanúnacha ar stair an Bhíobla’ an cur síos a dhéanann Pádraig Ó Fiannachta ar thoirt na tiomnachta sin in Léachtaí Cholm Cille 1972: Litríocht an 19ú hAois, 1972. Bhí cáil air mar sheanmóirí. Deir Ó Madagáin gur saothar bunúil atá in Teagasc ar an Sean-Tiomna agus go bhfuil sin le haithint ar chaint shimplí nádúrtha an téacs. Chuir Risteárd Ó Foghludha eagar ar sheanmóirí eile dá chuid, arb aistriúcháin ón bhFraincis iad, in Irish Ecclesiastical Record i 1944-5. D’éag sé in Eochaill ar 26 Iúil 1877.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú