Tugann James Coombes cuntas ar an sagart seo in Seanchas Chairbre 1, 1987. Ba iad Maurice Power agus Honoria O’Sullivan a thuismitheoirí agus ba uncail le Muiris Paodhar é. Fuair sé oiliúint sagairt i gColáiste na nGael i bPáras. Is dóigh gur chaith sé tamall ar Inis Arcáin agus i gCléire agus ansin i Ros Ó gCairbre sula bhfuair sé paróiste na Léime i dtús an chéid. Ar feadh a shaoil bhí meas naoimh air. Síleadh go raibh bua aige daoine a leigheas. ‘No other man or woman in modern times could ever contest his place in the hearts and minds of the people of West Cork. To describe him as being more of a legend than a man is not to diminish his status’ (Coombes). Nuair a cailleadh é 21 Lúnasa 1831 cuireadh sochraid ollmhór air. Tá sé curtha i Ros Ó gCairbre. Deirtear gur shocraigh an Tiarna Rosscarbery, a bhí thall i Londain ag an am, go mbeadh cling na marbh le clos ina onóir i séipéil i Londain. Cuireadh tús láithreach, an oíche tar éis a churtha, le turais chuig a thuama. Chuir an eaglais bac orthu. Deir nóta in Cork Constitution 17 Lúnasa 1837 go mbíodh amhráin á rá ar feadh na hoíche ann: ‘Many of those not very moral and, what is worse, many of them are sung by the women. The place is the resort of all the idlers and blackguards in the neighbourhood.’ Mhaíodh Diarmuid Ó Donnabháin Rosa gur fhreastail sé ar a shochraid agus é fós i mbroinn a mháthar, agus thug cur síos ar thuras a thug sé ar an uaigh agus é ina fhear óg.

Chum Micheál Chormaic Ó Súileabháin ‘Tuireamh an Phaoraigh’ ina onóir agus deir Coombes gur chum Conchúir Ó Dálaigh, Donnchadh Ó Súilleabháin, Donnchadh Ó Seachnasaigh agus Pól Ó hAnnagáin caointe agus gur chum Denny O’Sullivan ceann i mBéarla freisin. Bhí an ‘Tuireamh’ i mbéal na ndaoine (‘part of the stock-in-trade of every seanchaí in West Carbery’). D’aistrigh an tAthair Muiris go Béarla é.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú