Rugadh é ar 18 Feabhra 1866 i gCléire. Ba é an duine clainne ba shine é ag Peadar Ó Síocháin agus Cáit Ní Dhrisceoil. Ba é an naoú glún san oileán é. Ní raibh ach Gaeilge sa teach ach Béarla ar fad a bhí sa scoil ach amháin le linn an teagaisc Chríostaí agus nuair a bhriseadh ar an bhfoighne ag an máistir leo. Le hiascaireacht agus feirmeoireacht a chaith sé a shaol. Ceardaí maith a bhí ann freisin agus tá cathaoir uilleann shúgáin dá dhéantús in Ard-Mhúsaem na hÉireann. Níor phós sé riamh. Bhí seanchas an Oileáin aige chomh maith le saibhreas teanga. Thóg Ciarán agus Micheál Ó Síocháin, fir ghaoil leis, ábhar síos uaidh agus chuir an tAthair Donnchadh Ó Floinn eagar air. Tá ann (Seanchas Chléire) cuntas ar a mhuintir, ar laetha a óige, ar iascach agus bádóireacht agus smuigléireacht, ar Chonradh na Talún, chomh maith le dinnseanchas Chléire. D’éag sé ar 3 Feabhra 1941. D’aistrigh Riobard Breathnach a leabhar go Béarla faoin teideal The Man from Cape Clear i 1975.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú