Ba iníon í le Tomás Ó Síocháin, táilliúir, agus a bhean Máire Ní Shíocháin agus is i gCathair Saidhbhín, Co. Chiarraí, a rugadh í ar 1 Aibreán 1886. In An tÉireannach, 1,8,15 Lúnasa 1936 scríobh an Seabhac: ‘Ba Ghaeilgeoir dúchais í d’anneoin gur le Béarla a tógadh gach duine dá comhaois sa bhaile chéanna’. I Sráid Nua Thiar, Cathair Saidhbhín, a bhí cónaí orthu nuair a bhí Daonáireamh 1901 agus 1911 á ndéanamh. I 1901, ba í ‘Marion’ (15), Máire gan amhras, an duine ba shine den seachtar clainne a bhí sa teach. Cuireadh síos go raibh Gaeilge ag gach duine díobh. Trí dhuine dhéag ar fad a rugadh don táilliúir seo idir 1886 agus 1911. Bhí d’ádh ar Mháire bheith ar scoil ag an tSiúr Máire Treasa i gClochar na Trócaire sa bhaile, bean rialta a thug a dúthracht ar fad don Ghaeilge. Bhí baint ag Máire le Craobh Uíbh Ráthachden Chonradh agus le Feis Uíbh Ráthach. Is ar an gcuma sin a d’éirigh sí cairdiúil le Tomás Mac Donncha Ó Mathúna. Is cosúil go raibh post múinteora aici i gCathair Saidhbhín. Phós sí an Mathúnach ar 23 Eanáir 1908 agus chuaigh chun cónaithe ag 47 Bóthar Lindsay, Glas Naíon, Baile Átha Cliath. Is cosúil go raibh sí fiche bliain níos óige ná é. Deir Nóra Ní Shúilleabháin in Iris Muintir Mhathghamhna: The O’Mahony Journal, samhradh 1979: ‘The marriage was not finally a success. He inherited property from an aunt in Killarney and left Castlequin to his wife.... She had dark hair and flashing black eyes and was a good actress. Castlequin was neglected, sold to a local business man in Caherciveen, and by degrees fell into ruin’. Is i ndiaidh 1915 a scar siad. Ní raibh aon chlann acu.

Bhí taithí aici ar chúrsaí stáitse i gCathair Saidhbhín. Dúirt an Seabhac faoin gCraobh a bhí ansin: ‘Do sháraíodar craobhacha Átha Cliath is na hÉireann uile ag an Oireachtas sa bhliain 1906 agus 1907. Bhí Máire ar an gcuid ab fhearr is dob oilte den dream bríomhar buadhach aerach san. Chuir sí suim go luath sa drámaíocht. Dhéanadh Craobh Uíbh Ráthach a lán de agus bhíodh Máire Ní Shíocháin i bpríomhpháirt i gcónaí.... Nuair a phós Máire is tháinig sí go Baile Átha Cliath is amhlaidh a thug san caoi agus fairsinge dá tréithe—tréith an oibrí dhúthrachtaigh, tréith an rímhúinteora, tréith an bhanaisteora foirbhoilte’. Bhuaigh sí duais Oireachtais i 1909 leis an scéal ‘An Cara Fealltach’ agus bhí sé i gcló in Weekly Freeman 11 Nollaig 1909. Faoin ainm Mrs McDonough Mahoney a scríobh sí é (Prose Literature of the Gaelic Revival: Ideology and Innovation, 1994 le Philip O'Leary).

Bhí ainm Mháire in airde mar aisteoir ag Oireachtas 1911. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 25 Márta 1916 go raibh an príomhról aici in Oidhreacht, aistriúchán a rinne sí ar an dráma Birthright le T.C. Murray. Foilsíodh an t-aistriúchán sin i 1931. B’fhéidir gur aistrigh sí drámaí eile mar tagraíonn Máire Nic Shiubhlaigh in The Splendid Years do ‘some fine Irish translations by Mrs McDonogh O’Mahony’. Bhí baint aici leis an gcompántas, Na hAisteoirí, ó 1916, nuair a bhí sí ina rúnaí acu, anuas go 1925. Chuaigh sí isteach sa Chomhar Drámaíochta agus tagraíonn Micheál Mac Liammóir in All for Hecuba do na ‘faithful ones, Gearóid Ó Lochlainn, Máire Ní Oisín, Máire Ní Shíocháin...’. Dúirt an Seabhac faoin tréimhse sin: ‘Ó atosnú oibre na nAisteoirí faoi sciathán an Chomhair Drámaíochta ... thug Máire a dícheall uile d’obair na ndrámaí Gaeilge. Chuir sí comaoin ar an obair. Ghlac sí ina obair dáiríre é agus chuir sí roimpi an tréith chun slachtmhaire a bhí inti a shaothrú agus a chur i bhfeidhm ar an aisteoireacht Ghaeilge’. Mhúineadh sí an teanga i gColáiste Laighean agus i gColáiste Chonnacht.

D’éag sí ar 21 Iúil 1936 ina teach 18 Bóthar Lea, Dumhach Thrá, Baile Átha Cliath. Cuireadh í i Reilig Fhionnbharra, Corcaigh. Is inspéise gur éirigh léi a hainm féin a choimeád ón gcéad lá. Is inspéise freisin i gcás na beirte mar a seachnaíodh a bpósadh a lua fiú sna tuairiscí báis, cés moite den fhógra báis i mBéarla.

Bhí litir ón bhfear mór amharclainne Joseph Holloway in Scéala Éireann 30 Iúil 1936 faoin gcinnteideal ‘A Gaelic actress of genius’: ‘She was one of the founders of the Gaelic Players.... She was the one Gaelic actress that ever showed the least genius for acting and was always very effective and natural in the many parts I have seen her play.... She spoke Irish as if it were her every day speech and with all the lights and shades of real emotional understanding.... Of all the players I have ever seen in Gaelic plays she was the one who ever and always gave us the most pleasure to see play.... In a word she was a great artist and the Gaelic Theatre has suffered an irreparable loss by her death’. Sa nuachtán céanna seachtain roimhe sin, bhí cuntas uirthi ag ‘L. Ó B’: ‘Ba mhúinteoir thar mhúinteoirí í: nuair a mhúineadh sí ceacht is lena corp agus lena hanam is le tréithe móra a hintinne a dhéanadh sí é. Na buanna a nocht sí dúinn ar ball ar an ardán, bhaineadar sin léi agus ba iad ba chúis le gur éirigh léi múineadh na Gaeilge a ardú mar a rinne. Bhí rud éigin neamhghnách inti a mhealladh an foghlaimeoir, sultmhaireacht agus meanma a chífeá ag rince ina súile. Chuireadh sí spionnadh agus spreagadh i ngach ní dá ndéanadh sí. B’fhéidir go deimhin gurbh in faoi deara í bheith ar lár inniu. Bhí aithne agamsa uirthi le tarraingt ar 20 bliain. D’fhoghlaimíos an Ghaeilge uaithi i gColáiste Chonnacht ar an Spidéal sna laethe iontacha úd díreach tar éis Éirí Amach na Cásca. D’fhoghlaimíos ina teannta sin grá don Ghaeilge.... San amharclann ámh a bhí a croí. Ní mheasaim gur áibhéil ar bith a rá gurbh í Máire Ní Shíocháin an chéad duine a thug a saol—agus a hanam b’fhéidir—le ceird na haisteoireachta a bhunú go cóir sa tír seo in amharclann Ghaelach. Bhí daoine eile ann ar mhór a ndúthracht agus a ndíocas ach aontóidh siad uile nár chaith aon duine acu iad féin isteach faoin ngnó mar a rinne Máire agus sin gan torann gan toirmeasc dá laghad’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú