Ba de mhuintear Mhathúna an Chuilleanaigh é agus ba í Máire Áine, iníon Chian Uí Mhathúna ó Chaisleán Mhaigh Chuinn, Cathair Saidhbhín, a mháthair. Fuair sí Caisleán Mhaigh Chuinn le hoidhreacht. Bhí sí pósta ar Thomas McDonagh, ar Mhathúnach ón gCuilleanach a mháthair agus a raibh gaol gairid aici leis. Bhí triúr clainne acu agus tugadh ‘Mahony’ mar shloinne ar an duine ba shine díobh, an Tomás s’againne, agus is chuige a thiocfadh Caisleán Mhaigh Chuinn, teach nár mhiste caisleán a thabhairt air. Tá aiste dar teideal ‘Brilliant upshoots of the Kerry branch’, mar aon le pictiúir den Chaisleán, ag Nóra Ní Shúilliobháin in Iris Muintir Mhathghamhna: The O’Mahony Journal, samhradh 1979, agus tá na géaga ginealais tugtha in imleabhar a 12, 1982, den iris chéanna. Cuartaíodh na taifid bhaiste in eaglais Chaitliceach Chathair Saidhbhín ach níl a ainm le feiceáil iontu.

Dhealródh an scéal go raibh Tomás go maith as sa saol. ‘Tiarna talún’ an cur síos a rinne sé ar a shlí bheatha i nDaonáireamh 1911. Ball tábhachtach de Chonradh na Gaeilge in Uíbh Ráthach ba ea é. Bhí sé ina bhall tofa de Chomhairle Chontae Chiarraí agus tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 8 Nollaig 1900 gurbh é a mhol rún go gcaithfeadh an chomhairle céad punt ar scéim chun an Ghaeilge a athbheochan sa chontae. Faoi Shamhain 1902 bhí sé ina leasuachtarán ar choiste ceantair an Chonartha. Bhí sé ina Choimisinéir Síochána agus bhris an Tiarna Seansáileir as an ngradam sin é nuair a shínigh sé cáipéisí dlí i nGaeilge (ibid 19 Márta 1904). Thuill sé clú mar rúnaí ar Fheis Uíbh Ráthach agus ar chraobh Uíbh Ráthach den Chonradh: bhuaigh siad an trófaí ‘Sciath Óir an Oireachtais’ i 1906 agus 1907. Nuair a chuaigh dream as Cathair Saidhbhín go Feis na Mumhan i gCorcaigh ba é Tomás a d’íoc na costais. ‘Ní raibh riamh againn mórán a dhéanfadh a leithéid nó an gustal acu chuige, is dócha’, a dúirt Peadar Ó hAnnracháin in Fé bhrat an Chonnartha, 1944. Toghadh ar an gCoiste Gnó é i 1906 agus lean sé air ina bhall go 1912. Bhí sé ar choiste an Oireachtais an bhliain sin. Ghlac sé páirt i bhfeachtas na Gaeilge éigeantaí i máithreánach Ollscoil na hÉireann i 1909 agus luadh é ar na príomhchainteoirí ag cruinniú mór in Éadan Doire (An Claidheamh Soluis 13 Márta 1909).

D’éirigh sé as rúnaíocht Chraobh Uíbh Ráthach i nDeireadh Fómhair 1907 agus chuaigh chun cónaithe i dteach ag 47 Bóthar Lindsay, Glas Naíon, Baile Átha Cliath, ar ar bhaist sé ‘Cuilleanach’. B’in é a sheoladh nuair a phós sé Máire Ní Shíocháin ar 23 Eanáir 1908. Ní raibh aon chlann acu. Deir Nóra Ní Shúilliobháin: ‘The marriage was not finally a success. He inherited property from an aunt in Killarney and left Castlequin to his wife....Castlequin was neglected, sold to a local business man in Caherciveen, and by degrees fell into ruin’. Ag am a bpósta bhí sise 22 bliana d’aois agus bhí 36 aigesean, más fíor an t-eolas a thug siad i nDaonáireamh 1911 (a líonadh isteach i nGaeilge). Ach b’fhéidir go raibh Tomás 42. Nuair a d’éag sé i 1936 tuairiscíodh go raibh sé 70 bliain d’aois. D’fhágfadh sin gur rugadh é in 1866.

Is i ndiaidh 1916 a scar Tomás agus Máire ó chéile. Ainmníodh an bheirt acu don Choiste Gnó um Meitheamh 1915. Bhí Tomás i láthair ag comhdháil i dtaobh na teanga in Óstán Gresham 1 Iúil 1916 agus in An Claidheamh Soluis 25 Samhain 1916 tuairiscíodh go raibh sé ina rúnaí ag an gcompántas aisteoirí, Na Cluicheoirí.

Woodford ab ainm don eastát i gCill Airne a fuair Tomás le hoidhreacht óna aint. Tugann Peadar Ó hAnnracháin le tuiscint gur éirigh sé as obair na teanga. Bhí sé ina bhall de Chomhairle Chontae Chiarraí arís agus spéis mhór aige i gcúrsaí tithíochta agus i leagan na slumaí i gCill Airne. Fear mór spóirt ba ea é agus spéis ar leith aige sa chruicéad. Ba é a d’athbheoigh Rásaí Chill Airne. Bhí sé ina bhall den Kerry South East Farmers’ Union. D’éag sé ar 28 Deireadh Fómhair 1936. Molann an Kerryman 7 Samhain 1936 a shaothar ar son Chill Airne ach ní luann a obair ar son na Gaeilge. Luaitear beirt ionadaí ón nGinearál Eoin Ó Dufaigh a bheith ina shochraid. Ní raibh aon trácht ar Mháire Ní Shíocháin a bhí marbh le cúpla mí.

Bhí spéis ag Tomás in amhráin Uíbh Ráthach. D’fhoilsigh sé Amhráin Gaedhilge na Mumhan, 1903, in eagar ag Seán Ó Séaghdha, sa tsraith People’s Booklets agus chuir brollach leis. ‘His booklet making a start in the collection of the lyric lore of Iveragh’ an chaoi a dtagraítear dó in An Claidheamh Soluis 16 Bealtaine 1903. Deir Nóra Ní Shúilliobháin: ‘As a child I heard a great deal about Máire and Tommy McDonogh Mahony as both my parents were working with them at feiseanna and in the production of one-act plays like Hyde’s Casadh an tSúgáin and they were very saddened at the breakup of the marriage (childless) and the fate of Castlequin. I met Tommy McDonogh Mahony last ... a few years before his death. He was a slim elegant figure carrying a handsome walking-stick. My companion, a priest and cousin from Australia, originally from Cahirciveen, and Tommy immediately got into conversation about songs in Irish from the homeground and, as they gave each other examples, an audience gathered around us in St Stephen’s Green, Dublin’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú