Tá cuntas ar an bhfile seo, ar dheirfiúr í le Conchúr Ó Síocháin, in Dictionary of Munster Women Writers, 1800-2000, 2005 in eagar ag Tina O’Toole. I gCléire in 1882 a rugadh í. Ba iad Peadar Ó Síocháin agus Cáit Ní Dhrisceoil a tuismitheoirí. Bhí deirfiúr agus seisear deartháireacha aici. Foilsíodh sraith alt léi dar teideal ‘Ó Chléire’ in An Lóchrann, Feabhra agus Márta 1931. In Béaloideas uimhir 5, 1935 agus uimhir 6, 1941, foilsíodh ábhar a bailíodh uaithi (‘Béaloideas ó Chléire’). Bhí píosa béaloidis i gcló aici in An tÉireannach 7 Nollaig 1935. Foilsíodh cúig dhán dá cuid in Feasta, Feabhra 1961. Deirtear ansin: ‘Foilsímíd anso cuid de shaothar Cháit Ní Shíocháin – file mná atá ina cónaí ar oileán Chléire, Co. Chorcaí. Drifiúr í do Chonchúr Ó Síocháin a scríobh Seanchas Chléire. Níor chuir Cáit dhá líne riamh le chéile go dtí bás an duine déanach dá driotháireacha ach is mó dáinín deas a chum sí le deireannaí. Ní scríonn Cáit a cuid filíochta síos in aochor ach coinníonn sí ina ceann é agus ba bhreá leat bheith ag éisteacht lé ’s a cuid filíochta féin á rá aici. Bíodh go bhfuil Cáit sé bliana déag ’s trí fichid tá sí chó lúfar, beo le haon bhean óg.’ Roghnaíodh péire dán léi, a bhí i gcló ar dtús in Feasta, in Nua-Fhilí 2(1953-63) in eagar ag Séamas Ó Céileachair, 1968. Is dóigh gurb í an Katherine Sheehan í a d’éag 11 Deireadh Fómhair 1962 in aois a 79. Ba as Cnocán na mBáirneach, Cléire, di sin. Cnocán na mBáirneach an seoladh a bhí ag Conchúr freisin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú