An sagart seo a bhunaigh an coláiste Éireannach in Seville. D’fhoilsigh sé caiticeasma Gaeilge/Laidine sa Bhruiséal: Catechismus. Adhon, an Teagasc Criostuí, iar na fhoillsuí à Ladin & à Ngaoilaig, ar modh chomhrá idir Magistir & Disciubúl. Maile re Teaboid Gállduf, Sagart erennach. Agus d’éis an chláir modh uras leighte na teangan Ghaoilaige à leitreacha Romhanacha. Catechismus seu Doctrina Christiana Latino-Hibernica, per modum dialogi inter Magistrum et Discipulum Explicata per R.D. Theobaldum Stapletonium, Sacerdotem Hibernium..., 1639. Luann Breandán Ó Buachalla (Aisling ghéar :na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn, 1603-1788, 1996) é mar shampla maith den tslí ar theagmhaigh an saol míleata agus an saol eaglasta le chéile; ag pointe éigin bhí sé ina shéiplíneach in arm na Spáinne san Ísiltír.

Chuir Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann an caiticeasma amach sa tsraith ‘Reflex Facsimiles’ i 1945, maille le réamhrá John F. O’Doherty. I léirmheas in Irish Historical Studies, 1946/7 dúirt Thomas Wall: ‘... the Catechismus is unique amongst Irish printed doctrinal and devotional works of the seventeeth century in that its author used simplified spelling in the Irish translation of his Latin original... in what he described as “leitreacha coitcheanna Romhanacha”.’ Ach i dtaobh an chló dúirt sé: ‘His own efforts at simplification and intelligibility were marred, if not quite nullified, by his printer, who... printed it, not in the roman type promised in the prologue, but in a curly diminutive, irritating and almost illegible italic, in sad contrast to the clear, upstanding roman type of the adjacent Latin column.’ Ní mór a rá nach ndearna na scoláirí eile go léir a rinne trácht ar an gcaiticeasma seo an t-idirdhealú seo idir an cló iodáileach agus an cló rómhánach.

Ba mhian le Stapleton go mbeadh a leabhar á léamh ag an ngnáthdhuine agus cháin sé an t-aos ealaíon ‘noch is údair don teanga a chur fá fhordhoircheacht agus cruas focal, á scríobh i nodaibh agus foclaibh diamhra dorcha dothuisceana’ agus na huaisle ‘a bheir a dteanga dhúchais nádúrtha i dtarcaisne agus i neamhchion’. Ach deir Wall faoi sin: ‘He prejudiced against it the people who at that time might have recommended it to popular favour in Ireland – the literary men, the upper classes, and the clergy’. Fianaise is ea é, a deir sé, ar an neamhaird a tugadh ar an leabhar nár bhac scríobhaithe lena chóipeáil agus nár fhan rian de i gcaiticeasmaí eile ná sa bhéaloideas. Luann sé mar fháth eile leis an neamhaird: ‘The questions in it are asked by a “Magister”, and they are brief enough, but they neither suggest nor elicit an answer – as questions in a good catechism should – while the answers of the “Discipulus”, who is, of course, supposed to be a neophyte, are long and cumbersome and beyond the capacity of any average memory.’

Ach bhí seo le rá ag Donnchadh Ó Floinn in Irish Ecclesiastical Record, Aibreán 1946 (léirmheas): ‘Ag tagairt don chaint is ceart a thuigsint gur chomhnaois Gállduf agus an Céitinneach, ach go bhfuil an difir seo eatarthu: gurbh é ba mhian le Gállduf a dhéanamh “an teagasc Críostaí d’fhoilsiú go soiléir do na daoine bochta ainbhiosacha”, agus gurbh amhlaidh a bhíodh Gaeilge an Chéitinnigh de ghnáth, “ag faire ar a chosa” le heagla go mbeadh aon rian den lábán le feiscint ag na scoláirí móra uirthi.’ Agus i ndiaidh na beachtaíochta ar an modh teagaisc deir Wall: ‘Apart from his interesting experiments in orthography, students of Irish will find in Stapleton’s work a mine of Irish idiom and vocabulary, and an indication of dialectical usage in the early seventeenth century.’

Sa réamhrá leis an macasamhail deir John F. O Doherty gur cosúil gurbh é John Stapleton a athair agus gurbh í Fionnuala Nic Conmara a mháthair, ag glacadh leis gurbh é an Theobald céanna é a d’fhreastail ar Choláiste na nGael i Salamanca. Is dóigh gurbh i dTiobraid Árainn a rugadh é. Luann sé féin gurbh as deoise Chaisil dó. Deir Norman Moore in Dictionary of National Biography gur i gCill Chainnigh a rugadh é. In Irish Ecclesiastical Record, Lúnasa 1943 (‘Doctrinal instruction in Irish’) tá sliocht i gcló ag Thomas Wall as cuntas ar stair an choláiste a scríobhadh i 1620. Deirtear ansin gur fhág sé Liospóin mar a raibh sé ina mhac léinn agus gur thug Diúc Braganza teistiméireachtaí agus airgead dó d’fhonn coláiste a bhunú in Seville. In éineacht le scata mac léinn as Éirinn thóg sé teach ar cíos ansiúd agus d’iarr ar shagart i gColáiste Salamanca a bheith ina stiúrthóir orthu. ‘The students did not find that encouragement they might expect from the prelate, who forbade them wear the dress of collegians, because they had neither house, nor rent nor fixed alms. Withal they managed to support themselves like paupers, at the door of the convents of this city, but suffered on all sides great afflictions and privations, and the good Theobald manifest dangers of his life.’ Is ar an gcuma sin, más fíor, a bunaíodh Coláiste na nGael in Seville nuair nach raibh Teabóid fiú ina shagart go fóill. Tuairimítear gurbh i Maidrid a oirníodh é; is ann a dúirt sé a chéad aifreann ar 25 Márta 1616. Níl eolas ar imeachtaí a shaoil idir sin agus timpeall 1626 nuair a d’fhill sé ar Éirinn. Deir sé i litir tíolactha an chaiticeasma gur dosaen bliain a chaith sé mar mhisinéir, i ndeoise Chaisil, is dóigh. D’fhágfadh sin, b’fhéidir, gurbh i 1638 a chuaigh sé go dtí an Bhruiséil chun go bhfoilseofaí a chaiticeasma ann.

Nuair a d’ionsaigh Murchadh na dTóiteán Ó Briain ardeaglais Chaisil 13 Meán Fómhair 1647 bhí Teabóid ar dhuine den seachtar sagart a maraíodh ann. Deir John Lynch in De Praesulibus Hiberniae go raibh uisce coisricthe á chroitheadh ag Teabóid ar na saighdiúirí a bhí ar tí a mharaithe. Tá a ainm ar liosta na marbh i litir Andrew FitzBennet Sall atá i gcló in Archivium Hibernicum VI, 1917 (‘Miscellaneous documents’ le Reginald Walsh, O.P.). Bhí Sall sa láthair an lá sin. Deir Walsh: ‘All their names are in the list of the Irish Martyrs whose process of beatification has begun.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú