Tá cuntas air: ag Alf Mac Lochlainn in ‘Fiáin na mbocs a bhí ann an t-am sin’: aighneas iascaireachta Bhaile na hAbhann, 1935, 1999; ag Breandán Delap in Úrscéalta stairiúla na Gaeilge, 1993. Ar an Tulach i gCois Fharraige, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 29 Aibreán 1907; ba é Pádhraic (Pat Shéamais) Ó Conghaile a athair agus ba í Bridget Flatharty ó Bhánrach a mháthair. Ní dheachaigh sé thar an bhunscoil. Throid sé ar thaobh na bPoblachtach sa Chogadh Cathartha agus é fós ina dhéagóir agus lean air ina phoblachtach ar feadh a shaoil. Bhí post aige mar bhainisteoir ar stáisiún carraigín Chasla i 1932-35 faoin Roinn Tailte. I rith na tréimshe sin ba é a scríobhadh an leathanach Gaeilge in Iris na Státseirbhíse. Nuair a cuireadh amach as a phost é de dheasca a bheith ina bhall den IRA chaith sé seal ina thimire ag Muintir na Gaedhealtachta, dream a bunaíodh ar 7 Iúil 1934 agus a raibh baint mhór acu le bunú Ghaeltacht na Mí. Deir Delap go raibh Séamus ag rothaíocht ar fud Chonamara ag eagrú cruinnithe agus craobhacha. Tríocha scilling sa tseachtain a bhí aige. Ba é a chum amhrán bolscaireachta na gluaiseachta agus foilsíodh é in An t-Éireannach (i gcló faoin teideal ‘An tSeanBhean Bhocht’ ag Éamon Ó Ciosáin in An t-Éireannach 1934-1937: nuachtán sóisialta Gaeltachta, 1993). Ceapadh é ina mhúinteoir taistil faoi Choiste Gairmoideachais Chontae Ros Comáin. I dtús na 1940idí fuair sé post sa Cheardscoil i mbaile Ros Comáin agus bhí ina Leas-Phríomhoide ann nuair a chuaigh sé amach ar pinsean.

Scríobh sé trí leabhar: An leacht nár tógadh, 1982, úrscéal; Santa agus na leipreacháin, 1984, leabhar do leanaí; Ar thóir lóistín agus scéalta eile, 1986. Deir Delap faoin úrscéal: ‘Cur síos ar shraith d’eachtraí a thit amach i gConamara le linn Chogadh na Saoirse atá ann. Seanchas is mó atá mar bhunábhar dó .... Poblachtánach saoil ab ea Séamus a chuir a bheo i gcontúirt uaireanta (bhí sé i gceannas ar I.R.A. Iar-Chonnachta sna 1930idí) agus braitear frustrachas an tseansaighdiúra leis an treo a ndeachaigh an stát úr, go minic ó théacs an leabhair.’ Is cosúil go raibh baint aige féin le cuid de na heachtraí a luann sé. In Conamara agus Árainn 1880-1980: Gnéithe den Stair Shóisialta, 1988 baineann Micheál Ó Conghaile úsáid as an úrscéal seo mar bhunfhoinse eolais ar an seansaol. Deir Delap go raibh úrscéal leis a bhaineann le haimsir an Ghorta agus le Blácaigh Chonamara ag na foilsitheoirí ag am a bháis.

Scéal an aighnis a bhain le cearta iascaireachta ar Loch na Creibhinne (Loch Bhaile na hAbhann) i 1935 is ábhar do ‘Fiáin na mbocs a bhí ann an t-am sin’. Ba é Frank O’Brien, údar Filíocht Ghaeilge na Linne seo, 1968, a bhailigh an t-eolas ó Shéamus. Bhí páirt ghníomhach ag Séamus agus ag a dheartháir Tomás san aighneas agus sna heachtraí a lean é agus bhí siad i measc na ndaoine a cúisíodh. Chaith Tomás tamall i bpríosún ach ligeadh saor é toisc nár tugadh aitheantas do chearta na gcainteoirí Gaeilge agus gur i mBéarla a bhí na cáipéisí a bhain leis an gcás. Deir Mac Lochlainn: ‘Dealraíonn sé go mba eagras poiblí eile den IRA, Muinntir na Gaedhealtachta, a bhí taobh thiar d’aighneas an locha, agus Séamus, [Máirtín] Ó Cadhain agus [Seán] Ó Coisdealbha mar cheannairí air.’ Páirc Moyola, An Caisleán Nua, Gaillimh, seoladh Shéamuis nuair a d’éag sé ar 6 Aibreán 1989. Tá sé curtha i reilig Rathúin. Phós sé Nellie Naughton ó cheantar Bhéal Átha na Sluaighe i 1943 agus bhí beirt mhac acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú