Ó 13 Aibreán 1901 amach bhí na fógraí dá ghnó mórdhíolta torthaí le feiceáil in An Claidheamh Soluis faoin teideal ‘Do chum Glóire Dé agus Onóra na hÉireann’. Bhí sé ar dhuine de na daoine ba mhó tábhacht sa ghluaiseacht náisiúnta i rith na tréimhse 1900–25.

I Learpholl a rugadh Walter Leonard Cole ar 15 Bealtaine 1866 do George Cole, cuntasóir (‘ book keeper’), agus a bhean Arabella Hughes. Bhí cónaí orthu ag 129 Salisbury Street, Everton. B’as Port Láirge dá athair George Cole, fear a raibh post aige sna hiarnróid i Sasana. Péintéir aitheanta ba ea é. B’as an Bhreatain Bheag dá mháthair, Arabella Hughes. I gColáiste Naomh Proinsias Xavier, Learpholl, a cuireadh oideachas air. Um Meitheamh 1882 bronnadh dioplóma sa Phortaingéilis air in Ollscoil Londan.

Is in 1890 a lonnaigh Uaitéar i mBaile Átha Cliath ach bhí baint aige le Conradh na Gaeilge sular chuir sé faoi in Éirinn. In The Irish Literary revival, 1894 áiríonn Liam P. Ó Riain é mar dhuine de na ceannródaithe i Learpholl. Ar 22 Nollaig 1903 chuir Dr John Bligh agus Craobh Sheáin Uí Dhonnabháin, Learpholl, teachtaireacht chuige ag guí ‘that the nationalists of Inns Quay Ward will accord him increased opportunities for giving practical evidence of the sincere patriotism with which his former fellow workers in exile are long familiar’ (An Claidheamh Soluis 9 Eanáir 1904). Dhealródh freisin gur tháinig an chlann go léir go hÉirinn mar is i dteach mór Seoirseach i Leamhcán a bhí sé ag cur faoi. Bhí deartháir amháin ar a laghad aige, Vincent (toisc an dealraimh a bhí aige le Uaitéar gortaíodh é in ionsaí lámhaigh uair), agus beirt deirfiúracha.

Faoi 1899 bhí sé ina bhall den Celtic Literary Society agus ar dhuine de stiúrthóirí an United Irishman. Cheangail sé le craobhan Chonartha 21 Feabhra 1900 (ibid 3 Márta 1900). Bhí spéis ar leith aige i sráidainmneacha a bheith i nGaeilge (litir in An Claidheamh ar 25 Aibreán 1903). Toghadh é ina bhall den Choiste Gnó sna blianta 1904–09 agus bhíodh ina bhall de Choiste an Oireachtais freisin. I 1904 chuir sé tús lena shaol polaitiúil nuair a chuaigh sé suas mar iarrthóir i dtoghchán chomhairle na cathrach. Ar 16 Eanáir bhí sé ag achainí in An Claidheamh Soluis go dtabharfadh Conraitheoirí cabhair dó i mbun canbhasála ‘in returning the seat for the Gaelic and temperance cause’. Roimh dheireadh na míosa bhí aitheasc Gaeilge á thabhairt aige os comhair chruinniú den Bhardas.

Bhí sé orthu sin a d’fhéach le beartas Ungáireach Airt Uí Ghríofa a chur chun tosaigh i 1904 agus bhí ar dhuine de cheannairí na buíne a bhí gníomhnach in aghaidh an Taispeántais Idirnáisiúnta Earraí an bhliain sin agus ba dhuine mór le rá é i Sinn Féin ón uair a bunaíodh an páirtí. Bhí dlúthbhaint aige leis an Dublin Industrial Development Association a bunaíodh i 1905 agus arbh as a d’fhásfadh an NAIDA ar ball. Toghadh é ina bhall de Bhord Theach na mBocht i Meitheamh na bliana sin agus ina Bhardasach in Eanáir na bliana dár gcionn. D’éirigh leis rún a chur i bhfeidhm go mbeadh cláir oibre na gcruinnithe i nGaeilge, gurbh i nGaeilge a bheadh ainmneacha agus seolta na mball ar chlúdaigh litreacha agus nach gceapfaí feasta aon chléireach nach mbeadh déanamh a ghnó i nGaeilge ar a chumas (Inniu 24 Márta 1961).

Gearradh fíneáil air i ngeall ar a ainm a bheith i nGaeilge ar a chairt (An Claidheamh Soluis 16 Meán Fómhair 1905). Nuair nach raibh sé sásta é a íoc thug na pílir leo torthaí agus prátaí agus earraí eile as an stainnín a bhí aige i Margadh na dTorthaí. Tá cuntas ag Seán T. Ó Ceallaigh ar an gcaoi ar dhéileáil lucht Shinn Féin leis an gceant in Seán T., 1963. I 1908 bhí sé féin agus Seán T. ina gcomhrúnaithe ag Sinn Féin

Nuair a chaill sé a shuíochán sa Bhardas i 1908 bhí an méid seo i gcló in An Claidheamh Soluis 15 Feabhra 1908: ‘Ba é an Cumhailleach ba threise de na Gaela a bhí ar Chomhairle na Cathrach.... Gan trácht ach ar an rud atá i mbarr teangan gach éinne an tseachtain seo, ní dócha go mbeadh an Cheardlann [Gailearaí na Cathrach] nua againn mura mbeadh an Cumhailleach, mar is é a ghríosaigh Comhairle na Cathrach chun lámh chúnta a thabhairt don Liathánach [Sir Hugh Lane] nuair nach raibh sé ag fáil ó gach dream eile sa tír ach simpathí.’ Bhí spéis mhór aige i gcúrsaí ealaíne agus tá tagairtí ina uacht dá phictiúir féin, agus do phictiúir a athar agus a aint Ratcliffe.

Nuair a phós Art Ó Gríofa i 1910 ba é Mac Cumhaill agus ‘Sean-Ghall’ (Henry Egan Kenny) a d’fhéach chuige go mbaileofaí £300 chun teach a cheannach dó i gCluain Tarbh agus go mbeadh clásal sa léas á bhacadh air morgáiste a fháil, rud nach raibh an Gríofach buíoch díobh faoi.

Síochánaí ba ea é agus níor ghlac aon pháirt san Éirí Amach––bhí sé leathchéad bliain d’aois ar aon nós. Ach chaith sé cúpla babhta i bpríosún ina dhiaidh. Bhí sé ina bhall den choiste a d’ullmhaigh bunreacht nua Shinn Féin i 1917. Ba mhinic gur ina theach ag 3 Cearnóg Mountjoy a bhíodh cruinnithe na chéad Dála: bhí an teach mór go leor agus bhí teileafón ann. Toghadh é ina bhall den Dáil don Chabhán mí an Mheithimh 1922. Bhí cúram na bhforaoiseacha air. Sheas sé do Chumann na nGaedheal in olltoghchán 1923 ach theip air an suíochán a choimeád. D’fhaigheadh Micheál Ó Coileáin agus Éamonn de Valera dídean ina theach nuair a bhí siad ar a gcoimeád le linn Chogadh na Saoirse.

I rith an chogaidh chathartha ba mhinic ab éigean do Mhac Cumhaill an oíche a chaitheamh i dTithe an Rialtais in éineacht le hairí rialtais agus Pádraig Ó Máille. Féachadh lena theach a chur trí thine (Fáinne an Lae 6 Eanáir 1923). Thug sé dídean do dhaoine thar comhaireamh ansiúd ó 1916 ar aghaidh. D’fhan baintreach Sheáin Uí Chonghaile [faoi Ó CONGHAILE, Caoimhín B3] agus a leanaí ann ar feadh i bhfad (Inniu 23 & 30 Lúnasa 1957). Ba mhinic a chuartaigh saighdiúirí Breataineacha an teach ar thóir cáipéisí: faoin ardaitheoir a bhí siad i dtaisce aige. Toisc é a bheith cairdiúil le Michael Noyk d’fhanadh teifigh Iúdacha ann agus iad ar a mbealach ón nGearmáin chuig na Stáit Aontaithe, D’iarr sé ina uacht go dtabharfaí deis don rialtas an teach a cheannach ‘... by reason of the historic association of the said premises with the Sinn Féin movement in the years 1920 and 1921’.

Theip air i dtoghchán an tSeanaid i 1925 agus b’in deireadh lena shaol poiblí. Deirtear nár fhan aon mhisneach ann tar éis an chogaidh chathartha. D’éag sé 26 Aibreán 1943. Bhí sé pósta ar Priscilla Harrison, Meiriceánach, agus bhí triúr mac acu. Nuair a d’éag sise phós sé Maura Reddin i 1928; bhí sí 23 bliana d’aois agus bhí beirt iníonacha acu. Fear saibhir go leor ba ea é, ní foláir. Chaitheadh a chéad bhean tamaill i Madeira. Agus is dóigh go mbaineadh costas mór le bheith ag caitheamh go fial leis na daoine go léir a d’fhanadh ag 3 Cearnóg Mountjoy.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú