I gCionn Eitigh, Uíbh Fhailí, a rugadh é ar 18 Meán Fómhair 1897. John Langton, feirmeoir, agus Helena Molloy a thuismitheoirí. Fuair an t-athair bás nuair a bhí Micheál ina ghasúr agus cuireadh ar scoil é i Móinteach Mílic mar a raibh uncail leis ina mhúinteoir náisiúnta. De réir dhaonáireamh 1901 bhí cónaí ar Ellen Langton, baintreach, ag Comar Uachtarach, Cionn Eitigh, Uíbh Fhailí. Bhí beirt mhac sa teach: Michael (3) agus Laurence (5). I ndaonáireamh 1911 sa teach léi bhí Joseph (17) agus Laurence (15). Ní raibh Gaeilge ag aon duine díobh. Ghnóthaigh sé scoláireacht go Coláiste na gCistéirseach i Ros Cré. Bhí an coláiste sin ag feidhmiú mar chliarscoil shóisearach do na Cairmilítigh. An Fear Mór, Séamus Ó hEocha, a bhí ag múineadh Gaeilge dó ann.

Chaith sé na blianta 1914–16 i mainistir na gCairmilíteach i mBaile Locha Riach. Bhí spéis ag an Athair Boniface, máistir na nóibhíseach, sa Ghaeilge agus thug sé Seoirse Ó Conghaile, timire áitiúil an Chonartha, isteach chun Gaeilge a mhúineadh. Nuair a chuaigh sé a dhéanamh staidéir ar an bhfealsúnacht i St. Mary’s, Bóthar Morehampton, Baile Átha Cliath, fuair sé roimhe scata de mhic léinn a raibh an-dúil acu sa teanga agus arís thugtaí múinteoir isteach chun ceachtanna a thabhairt dóibh. Chaith Micheál tréimhse i gColáiste Laighean mar a raibh Séamus Ó Searcaigh agus scoláirí aitheanta eile á mhúineadh. Ghnóthaigh a chumas ar an sean-Ghaeilge bonn óir dó ansiúd. Timpeall an ama sin freisin a bhuaigh sé duais Oireachtais lena aiste ‘Scrúdú ar theagasc Descartes’ (i gcló in Gaethe Gréine, 1920) agus a d’fhoilsigh sé ‘Éire—náisiún céasta’ in An Síoladóir.

Chuaigh sé a dhéanamh staidéir sa Róimh i 1920. Agus é ag dul i mbun a thurais tugadh teachtaireachtaí dó faoi rún le hiompar chuig an Mgr Ó Hagáin, Uachtarán Choláiste na nGael sa Róimh, fear a dhéanadh neart bolscaireachta ar son chúis na hÉireann sa Vatacáin. Ar a bhealach soir stop sé i Lisieux, tharla Treasa, bean rialta Chairmiliteach, bheith á beannú. Bhí sé ina fhodhéagánach ag na searmanais agus thug Celine, deirfiúr Threasa, timpeall na mainistreach é. Bheadh ardspéis aige sa naomh feasta de bharr na cuairte sin. Scríobh sé péire leabhrán: Teachtaireacht an tSiúr Bheannaithe Treasa ... an tAthair Benedict d’aistrigh ón bhFraincis, 1923; An tSiúr Bheannaithe Treasa leis an Leanbh Íosa, 1924. I 1926 le cabhair airgid ó mhná rialta Naoimh Louis i gCoillte Mách d’fhoilsigh sé a aistriúchán ar Histoire d’Une Ame (Scéal anama: Beathafhéinscríbhinn Naomh Treasa leis an Leanbh Íosa). Sna blianta deiridh dá shaol bhí sé ag aistriú an tsaothair chéanna sin arís ach an uair seo ón mbunlámhscríbhinn. D’aistrigh sé freisin litreacha Threasa agus a Slí na Foirfeachta. Oirníodh sa Róimh é i 1922 agus d’fhill sé ar Éirinn.

Níor scríobh sé aon leabhar nach í an bheatha chrábhaidh nó gné den chreideamh is ábhar di. Tá Páis Chríost, 1941, bunaithe ar chlár raidió a chraoladh sé le linn na Seachtaine Móire. D’aistrigh sé leabhair urnaí agus chrábhaidh d’oird bhráithre agus bhan rialta. I 1983 foilsíodh a aistriúchán ar lámhleabhar Léigiúin Mhuire. Tá a aistriúchán ar litreacha Naoimh Pól agus a bhailiúchán de phaidreacha fós gan foilsiú. Bhí go leor aistí anseo agus ansiúd aige faoin ainm cleite ‘Giolla na Naomh’. Foilsíodh Lorcán Naomhtha Ua Tuathail in 1929 agus Knock: roots of Irish spirituality, c.1980.

Gan amhras ba é An Leabhar Aifrinn: Gaedhilge agus Laidean, 1952, a mhórshaothar. Chonaic sé fíor-ghéarghá a bheith lena leithéid uair dá raibh sé i mbun cúrsa spioradálta i gColáiste Íde sa Daingean. 18 bliana a bhí sé ag gabháil de. Ó bhí gach teanga dá mbaineann le léann an Bhíobla (13 theanga a bhí aige) ar a thoil aige is maith a bhí sé cáilithe chun a leithéid a sholáthar. Bhí leabhar Aifrinn eile i nGaeilge ach meastar gurbh é leabhar an Athar Benedict an ceann ab iomláine agus ab fhorleithne á léamh ag pobal Caitliceach na hÉireann. Murach é deirtear nach móide go dtabharfaí aitheantas don Ghaeilge mar theanga dhúchais nuair a tosaíodh anseo ar Aifreann a rá sna teangacha dúchais i ndiaidh Comhairle Vatacánaí a Dó. D’éag an tAthair Benedict ar 21 Meitheamh 1980.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú