I Sráid an Droichid, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 14 Meitheamh 1875. Éadaitheoir ba ea a athair Tomás ag an am sin ach bheadh sé ina ‘cheannaí ginearálta’ agus ina thábhairneoir i Sráid Halla an Lín i gCaisleán an Bharraigh ina dhiaidh sin. Tá tuairisc a bháis-sean in Western People 3 Deireadh Fómhair 1916 agus thabharfá leat as nach raibh ach beirt dá chlann, Pádraig agus iníon, beo agus go raibh a bhean, Anne Marie White ó Loch Garman, marbh. Bhí siopa éadaitheora ag a hathairsean i gCoillte Mach agus is ann a pósadh í le Tomás Ó Móráin ar 12 Iúil 1874. Is i gCaisleán an Bharraigh a rugadh an seisear a tháinig i ndiaidh Phádraig, ceathrar mac agus beirt iníonacha. Is cosúil go bhfuair ceathrar díobh bás ina naíonáin.

I Maigh Nuad bhí Pádraig ina bhall de Chuallacht Cholm Cille. Oirníodh é i 1900 agus bhí ina shagart cúnta i Rathún go 1903, Lios Ceannúir (1904–5), sa Chaisleán Gearr (1906–9) agus in Inis Díomáin (1911–14). Faoi 1915 bhí sé ina riarthóir i Lios Ceannúir agus ceapadh é an bhliain dár gcionn ina shagart paróiste i mBaile Chláir, Co. na Gaillimhe. Rinne canónach de 1922. Labhraíodh sé i nGaeilge ón altóir. D’eagraíodh sé feis bhliantúil sa pharóiste agus bhí ina bhall de choiste Fheis Chonnacht—ina rúnaí i 1907—agus de Dháil Chonnacht. Nuair a fuair sé bás tuairiscíodh in Connacht Tribune 13 Iúil 1946: ‘Tá cáil air mar scríbhneoir Gaeilge a d’aistrigh glac mhaith leabhar. I nGaeilge a thugadh sé a sheanmóirí i gcónaí agus tá sé tugtha suas dó gurb é a dhúthracht seisean a choinnigh an Ghaeilge beo i measc a phobail timpeall Bhaile Chláirna Gaillimhe’. Má d’aistrigh nó má scríobh sé glac mhaith leabhar níor foilsíodh díobh ach an t-aon cheann amháin, más fíor do chlár na Leabharlainne Náisiúnta, agus ba í an leabhar sin Cuarta ar an tSaicrimint Rónaofa agus ar an Maighdin Mhuire Bheannaithe in aghaidh gach lae den mhí le Alfonso Marie de Liguori. B’fhéidir gurbh in amhlachas Phádraig Uí Mhoghráin, a d’aistrigh cuid mhaith leabhar, a thóg siad é. Is inspéise freisin gurb é atá sa leagan Béarla den chuntas gur choinnigh sé an teanga beo i measc sheandaoine agus daoine meánaosta an pharóiste.

Ó 1916 go 1926/7 thoghtaí é ina bhall de Choiste GnóChonradh na Gaeilge gach bliain. Bhí sé ar dhuine den choiste cúig dhuine déag a ceapadh ag mórchomhdháil 8 Eanáir 1925 chun atheagar a chur ar an ngluaiseacht.

Ar nós a dhlúthchara Tomás Eadbhard Mac Giolla Sheanaigh bhí suim mhór aige i bhforbairt eacnamaíoch na tuaithe. Bhí sé ina bhall de Choiste Talmhaíochta Chontae na Gaillimhe ar feadh 25 bliana agus ina chathaoirleach air i ndiaidh Mhic Ghiolla Sheanaigh, agus ó 1939 ar aghaidh ina ionadaí thar ceann Chúige Chonnacht ar an Agricultural Production Consultative Council. Bhronn sé corn ar mhaithe le craobhchomórtas treabhadóireachta Chontae na Gaillimhe.

Is léir ar an aitheasc (i gcló in Catholic Bulletin, Bealtaine 1935) a thug sé nuair a bhí cros chuimhneacháin á nochtadh i gcuimhne Sheáin Mhic Énrí gur chainteoir breá trodach bríomhar é. Sheasadh sé go dílis do chearta na Gaeilge i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. I rith Chogadh na Saoirse is minic a ionsaíodh a theach. Dúirt an tAthair Eric Mac Fhinn ina thaobh: ‘Má bhíonn stair ghluaiseacht na Gaeilge agus gluaiseachtaí náisiúnta a lean uaithi le scríobh, san Iarthar go háirid, is minic a bhéas ainm an Chanónaigh le lua’ (Ar Aghaidh, Lúnasa 1946).

D’éag sé ar 8 Iúil 1946. Casadh go hóg ina shaol é ar Pheadar Ó hAnnracháin agus chuir seisean síos air in Mar chonnacsa Éire: ‘Bhí sé cúramach riamh—géar, más maith leat an focal sin—faoi cheart agus slacht na Gaeilge. Chaith sé a dhúthracht agus a shaothar le go n-aimseodh sé an focal agus an leagan ceart’. Bhí Máirtín Ó Cadhain ina mhúinteoir sa pharóiste agus is ar an sagart a thit sé é a bhriseadh as a phost mar gheall ar bhallraíocht san IRA. Seo í an tagairt dó in ‘Páipéir bhána agus páipéir bhreaca’, 1969: ‘Bhí mo shagart paráiste agus easpag na Gaillimhe i ndiaidh mé a bhrise as an scoil a raibh mé ag múna inti. Ní faoi sin atá aon fhaltanas agam don sagart siúd ach fhobair dó mé a ghráiniú ar an scríbhneoireacht go deo sílim. Gaeilgeoir breá a bhí ann ach niamhghlantóir, purist, a sháródh Henebry féin. Chaith sé a shaol ag ceartú Gaeilgeoirí a pharáiste féin. Níl seachtain ar bith nach dteagadh sé isteach sa scoil agus leabhar Gaeilge eicínt aige, marcáilte le peann luaí dearg, leabhar le Tomás Ó Máille, nó Colm Ó Gaora, nó duine eicínt eile de mhuintir na Gaillimhe go háirid, a bhí in ainm’s scoth na Gaeilge a bheith aige. Chaitheadh sé an chuid eile den lá ag dul tríothu ó dhearmad go dearmad. Dhá scríobhfainn féin rud ar bith thugadh sé isteach é le sciúra na seanchuinneoige a thabhairt dhom ar an gcóir chéanna’.

In De ghlaschloich an oileáin: beatha agus saothar Mháirtín Uí Chadhain, 1987 tá cur síos ag an tSr Bosco Costigan ar an gcaoi ar briseadh Máirtín as a phost agus tá le tuiscint as gur ag comhlíonadh ordaithe an easpaig a bhí an Móránach, gur thairg sé post oide do Mháirtín nuair a scaoileadh amach as an gCurrach é agus gur labhair sé thar a cheann chun post a fháil dó i Rannóg an Aistriúcháin.

Col seisir leis an Athair Ó Móráin ba ea Micheál Ó Móráin (25 Nollaig 1912–6 Bealtaine 1983) a bhí tráth ina Aire Gaeltachta.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú