Rugadh Micheál Ó Dochartaigh, údar Creach Bhaile an Teampaill, i Lorgain, Baile Chathail, Co. Mhaigh Eo. Feirmeoir ba ea a athair Séamus Bán ach ba mháistir scoile é freisin agus ba mháistrí a athair agus a sheanathair roimhe. Bhí eolas aige ar Laidin agus ar Bhéarla. Ba é Micheál an mac ba shine aige. Fuair sé scoil an Turlaigh, Caisleán an Bharraigh, agus é an-óg. Bhí sé féin agus a bheirt deartháireacha sna Fíníní. B’éigean dá dheartháireacha éalú go Meiriceá ach tháinig Micheál slán i ndiaidh 1867.

Ar 19 Iúil 1868 phós sé Siobhán Ní Cheallaigh, oide scoile, agus timpeall an ama sin fuair sé scoil i mBaile Chathail. I ndiaidh 20 bliain dóibh ann bhí de mhéid a gclú gur tairgeadh scoil nua Choillte Mach dóibh. Bhí dhá ghné shuaithinseacha ag baint le múinteoireacht Mhichil. Mhúineadh sé an talmhaíocht ar mhodh eolaíoch ar fheirm shamplach in aice na scoile. D’fhág sin gur chomhairleoir don dúiche ar fad é agus b’eísean a thugadh aon chineál nua síl isteach nó aon mhianach nua caorach agus capall. Chuir sé tús leis an troid in aghaidh dhúchan na bprátaí. Mhúineadh sé d’fheirmeoirí conas an chloch ghorm a mheascadh agus thugadh sé a spraeire féin ar iasacht dóibh. An Ghaeilge an ghné eile. Bhí an teanga ar chlár na scoile aige a thúisce agus ab fhéidir. Mhúineadh sé í taobh istigh agus taobh amuigh de na huaireanta oifigiúla. Thosaigh sé ar sheanchas a bhailiú ó shean-Ghaeilgeoirí na dúiche. Bhain sé féin boinn óir Oireachtais ar óráidíocht. Bhí sé ina leasuachtarán ar Fheis Mhaigh Eo.

Dúirt Tomás Ó Concheanainn, an chéad timire ag an gConradh, faoi: ‘Théadh sé chuig cruinnithe liom ag cur craobhacha ar bun.... Labhraíodh sé go binn agus go bríomhar, agus is beag cainteoir a bhí i riocht cuspóirí an Chonartha a chur chomh soiléir ná chomh fuinniúil leis i mBéarla nó i nGaeilge. Déarfainn go raibh an dá theanga chomh-mhar-a-chéile aige ...’.

Ochtar mac agus ceathrar iníonacha a bhí aige. Bhí beirt de na mic ina n-uachtaráin i ndiaidh a chéile ar Choláiste na nGael i Salamanca agus rinne ardeaspag ar Mhanila d’fhear díobh. Chuaigh Micheál chun cónaithe i mBaile Átha Cliath nuair a d’éirigh sé as obair. Fuair sé bás ann ar 27 Nolláig 1917. Cuid de sheanchas Mhaigh Eo atá in Creach Bhaile an Teampaill (1930) agus réamhrá beathaisnéiseach ann ó Thomás Ó Concheanainn.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú