I bhFánaid, Dún na nGall, a rugadh í. Aodh Ó Dochartaigh, siopadóir agus feirmeoir beag, a hathair agus Nábla Nic Shuibhne a máthair. Le Gaeilge a tógadh an t-ochtar clainne. Cibé oideachas a bhí uirthi is i gceantar Fhánaid a fuair Bríd é. D’fhoghlaim sí léamh agus scríobh na Gaeilge i ranganna Chonradh na Gaeilge.

D’éirigh léi bheith ina múinteoir de thoradh printíseachta agus i 1912 d’fhostaigh Clochar Lughaidh, Muineachán, í mar mhúinteoir Gaeilge. Bhí an teanga ar churaclam na scoile sin chomh fada siar le 1895 agus cáil ar an scoil mar gheall air sin. An dualgas ba mhó dá raibh ar Bhríd Gaeilge a theagasc don scoil go léir. Thagadh na ranganna le chéile ar aon láthair amháin ó 9.00 go 9.30 ar maidin chun na habairtíní comhrá a thugadh Bríd dóibh a chur de ghlanmheabhair. Leanadh an cineál sin oibre ar feadh an lae sna ranganna éagsúla. Labhairt na Gaeilge is mó a bhí i gceist. Bhí leabhar scríofa ag Bríd go speisialta agus thugtaí cóip don uile dhalta. Úsáideadh sí gach áis dá nua-aimsearthacht i mbun a cuid oibre agus ba shampla an-mhaith an saothar a dhéanadh sí ar cad a bhí indéanta roimh bhunú an stáit dúchais.

Lean sí uirthi ag múineadh go dtí samhradh 1949. D’éag sí ar 14 Bealtaine 1961. Bhí cónaí uirthi i Muineachán ar feadh an ama. Tá sí curtha i reilig Cheann Droma, Fánaid.

Is beag má bhí aon bhean eile i nGaeltacht Thir Chonaill a thabhaigh clú údair di féin i dtús an chéid seo. Aiste in Father Mathew Record (Bealtaine 1910) a céad iarracht. Ina dhiaidh sin bhíodh aistí agus scéilíní aici in Inis Fáil, An Crann, Young Ireland, An tUltach, Béaloideas agus dánta aici in Timire an Chroí Ró-Naofa. Ar na leabhair a scríobh sí tá Cainnt choitcheanta ón Ghaedhealtacht (1922), Comhrádh Chois Teineadh (1924) agus Seamróg na gCeithre nDuilleog (1925).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú