I ndiaidh a báis foilsíodh cuntas ar a saol in The Irish Times agus scríobh Pat Wallace, ceannasaí Ard-Mhúsaem na hÉireann, cuntas uirthi in Sunday Independent 23 Márta 2008 arb í an abairt tosaigh ann: ‘Mairéad Dunlevy was one of the greatest ever curators in the National Museum of Ireland’s 130-year history.’ Chuir Máire Ní Néill agallamh uirthi in ‘Mairéad Dunlevy – bean chumasach oibre le tréan panache’ Beatha dhuine a thoil (1996). I dTamhnach an tSalainn, Co. Dhún na nGall, a rugadh í ar 31 Nollaig 1941. Ba dhuine í den triúr, beirt bhuachaillí agus cailín, a rugadh do James Dunlevy agus a bhean chéile Margaret Begley. Dúirt sí le Máire Ní Néill: ‘An sloinne a bhí ar m’athair ná Séamas Ultach. “Ultach”, a deir mo dheartháir, toisc go ndeir siad gur tháinig muintir Dhuinnshléibhe as Co. an Dúin anonn go Tír Chonaill sa 13ú haois.’

I nGaeilge ar fad a cuireadh idir bhunscolaíocht agus mheánscolaíocht uirthi, i Scoil Náisiúnta Thamhnach an tSalainn ar dtús agus an bhliain dheireanach bunscolaíochta i nGaoth Dobhair, mar a raibh Seán Mac Fhionnlaoich mar mhúinteoir aici. Cuireadh meánoideachas uirthi i gColáiste Ullmhúcháin an Fháil Charraigh. Thosaigh a spéis sa Ghaeilge go luath nuair a cuireadh go Rann na Feirste í agus gan ach naoi mbliana d’aois aici. I gColáiste Dhún Chéirí, Co. Bhaile Átha Cliath, cháiligh sí in aois 19 di mar bhunmhúinteoir. Agus í i mbun a ceirde i Scoil Náisiúnta Mount Anville, in aice le Baile na nGabhar, Co. Bhaile Átha Cliath, is ea a bhain sí céim BA amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sí ina ball den Chumann Gaelach sa choláiste agus ina ball freisin den Chomhchaidreamh. Chrom sí ansin ar an tseandálaíocht faoi Ruaidhrí de Valera agus bhain céim mháistir amach de thoradh tráchtais ar chíora gruaige sna meánaoiseanna in Éirinn. Sna 1960idí d’oibríodh sí go páirtaimseartha, agus gan phá, don pháipéar Inniu. Ar feadh tamaill ba í a dhéanadh comórtais ealaíne Oireachtas na Gaeilge a eagrú. I bhfad ina dhiaidh sin bhí sí ina comhalta de Bhord na Gaeilge. Ar feadh tamaill de bhlianta bhí sí ina cathaoirleach ar Chumann Merriman agus stiúraigh trí cinn dá Scoileanna Samhraidh.

Tar éis di a bheith rannpháirteach sa saothar tochailte i mBun Raite, Co. an Chláir, is ea a fostaíodh í mar choimeádaí cúnta in Ard-Mhúsaem na hÉireann sa roinn ealaíne agus tionscail. Caitríona Mac Leod, coimeádaí culaithirte agus gloine, a bhí ina béal múinte aici ansiúd. I mbliain 1975 is ar Mhairéad a thit cúram gloine, earraí fíodóireachta agus criadóireachta. Faoi 1996 bhí sí ina Coimeádaí ar Roinn na hEalaíne agus na Tionsclaíochta agus ba í a rinne cúram de thaispeántais na n-ealaíon ornáideach sa roinn den Ard-Mhúsaem atá i mBeairic Uí Choileáin. Bhí baint mhór aici leis an gcóiriú ab éigean a dhéanamh sa rannóg sin den Ard-Mhúsaem. Ba í a rinne feighlíocht ar an taispeántas seasta úd a bunaíodh in 2000, The way we wore, éadach, seodra agus trealamh na nÉireannach thar thréimhse 250 bliain. I rith a cúrsa san Ard-Mhúsaem tugadh ar iasacht í tamall don Fhoras Forbartha agus chaith sí cúig bliana sna 1990idí le Stiúrthóireacht Mhúsaem Hunt, Luimneach. Bhí sí ar an gcéad duine sa phost sin. Bhí baint mhór aici le bailiúchán Hunt a aistriú ann. Ba í ba mhó faoi deara an comhoibriú sin idir an tArd-Mhúsaem agus Bord Soláthair an Leictreachais arbh é a thoradh go ndearnadh an teach Seoirseach ag 29 Sráid Mhic Liam, Baile Átha Cliath, a athchóiriú le troscáin agus le lámhdhéantúsáin na tréimhse 1790–1820, agus é mar léiriú inniu ar stair na tréimhse sin. Osclaíodh don phobal é in 1991.

Ceannródaí ba ea Mairéad agus thosaigh sí ag bailiú ábhair i dtaobh mórdhearthóirí éadaí úd na haoise seo caite, leithéidí Sybil Connolly, Irene Gilbert agus Ib Jorgensen, daoine a bhí ag tabhú clú sna 1950idí. Chuir ar éirigh léi a shealbhú go mór le bailiúchán an Ard-Mhúsaeim den déantús fíodóireachta, ach go háirithe i gcás fhíodóireacht phoiplín Bhaile Átha Cliath, brait urláir Dhún na nGall agus déantús góiséireachta Bhaile Brigín, Co. Bhaile Átha Cliath. Faoina treoir mhéadaigh go suntasach ar an mbailiúchán seodra agus tá an tArd-Mhúsaem in ann a mhaíomh anois gur breá teann a bhailiúchán den tsnoíodóireacht a rinneadh den dair phortaigh agus de sheodra Éireannach an naoú haois déag agus thús an fichiú haois. Bhí tús curtha aici freisin le bailiúchán de sheodra an lae inniu, obair a leanann de bharr scéim mhaoinithe atá urraithe ag an Músaem in éineacht le Comhairle Cheardaíochta na hÉireann. Maidir le bailiú ábhair i gcoitinne, is sampla maith amháin ar a chumasaí a bhí sí ina bhun sin an dá chulaith nua-Cheilteacha úd de dhéantús Dun Emer Guild agus an scaraoid leapa úd ó Eochaill, arb eiseamláir fhíorannamh d’obair shnáthaide í. Go gairid sula ndeachaigh sí ar scor a shealbhaigh sí í. Ba luachmhar léi cultúr ábhartha na hÉireann agus chreid sí go daingean nár chóir neamhshuim a dhéanamh de cheardaíocht ar leith. ‘Have we gained freedom at last when subjects that were previously included in the history of sword and state are now studied separately?’, a scríobh sí in 2004 (The Irish Times 4 Meán Fómhair 2004). ‘Has that “freedom” given us confidence to accept that our ancestors were no less “true Gaels” if they enjoyed the trappings of fashionable dress and commodities? If this is true then we must welcome the change.’

Is iad na leabhair a scríobh sí: A history of the Irish Post Office (1983); Dress in Ireland: a history (1989); Donegal history and society: interdisciplinary essays on the history of an Irish county (1995), a raibh sí ina comheagarthóir air in éineacht le William Nolan agus Liam Ronayne. Sa leabhar ar Oifig an Phoist chuir sí béim ar leith ar stair na stampaí. Scríobh sí monagraif freisin ar chriadóireacht, ar ghloine agus ar sheodra, chomh maith le gearrstair Bheairic Uí Choileáin. Bhí sí ina comhairleoir agus ina rannpháirtí de chuid The encyclopaedia of Ireland (Lalor 2003). Ba í a scríobh agus a chuir i láthair an clár faisnéise teilifíse le David Shaw-Smith, Irish Lacelace, a chraol RTÉ. D'fhoilsigh Yale University Press leabhar léi , Pomp and Poverty: A History of Silk in Ireland in 2011. Is mó sin léacht a thug sí ag cruinnithe de chumainn seandálaíochta agus staire. Chaith sí dhá bhliain ina huachtarán ar Chumann Staire Dhún na nGall agus bhí ina ball de Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann. In 1997 bhí sí mar ionadaí na hÉireann ar an ngiúiré chun gearrliosta a dhéanamh de na dearaí le haghaidh airgead reatha an Aontais Eorpaigh. D’éirigh sí as a post san Ard-Mhúsaem in 2002. Bhí sí pósta tamall le Arthur Reynolds, iriseoir. D’éag sí ar 18 Márta 2008 agus d’fhág ina diaidh a páirtí John P. Rehill agus a beirt deartháireacha, Brian agus Maurice. Ina honóir a bhunaigh Ollscoil Luimnigh an Mairéad Dunlevy Commemorative Lecture in 2010.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair

  • Ní Néill, M. (1996) 'Mairéad Dunlevy – bean chumasach oibre le tréan panache' in Beatha dhuine a thoil Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ailt