I gCloch na Rón, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 14 Iúil 1873. Bhí deichniúr eile sa chlann a bhí ag John Fegan, a raibh ‘Fenian’ mar leasainm air—toisc baint a bheith aige leis na Fíníní—agus a bhean Sarah Kelly arbh as Baile Uí Fhiacháin i gContae Mhaigh Eo di.

Chuaigh an chlann chun cónaithe i mBearna nuair a bhí Nioclás dhá bhliain d’aois. Bhí gaol aige le Peter Yorke agus bhí cosúlacht acu le chéile ina ndealramh. Deirtear freisin go raibh gaol i bhfad amach aige leis an gCairdinéal Micheál Ó Luóg (1839–1924). Bhí sé ar scoil ag na hÍosánaigh i nGaillimh agus i Mungairit sula ndeachaigh sé go Maigh Nuad. Cailleadh a thuismitheoirí le linn dó bheith ann agus air a thit cúram na clainne. Oirníodh é 22 Meitheamh 1902.

Deirtear go mba chainteoir dúchais Gaeilge é. Ar éigean aon bhliain i Maigh Nuad dó nár bhuaigh sé duaiseanna sa Ghaeilge agus in urlabhraíocht an Bhéarla. Bhain sé Solus na Gaeilge le haiste ar ‘Caismirt Aodha Uí Néill in aghaidh Eibhlíse’ i 1902. Is cosúil go mbaineadh sé taitneamh as rang Gaeilge neamhoifigiúil a mhúineadh ann. Dhéanfadh sé féin staidéar ar an sean-Ghaeilge faoi Thomás Ó Máille i nGaillimh.

Bhí sé ina shagart cúnta i Lios Ceannúir, Co. an Chláir, 1902–3 agus thugadh seanmóirí agus deireadh paidreacha i nGaeilge. ‘In Liscannor a splendid spirit prevails’, a dúirt Peadar Ó hAnnracháin in An Claidheamh Soluis 6 Nollaig 1902. Is don Athair Nioclás an tagairt seo in Fé bhrat an Chonnartha, 1944: ‘B’in é an fear a bhuail liom Domhnach Cásca áirithe agus é ag filleadh abhaile tar éis deich scilling a fuair sé ar iasacht Lá ‘le Pádraig a aisíoc. Nuair a bhí bailiú do chiste an Chonartha ar siúl an lá úd ní raibh a dhóthain aige dá chuid féin chun síntiús oiriúnach a thabhairt uaidh, agus fuair sé ar iasacht é agus níor éirigh leis é a aisíoc go dtí go ndearnadh bailiú do na sagartaibh Domhnach Cásca !’.

Aistríodh ansin é go dtí paróiste theas Naomh Nioclás i nGaillimh. I 1903 d’iarr an Canónach Ó Conaire, sagart paróiste an Spidéil, go scaoilfí saor é chun airgead a bhailiú le haghaidh an tséipéil nua a bhí le tógáil sa Spidéal. Bhailigh sé £1,200 agus bhailigh Yorke £600 agus deirtear gurb in é mórchuid an airgid a bhí ag teastáil. Ó 1904 go 1909 bhí sé ag obair i bparóiste theas Naomh Nioclás. Tá tagairt don obair a bhí ar siúl aige sa Chladach in An Claidheamh Soluis 8 Aibreán 1911. Chaith sé 1909–10 in Inis Díomáin, 1910–11 i bparóiste thuaidh Naomh Nioclás, agus 1911–15 ar ais sa pharóiste theas. Thug sé an óráid ag Oireachtas 1913. Faoi 1915 bhí sé i Lios Ceannúir arís, mar riathóir, agus seanmóireacht agus paidreacha i nGaeilge ar siúl aige beagnach gach Domhnach (ibid 19 Feabhra 1916). Ceapadh ina shagart paróiste é i gCaisleán Gearr, Co. na Gaillimhe, i 1921. Ba é a thug an t-aitheasc an lá a nochtadh leac chuimhneacháin an Athar Micheál Ó Gríofa i mBaile Locha Riach. Bhí cáil na hóráidíochta air.

Bhí sé ag feidhmiú mar shéiplíneach i mBeairic na Rinne Móire agus théadh leis an gCéad Chath ar na mairseálacha fada go dtí campaí traenála i nDún na nGall agus Corcaigh. Thuairimítí go ndearna sin dochar dá shláinte. Ach tar éis tinnis ghairid ní raibh coinne lena bhás in ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliath 23 Meitheamh 1929. Cuireadh é in aice na heaglaise sa Chaisleán Gearr. Faoin teideal ‘Gael galánta ar lár’ bhí aiste ina thaobh in An Stoc, Iúil-Lúnasa 1929.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú