I 1961 thóg Craobh Ghleann Cholmcille de Chumann Náisiúnta na nUaigheanna leacht ina ómós i sráidbhaile an Chaisil. Tá seo scríofa air: “D’fhan sé seasmhach dílis go bás do chuspóirí na Poblachta a fógraíodh i 1916. Gan súil le cúiteamh, le gradam nó le onóir”.

Ar 16 Nollaig 1887 a rugadh é i Málainn Bhig, Gleann Cholmcille, Co. Dhún na nGall. Neidí Bán a bhí ar a athair agus ba í Anna Nic Sheáin a mháthair. Bádh an t-athair ar 1 Márta 1893 agus é ag iascaireacht trosc amach ó Oileán Reachlainn Uí Bheirn. B’éigean Donncha agus an cúigear ab óige a chur faoi chúram an dearthár ba shine, Seán, a bhí ina mhúinteoir scoile i mBaile Uí Dhonnaíle in aice le Dún Geanainn.

Rinne sé printíseacht mar innealtóir leictreach le Comhlacht Reynolle in Newcastle-on-Tyne. Chuir sé spéis i gConradh na Gaeilge ann. Fuair sé post le Comhlacht Westinghouse i Manchain agus ansin le muintir Ford Haulbowline i gcathair Chorcaí. Lean a spéis sa teanga ansin agus thugadh sé cuairteanna ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Bhí sé ina bhall de Chiorcal Fred Murray de Bhráithreachas na Poblachta. Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh sa chathair agus bhí sé sa Chéad Chathlán a mháirseáil siar i dtreo Mhaigh Chromtha maidin Dhomhnach Cásca 1916. Bhí sé go hard sna hÓglaigh i 1918 agus ar 4 Samhain thug pílir ruathar faoina theach lóistín i Sráid Liatroma. Sa scirmis lámhaigh Donncha an Príomh-Chonstábla Clarke. Gabhadh Donncha nuair a tháinig fórsaí athneartaithe agus tugadh go príosún Chorcaí é. Ba é an chéad duine de na hÓglaigh é a thóg seasamh ar an Resist Arrest Order, rud a thuill moladh ó Mhicheál Ó Coileáin. Ar eagla go bhfaighfeadh an Príomh-Chonstábla bás d’fhuascail na hÓglaigh Donncha ar 11 Samhain. Go Cúil Aodha a chuaigh sé ar a choimeád. Is léir ar stair na tréimhse ansiúd (Green tears for Hecuba, le P.J. Twohig) gur fhan cuimhne Dhonncha i measc na ndaoine. Le linn dó bheith ar a choimeád ghlac sé páirt i luíochán sa Driopsach, áit a ndeachaigh urchar trí phíce a chaipín.

Bhí sé ina bhall de choiste an Oireachtais i gCorcaigh i 1919 ach níor fhéad sé bheith ag na himeachtaí. Chaith sé tamall sna Stáit an bhliain chéanna sin ag bailiú airgid do chiste cheanncheathrúna na nÓglach. Ar fhilleadh dó i 1921 is i Sligeach agus i dTír Chonaill a ghlac sé páirt sa troid. Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh agus faoin am a raibh deireadh leis an gCogadh Cathartha bhí sé ina Oifigeach Ceannais ar Chéad Rannóg na nÓglach san Iarthuaisceart.

D’imigh sé ar imirce go dtí na Stáit agus bhí ag obair seal le comhlacht Edison i Nua-Eabhrac. D’fhill sé i 1925 agus phós Mairéad Ní Mhiacháin as na Frasa i dTír Chonaill i 1926. Bhí seisear clainne acu. Fuair sé post in Ard na Croise le muintir Siemens agus bhí sé ag obair do BSL ina dhiaidh sin. I 1931 chuir sé gnó leictreachais ar bun i mbaile Shligigh. D’éag sé ina theach cónaithe i Ros Ceite, Co. Shligigh, ar 15 Nollaig 1954. Ar 21 Nollaig bhí an tuairisc seo ar Scéala Éireann: “Hero of 1918 Gaol Rescue dies in Sligo”. An cuntas is iomláine ar an eachtra sin ba é Florrie O’Donoghue a scríobh é in Rebel Cork’s fighting story 1916–1921 (1947). Nuair a bhí O’Donoghue ar cuairt chuig Donncha in éineacht lena dheartháir, an tAthair Mac Niallais, is ea a thug sé an scéal do Dhonncha faoin éalú a bhí beartaithe.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú