Sa tSeanachúirt, An Sciobairín, Co. Chorcaí, a rugadh é 10 Bealtaine 1917. Ba é Micheál Ó Cuileanáin, príomhoide scoil náisiúnta an Sciobairín, a athair agus ba í Susan Nic Chárthaigh, bunmhúinteoir, a mháthair. Le Gaeilge a tógadh Conchubhar, a dheartháir agus a bheirt dheirfiúracha. Ba é an duine ab óige den cheathrar é.

I ndiaidh meánscolaíochta i Scoil na mBráithre De La Salle sa Sciobairín rinne sé cúrsa sa léann Ceilteach i gColáiste Ollscoile Chorcaí agus fuair BA le honóracha den chéad ghrád 1940. Fuair sé Duais Uí Longáin an bhliain chéanna. Bhí sé ina reachtaire ar an Literary and Philosophical Society agus ar an gCuallacht Ghaelach sa Choláiste, agus ina eagarthóir ar iris na mac léinn The Quarryman. Bhí sé ina rúnaí ag an gCumann Fichille agus bhí sé gníomhach sa Chumann Poblachtach.

I ndiaidh dó an tArd-Teastas Oideachais agus an Teastas Timire Gaeilge a ghnóthú bhí sé ag teagasc na Gaeilge i scoileanna gairmoideachais chontaetha Chorcaí, Chill Dara, an Longfoirt agus Bhaile Átha Cliath. Ar feadh scór bliain bhí sé gníomhach i gConradh na Gaeilge, mar bhall den Choiste Gnó, mar thimire lánaimseartha ó 1946 amach – an chéad duine dár ceapadh le fiche bliain – agus mar an chéad eagarthóir ar iris an Chonartha, Feasta. Tháinig an chéad uimhir den iris sin amach in Aibreán 1948 (ar 27 Márta chun bheith cruinn) i ndiaidh don Aire Airgeadais Proinsias Mac Aogáin deontas a chur ar fáil d’fhonn go mbeadh slacht níos fearr ar na hirisí Gaeilge. D’éirigh sé as an eagarthóireacht Iúil 1949 agus chaith tamall eile ina mhúinteoir gairmoideachais. Scríobh sé paimfléad don Chonradh, What you can do. Sheas sé féin, Annraoi Ó Liatháin, agus Tomás Ó Muircheartaigh sa toghchán d’uachtaránacht an Chonartha 1950 nuair is ag an Liathánach a bhí an bua.

Ar nós a athar bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar fhilíocht. Bhíodh a dhéantús le feiceáil in An Glór, The Irish Book Lover, Éire, The Gaelic Echo .... Cé gur roghnaíodh dánta dá chuid i nduanairí níor cnuasaíodh a shaothar go fóill. Bhí eolas go forleathan ar phéire dá dhánta: ‘Seán Bán Ó hArtagáin’ faoi charactar a deirtear atá bunaithe ar a phearsantacht féin, agus ‘Aisling’, scigaithris ar an genre agus an teachtaireacht ann do Ghaeil gur ‘nuabhean bhrísteach bhreasalach’ a bheidh feasta acu mar chéile.

Bhí ardspéis aige sa tseandálaíocht. D’oibrigh sé i Loch Gur faoin Ollamh Seán P. Ó Ríordáin agus bhí sé féin i mbun oscailt dhá lios sa tSeanachúirt agus i Loch Adhain.

Bhí spéis mhór aige i gCumann Lúthchleas Gael agus ba é an chéad eagarthóir é ar a mbliainiris Our Games Annual. Deirtear gur leis ba thúisce a rith an smaoineamh comórtas iomána a bheith ina chuid den Oireachtas athbhunaithe.

Phós an tAthair Seosamh Ó Muirthile é féin agus Caitríona Ní Chorragáin, bunmhúinteoir, 25 Lúnasa 1952 in Eaglais Naomh Aindriú, Baile Átha Cliath. Ní raibh aon chlann acu. Fuair sé bás de dheasca timpiste 11 Márta 1960. Ó 1952 ar aghaidh bhí sé ina oifigeach taighde ag Coimisiún na Logainmneacha.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú