Sa Sciobairín a rugadh é 10 Eanáir 1883. Ba dhéantóir cóistí a athair Cornelius Cullinane agus fuálaí ba ea a mháthair Mary Long. Níor chainteoir dúchais é. Chuaigh sé le bunmhúinteoireacht agus phós sé bunmhúinteoir. Susan Nic Chárthaigh ó Bharr an Bhile in iarthar Chairbre, 1910. I Londain a fuair sise oiliúint mhúinteora agus bhí sí ina ball de Chonradh na Gaeilge thall. Bhuaigh sí duaiseanna ag feiseanna i Sasana agus roinneadh an chéad duais sa roinn ‘An modh múinteoireachta’ uirthi féin agus ar iomaitheoir eile ag Oireachtas 1913. Bunmhúinteoirí ba ea a tuismitheoirí. Bhí Micheál agus Susan ag múineadh i scoil náisiúnta an Sciobairín; agus Micheál ina phríomhoide ann. Bhí ceathrar clainne acu agus le Gaeilge a thóg siad iad: beirt mhac, Carthach agus Conchubhar, agus beirt iníonacha, Móirín agus Íte. Bhí Móirín (d’éag 24 Nollaig 1990) ina rúnaí ag Craobh an Chéitinnigh agus chaith sí trí bliana i ngéibheann sna luathdhaichidí mar gheall ar a poblachtánachas. Phós sí Pádraig Mac Cionnaith agus is iníon leo Íte Ní Chionnaith, uachtarán Chonradh na Gaeilge 1985–89.

Bhí Micheál ar dhuine den chéad dream a bhain teastais amach de bharr scrúdaithe i gColáiste Múinteoireachta na Mumhan i mBeal Átha an Ghaorthaidh 1906. Bhí sé ina rúnaí ar Chraobh an Sciobairín den Chonradh, agus ar dhuine de bhunaitheoirí Choláiste Chairbre i gCuan Dor. Bhí sé ina rúnaí ag an gcoláiste sin ar feadh tamaill.

Bhí spéis mhór aige i mbéaloideas a cheantair féin agus tá cuid dár bhailigh sé i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge agus in Béaloideas. Ba é a bhí i mbun scéim na múinteoirí náisiúnta i gceantar an Sciobairín sna 1930idí chun béaloideas a bhailiú. Seanchaí maith ba ea é féin agus bhí de cháil air go raibh cuid mhaith de dhéantús fhilí Chairbre de ghlanmheabhair aige. Agus bhí cáil na filíochta air féin: d’fhreastalaíodh sé ar Dhámhscoil Mhúscraí agus cuireadh cuid mhaith dánta leis i gcló. Gheofar tuairim faoin mheas a bhí ag filí eile na Dámhscoile air in Feasta, Feabhra 1953. Tá i gcló ansiúd ‘Iarghnó Mhichíl Uí Chuileanáin’, a leithscéal faoi nár fhéad sé freastal ar scoil 1942 toisc easpa peitril. Thug Domhnall Ó Ceocháin, an Suibhneach Meann, Seán Eoin Ó Súilleabháin agus Domhnall Ó Mulláin freagraí air.

Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais, ina measc ceann ar ghearrscéal (1912), agus duais ar Ghaeilge a chur ar dhán de chuid Longfellow. D’aistrigh sé dráma Sir Ernest A. Jelf, The shadow of the inn faoin teideal Ar scáth an ósta, 1939.

Bhí cónaí air sa tSeanchúirt timpeall dhá mhíle ón Sciobairín. Teach mór comhluadair ba ea é. D’éag Susan 21 Deireadh Fómhair 1946 agus cailleadh Micheál 12 Nollaig 1961.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú