Ó SIADHAIL, Seán (1950–2006)

Gearrscéalaí, úrscéalaí, taighdeoir, múinteoir. Tá cuntais ghairide air in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995, 1995 le Seán Ó Cearnaigh agus in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de Scríbhneoirí Gaeilge, 1998 in eagar ag Gearóidín Uí Nia. I gcathair Dhoire a rugadh é 16 Eanáir 1950. B’as Doire freisin dá athair John Shiels, gréasaí, agus dá mháthair Nora Doherty, a mhair i ndiaidh Sheáin. Bhí ceathrar deirfiúracha aige agus beirt deartháireacha ar duine díobh Pádraig Ó Siadhail, údar, eagarthóir, scoláire.

Cuireadh bunscolaíocht air i Scoil na mBuachaillí, Sráid Héilean, Doire, agus meánscolaíocht i gColáiste Choilm, Doire. Bhí sé in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, ar feadh 1968-72 agus ghnóthaigh céim M.A.; gearrscéalaíocht na Gaeilge ábhar a thráchtais. Bhí poist mhúinteoireachta aige i gContae na Mí: sa Cheardscoil, Baile Átha Troim; i gColáiste Pobail Ráth Chairn; agus i gCeardscoil Bhaile Átha Buí, mar a raibh sé ina Leas-Phríomhoide sular ceapadh é ina Phríomhoide. Bhí sé pósta ar Éilís Fagan agus bhí triúr iníonacha acu agus beirt mhac agus cónaí orthu i mBaile an Mháirséalaigh, Cill Mheasáin, Co. na Mí. Chuaigh sé amach ar pinsean Meán Fómhair 2005 agus cheana féin bhí tráchtas dochtúireachta á scríobh aige ar shaothar Phádraic Uí Chonaire faoi stiúradh an Dr Pádraigín Riggs, Coláiste Ollscoile Chorcaí. Maraíodh Seán sa Spáinn i dtimpiste mara ar 12 Lúnasa 2006. Faoin gceannteideal ‘Swimmer killed in water accident was noted Irish author’ tá cuntas ar ar tharla dó in Irish Times 15 Lúnasa 2006: ‘The 56-year old Irishman who died after apparently being struck by a jet-ski or a speedboat while swimming in Spain was yesterday named as Seán Ó Siadhail..., a retired school teacher and well-known Irish author.’ Deirtear sa tuairisc gur amach sa bhfarraige ó thrá Cabo Roig, Orihuela Costa, in aice le Torrevieja a fuarthas a chorp. Tagraítear do theach a bheith aige sa bhaile sin a mbíonn tarraingt na nÉireannach air. Cuireadh é i reilig Chill Táile, Co. na Mí.

Scríobh sé na húrscéalta: Ashling Glass, 1985; Comhad Caoch, 1993; SSTTTC, 1997; Finnscéalaíocht an Ghrá, 2004. Cnuasaigh ghearrscéalta is ea: Scéalta Mhac an Ghobáin, 1982; Miodamas agus Scéalta Eile, 1989; Cuid na Trua, 1997. In Irisleabhar Mhá Nuad, 1986 foilsíodh an aiste ‘Caidé a d’imigh ar Fhear na hAislinge?’, aiste critice a moladh go hard. Foilsíodh corraiste leis in Comhar agus in An tUltach. Bhuaigh sé duaiseanna ar ghearrscéalta ag Oireachtais 1988 agus 1995. Tá an tagairt seo dá ghearrscéalta ag Aisling Ní Dhonnchadha in Idir Dhúchas agus Dualgas: Staidéar ar Charachtair Mhná sa Ghearrscéal Gaeilge 1940-1990, 2002: ‘Scríbhneoir é ar fiú don léitheoir ar spéis leis staidéar a dhéanamh ar chúrsaí teicníce agus reacaireachta tamall a chaitheamh ina theannta’. Deir Alan Titley in An tÚrscéal Gaeilge, 1991: ‘Is mó an spéis a chuirfeadh daoine, b’fhéidir, san teicníc úr inste a chleacht Seán Ó Siadhail in Ashling Glass (1984) ná san scéal gabhlánach féin, ach mar le rud, is tuisceanaí agus is doimhne an plé a dhéantar ann ar cheist shíoraí an fhoréigin ná in aon úrscéal eile de chuid an Tuaiscirt.’ Is cinnte, murach an bás anabaí, gur scríbhneoir agus taighdeoir é a bhainfeadh lántairbhe as an saoirse a bhí gnóite aige chun cur lena chlú mar scríbhneoir.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú