Múinteoir. Duine de rúnaithe Shinn Féin i gCorcaigh i 1916. Baint mhór aige le ceannach an Ghrianáin. Mhúin i gColáiste na Mumhan ar feadh i bhfad, é ina phríomhoide i gcraobh chathair Chorcaí den Choláiste. Bhuaigh a scoil i Lána Trimbath Duais Carlisle Blake. Léachtaí Gaeilge ar chúrsaí oideachais i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Baint aige le Gaelachas Teo. Aistí in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, An Lóchrann . . . . Ina Uachtarán ar Oireachtas 1954. D’éag 2 Bealtaine 1963. Tuairisc air in Cork Examiner 3 Bealtaine.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú