Ar an gCnoc Dubh i bparóiste Chuilinn i nDúthalla a rugadh é. Fear a raibh idir sheanchas agus sheanscéalta aige, chomh maith le heolas ar fhilíocht na Mumhan, ba ea a athair Aodh, saor cloiche. Ba í Síle Ní Chárthaigh a mháthair. Bhí sé ar scoil i gCuilinn go raibh sé 16 bliana d’aois agus chuaigh sé chun cónaithe sa tsráidbhaile deich mbliana ina dhiaidh sin. Saor cloiche ar nós a athar ba ea é agus tuairim 1910 d’fhostaigh Comhairle Ceantair Tuaithe Shráid an Mhuilinn é mar chléíreach oibre.

Ní raibh aon Bhéarla aige go ndeachaigh sé ar scoil agus bhí sé ar an mbuíon dheireanach ann a d’fhoghlaim an teagasc Críostaí i nGaeilge. D’fhág sin go raibh léamh na Gaeilge aige. Bhí cara leis, an tAthair Dónall Ó Caoimh, ina shagart agus choinníodh seisean ábhar léitheoireachta i mBéarla leis. Cé gurbh fhéidir ‘file pobail’ a thabhairt air bhí sé difriúil le cuid mhór den chineál. D’aistríodh sé dánta ón mBéarla - ‘The Prisoner of Chillon’ (Byron) agus ‘The Village blacksmith’ (Longfellow), mar shamplaí - agus amhráin a bhí chomh fada ó chéile le ‘Kathleen Mavourneen’ agus ‘The Soldier’s song’. Chaoin sé idir thaoisigh agus chairde agus chum dánta ar ábhair mar phinsean na seanaoise, an chríchdheighilt, an taispeántas mór i gCorcaigh. Shíl an Gúm i 1930 gur den chríonnacht gan véarsaí a dhamnaigh an Conradh Angla-Éireannach a fhoilsiú ina chnuasach dánta.

Ní dóigh go gcuimhneodh sé ar fhilíocht i nGaeilge a chumadh murach gur bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge i gCuilinn. Bhí sé ina bhall den choiste agus ní foláir nó chuaigh Seán Ó Cadhla, máistir scoile Chuilinn, i gcion go mór air. Cé go raibh sé in ann an teanga a scríobh ba é Seán a chabhraigh leis chun a dhánta a chóiriú i gceart chun go gcuirfí isteach ar dhuaiseanna Oireachtais iad agus chun go bhfoilseofaí iad. Sa réamhrá a chuir sé le Duanaire Dúitch’ Ealla, 1930 dúirt Seán: ‘Bhí sé in inmhe Gaeilge a léamh go beacht ... Scríobhann sé ar a shlí féin í ach ní bheadh scoláirí na haimsire sásta leis an gcuma sin’. Chuir Séamus Ó Cróinín eagrán nua den duanaire sin amach i 1984 faoin teideal Duanaireacht Sruthán Dúthalla.

D’éag Domhnall ar 27 Meán Fómhair 1930 sula bhfaca sé an duanaire i gcló. Tá sé curtha i seanreilig Chuilinn. Bhí a mhac Domhnall ina mhúinteoir cúnta i scoil Chuilinn agus eolas maith aige ar an teanga. Fuair sé bás den eitinn tamall gairid i ndiaidh 1907.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú