Ó CONCHUBHAIR, Domhnall (1847–1930) Domhnall Ó CONCHUBHAIR Domhnall na Cásca 1847 1930 An Cnoc Dubh, Co. Chorcaí Cuillinn, Co. Chorcaí M aistritheoir file cléireach saor cloiche Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ar an gCnoc Dubh i bparóiste Chuilinn i nDúthalla a rugadh é. Fear a raibh idir sheanchas agus sheanscéalta aige, chomh maith le heolas ar fhilíocht na Mumhan, ba ea a athair Aodh, saor cloiche. Ba í Síle Ní Chárthaigh a mháthair. Bhí sé ar scoil i gCuilinn go raibh sé 16 bliana d’aois agus chuaigh sé chun cónaithe sa tsráidbhaile deich mbliana ina dhiaidh sin. Saor cloiche ar nós a athar ba ea é agus tuairim 1910 d’fhostaigh Comhairle Ceantair Tuaithe Shráid an Mhuilinn é mar chléíreach oibre.

Ní raibh aon Bhéarla aige go ndeachaigh sé ar scoil agus bhí sé ar an mbuíon dheireanach ann a d’fhoghlaim an teagasc Críostaí i nGaeilge. D’fhág sin go raibh léamh na Gaeilge aige. Bhí cara leis, an tAthair Dónall Ó Caoimh, ina shagart agus choinníodh seisean ábhar léitheoireachta i mBéarla leis. Cé gurbh fhéidir ‘file pobail’ a thabhairt air bhí sé difriúil le cuid mhór den chineál. D’aistríodh sé dánta ón mBéarla - ‘The Prisoner of Chillon’ (Byron) agus ‘The Village blacksmith’ (Longfellow), mar shamplaí - agus amhráin a bhí chomh fada ó chéile le ‘Kathleen Mavourneen’ agus ‘The Soldier’s song’. Chaoin sé idir thaoisigh agus chairde agus chum dánta ar ábhair mar phinsean na seanaoise, an chríchdheighilt, an taispeántas mór i gCorcaigh. Shíl an Gúm i 1930 gur den chríonnacht gan véarsaí a dhamnaigh an Conradh Angla-Éireannach a fhoilsiú ina chnuasach dánta.

Ní dóigh go gcuimhneodh sé ar fhilíocht i nGaeilge a chumadh murach gur bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge i gCuilinn. Bhí sé ina bhall den choiste agus ní foláir nó chuaigh Seán Ó Cadhla [q.v.], máistir scoile Chuilinn, i gcion go mór air. Cé go raibh sé in ann an teanga a scríobh ba é Seán a chabhraigh leis chun a dhánta a chóiriú i gceart chun go gcuirfí isteach ar dhuaiseanna Oireachtais iad agus chun go bhfoilseofaí iad. Sa réamhrá a chuir sé le Duanaire Dúitch’ Ealla, 1930 dúirt Seán: ‘Bhí sé in inmhe Gaeilge a léamh go beacht ... Scríobhann sé ar a shlí féin í ach ní bheadh scoláirí na haimsire sásta leis an gcuma sin’. Chuir Séamus Ó Cróinín eagrán nua den duanaire sin amach i 1984 faoin teideal Duanaireacht Sruthán Dúthalla.

D’éag Domhnall ar 27 Meán Fómhair 1930 sula bhfaca sé an duanaire i gcló. Tá sé curtha i seanreilig Chuilinn. Bhí a mhac Domhnall ina mhúinteoir cúnta i scoil Chuilinn agus eolas maith aige ar an teanga. Fuair sé bás den eitinn tamall gairid i ndiaidh 1907.