I Warley, Essex, a rugadh Jeremiah Joseph O’Connor (Diarmuid Seosamh a thug sé air féin i nGaeilge) ar 25 Meán Fómhair 1877. Bhí a athair Daniel, arbh as an gCnoc Maol, sé mhíle ó Lios Tuathail, ó cheart dó, ina mhaorsháirsint in arm na Breataine i Warley. Chuir Tiarna Lios Tuathail a mhuintir as seilbh a ngabháltais in 1863. Elizabeth Wilmot, aintín le Séamus Wilmot, máthair Sheosaimh. Col ceathrar lena athair Daniel ab ea George Fitzmaurice, an t-údar dramaíochta ó Dubháth, taobh leis an gCnoc Maol. Bhí cúigear cailíní agus seisear buachaillí sa chlann.

D’éirigh le Daniel O’Connor an t-arm a fhágáil in 1884. Trí bliana ina dhiaidh sin fuair sé post ar iarnród nua Lartigue (Lios Tuathail - Baile an Bhuinneánaigh) a osclaíodh ar 29 Feabhra 1888. In 1890 ceapadh é ina mháistir stáisiúin sa Daingean. Osclaíodh Iarnród an Daingin ar 31 Márta 1891. Bhuaigh Seosamh duais £40 i Scoil na mBráithre ansin agus chuaigh isteach i gColáiste Bhréanainn i gCill Airne. I Meán Fómhair 1895 chuaigh sé go dtí Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, ach níor chaith sé ann ach an dá bhliain.

Fuair sé a chéad phost i Scoil na mBráithre ar Ché Uí Shúilleabháin, Corcaigh, ag múineadh Laidne agus Fraincise ar chúig scilling déag sa tseachtain. Tar éis costas an lóistín a íoc ní bhíodh fágtha aige ach leathchoróin. I bpíosaí leathréil a thugtaí a phá dó.

Ar a 21ú breithlá thosaigh sé ag teagasc i gColáiste Bhréanainn. Bhí an post sin aige go ceann 25 bliana. I 1904 cháiligh sé mar mhúinteoir ealaíne i Scoil na nEalaíon i Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath. Chun cur lena ioncam bhí teach tábhairne i bpríomhshráid Chill Airne aige ar feadh trí bliana ó 1904 amach, a ainm i nGaeilge air agus tarraingt mhuintir Ghaeltachta an cheantair air. Chuaigh an teach trí thine ar 31 Nollaig 1906. Bhí sé deacair teach a fháil ar cíos i mbaile Chill Airne ag an am sin bliana ach ar 5 Eanáir fuair sé feirm 66 acra agus teach san Fhosadh ar cíos £1 an acra ón Tiarna Kenmare.

Nuair a bunaíodh an stát Éireannach ceapadh é ina dhuine den “Dá Apstal Déag”, na cigirí scoileanna túsúla úd arbh é a bpríomhchúram na scoileanna náisiúnta a Ghaelú. D’fhág an post sin ag taisteal na hÉireann é go dtí an bhliain 1942. Bhí spéis mhór aige i dtraidisiúin, i lámhscríbhinní agus i scríobhaithe cheantar tuaithe Chill Airne mar is léir ar aistí a scríobh sé (Béaloideas Iml. XV agus imleabhair de The Capuchin Annual). Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chuallacht Bhréanainn. Dar lena ghariníon Nessa O'Connor bhí baint aige le Séamus Ó Duilearga, ag bailiú bealoidis i gCiarraí nuair a bhí sé ag obair mar chigire, go háirithe in Uíbh Ráthach. Bhí cónaí ar Sheosamh roinnt mhaith den am i mBaile an Sceilg. Thug Ó Duilearga Walt Disney ar cuairt chuige san Fhosadh go luath sna caogaidí agus é ag bailiú scéalta i gcomhair scannán faoin am.

Is nuair a chuaigh sé ar pinsean a thosaigh sé ag scríobh. Foilsíodh a úrscéal The Norwayman i Nua-Eabhrac i 1949 agus é 72 bliana d’aois. Dar le Anthony Gaughan (Listowel and its vicinity) gur sháraigh sin curiarracht Charles Morgan ar tháinig a chéad úrscéal amach i bhfad roimhe sin in aois 68 bliana dó. Foilsíodh dírbheathaisnéis Sheosaimh, Hostage to fortune, i 1952 agus ceithre bliana ina dhiaidh sin Sármháistrí na hIodáile. An gá a bhí ann le leabhair ealaíne i nGaeilge bhí sé tugtha faoi deara aige le linn a chuid cigireachta. “On the day the Russians turned on the Germans at Stalingrad ... the Gúm accepted for publication a much-needed textbook on Art with two hundred illustrations in line and colour which took as long to draw as the book to write. That was in November 1942 ... Before I had discovered for myself and heard from other innocent Gaelic writers of the constipational practices of an Gúm, I sent in another manuscript on the Italian masters, which was accepted and put in cold storage two days after Rommel’s defeat at EI Alamein ... Frustrated by the Gúm, I turned to English”. B’fhéidir gur nithiúla de a dhírbheathaisnéis í a bheith i nGaeilge, gurbh fhairsinge a bheadh eolas agus eachtraíocht inti i dtaobh Ghaelú an chórais bunoideachais agus i dtaobh staid na teanga sa Ghaeltacht idir 1923 agus 1942.

Bhí Seosamh pósta ar Katie Riordan agus bhí iníon amháin agus beirt mhac acu. D’éag sé ar 2 Meán Fómhair 1957. Seoladh athchló Hostage to fortune i 1986 ag Seachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú