Gheofar cuntas le John F. McMahon ar dhánta an mháistir scoile seo in Shannonside Annual. Ba é an file é a bhí i gceannas ar chúirt a thionóltaí i Lios Eiltín, Co. Chiarraí. Tagraíodh dó in 1803 mar ‘Chief Magistrate, Bardic Association’. Tá na máistrí agus na filí a thaithíodh an chúirt liostaithe ag McMahon: ‘High above them all in learning and scholarship must be ranked Micheál Óg Ó Longáin . . . who was only too happy to return to North Kerry to preside over the Cúirt na Suagh at Lisselton, as he frequently did, especially in the years 1798-1806 when as an United Irishman he found himself forced to go on the run.’ Tá lámhscríbhinn de dhéantús Phádraig i dtaobh ‘Iomarbhá na bhFilí’ in Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá an caoineadh a chum sé ar a bhanchéile Eibhlín Ní Artnain (d’éag ar 29 Eanáir 1796) i gcló ag McMahon.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú