Sa Chaisleán Nua, Co. Luimnigh, a rugadh é in Iúil 1877 (ar 22 Iúil a baisteadh é). Sábhadóir ó Ghleann Starra in Ardach a athair Micheál. Cainteoir dúchais Gaeilge agus Fínín ba ea é. Ba í Catherine Sheehan ón gCaisleán Nua, dara bean chéile Mhike the Sawyer, máthair Sheáin. Bhí triúr leasdeartháireacha agus deirfiúr amháin aige. Ní le Gaeilge a tógadh é ach dhealródh sé gurbh ón athair a d’fhoghlaim sé í.

Nuair a bhí sé an-óg d’aistrigh an chlann go dtí lár sheanchathair Luimnigh. Bíodh go raibh oideachas maith air, é in ann Béarla a scríobh go maith, idir Ghaeilge is Fhraincis aige, ní móide go ndeachaigh sé thar an bhunscoil riamh. Luaitear an chlódóireacht ach níltear lándeimhnitheach cén cheird a bhí aige i bhfiorthosach a shaoil.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge i Luimneach. Ba é ionadaí na craoibhe é ag an Tionól Náisiúnta sa Rotunda i mBaile Átha Cliath i mBealtaine 1900. Chomh luath le 1896 bhí sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta agus bhí sé ina bhall de choiste comórtha ’98 i Luimneach. Is ón mbliain sin amach a bhí sé ag teagasc na Gaeilge go lánaimseartha. I measc a chuid scoláirí bhí Tomás de Bhál agus Micheál Ó hAodha, na sagairt a ghearáin an Ginearál Maxwell le hEaspag Luimnigh i 1916.

In 1898 phós Seán Catherine Hayes ó Áth Dara. Thóg siad cúigear buachaillí agus triúr cailíní le Gaeilge. Fuair Catherine bás i Samhain 1921 agus ba í Nóirín Scanlon as an gCraobh Rua, Cill Dalua, an dara bean chéile. Go luath sa chéad fuair sé post múinteora Gaeilge i Cill Dalua. Faoi 1912 bhí dintiúir uile an mhúinteora faighte aige ón gConradh agus ón mBord Náisiúnta Oideachais. B’in í an bhliain a d’aistrigh sé go dtí Cill Droichid, Co. Chill Dara. Chomh maith le múineadh na teanga bhí sé ina eagraí ann ag na hÓglaigh a luaithe a bunaíodh iad. Tuairim an ama seo thug Liam Ó Maoilíosa air a bhallraíocht i mBráithreachas na Poblachta a athnuachan chun go mbeadh sé ag earcaíocht dóibh sin freisin.

Nuair a tharla an scoilt sna hÓglaigh cuireadh baghcat ar a chuid ranganna. B’éigean dó éirí as an mhúinteoireacht ar deireadh agus Aoine an Chéasta 1916 d’aistrigh an chlann go dtí Sráid Nash, Inse Chór, Baile Átha Cliath. Fuair sé post sclábhaí sna bóithre iarainn. Dul i gcion ar chúrsaí ceardchumannachais an t-ordú a bhí faighte aige ón IRB. Ba ghairid go raibh sé ina rúnaí ag brainse Inse Chór de pháirtí an Lucht Oibre. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Cheardchumann Innealtóireachta na hÉireann. In Eanáir 1920 toghadh é ina bhall de Bhardas Bhaile Átha Cliath. Tá tagairt dá shaothar bardais, cuid de ar son na teanga, ag William O’Brien in Forth the banners go (1969).

Bhí mic Sheáin, cibé acu a bhí tagtha in oirbheart, páirteach i gCogadh na Saoirse agus go háirithe Pádraig (d’éag 14 Bealtaine 1953) agus Seán óg (d’éag 17 Nollaig 1956), a bhí ina mbaill den Aonad Gníomhach Seirbhíse (ASU). Thugtaí ruathair faoin teach i Sráid Nash. Bhíodh gunnaí agus lón lámhaigh ann. Chuireadh Seán gunnaí á ndeisiú i gCeardlanna Inse Chór. Chaith sé Deireadh Fómhair-Samhain 1920 i bpríosún Chnoc Arbour agus Bealtaine-Samhain 1920 sa Churrach.

D’fhostaigh an tArm é in Aibreán 1922 chun cabhrú leo i gcúrsaí poiblíochta agus chun An tÓglach a thabhairt amach. Rinneadh leifteanant de i Nollaig 1922. Bhí triúr mac san arm ag an am céanna leis: an Cornal Pádraig, an Captaen Seán agus an Corparáil Micheál. Pádraig a bhí i gceannas an díorma lámhaigh an mhaidin a cuireadh Erskine Childers chun báis. Bhí baint aige sin, ag Seán óg agus ag a n-athair leis an gCéad Chath ón uair a cuireadh tús leis sna Hibernian Schools, Páirc an Fhionnuisce. Ba é Seana-Sheán, mar a thugtaí anois air, a chuir orduithe druilleála i nGaeilge ar fáil don Chath.

Ag Oireachtas 1924 bhuaigh sé an chéad duais ar dhráma trí ghníomh, Boramha Laighean. Bhí leathchéad carachtar ann, é rómhór ar fad le stáitsiú ag an am. Ach nuair a bhí Seán óg ar bhord stiúrtha na Taibhdheirce léirigh Proinsias Mac Diarmada é ar 12–15 Bealtaine 1933. Léiríodh sa Mhainistir é ar 23 Deireadh Fómhair 1944.

Ag an Oireachtas céanna bhuaigh Seán duais freisin ar bhailiúchán de scéalta a tharraing sé ó theanga iasachta. Roimhe sin bhí go leor scéalta i gcló aige in Fáinne an Lae, An Claidheamh Soluis, An Branar, Limerick Leader, An tÓglach ... D’fhoilsigh Preas an Talbóidigh cnuasach dá dhánta Béarla agus Gaeilge faoin teideal The Kincora book of verse (1926). Ina measc tá leagan d’Amhrán na bhFiann.

Bhíodh ceachtanna Gaeilge i gcló aige san Weekly Independent agus ar 25 Eanáir 1926 a thosaigh sé ag craoladh ceachtanna ar 2RN nuabhunaithe. Ba iad na chéad cheachtanna Gaeilge raidió riamh iad agus lean siad gach Máirt ar feadh bliana. D’éag sé in ospidéal Naomh Bricín ar 12 Márta 1927 tar éis dó dul faoi scian toisc aipindicíteas a bheith air.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú