Ar 12 Nollaig 1886 ar an gCionn Garbh i bparóiste Inis Caoil i dTír Chonaill a rugadh é. Feirmeoir beag a athair Peadar, fear a raibh cáil an tseanchais air. Ba í Máire Nic Ailín (Campbell an leagan den sloinne sin atá ar an teastas breithe) a mháthair agus ar a taobhsan bhí sé síolraithe ó Thadhg Ó Tiománaí, file, rud a d’fhág go raibh gaol i bhfad amach aige leis an scríbhneoir eile úd ó Inis Caoil, Patrick McGill. Ba é Seaghán an tríú duine de sheachtar clainne. Bhí Gaeilge ó dhúchas aige.

Scoil Naisiúnta an Chinn Ghairbh an t-aon scoil amháin ar fhreastail sé uirthi. Cois na tine sa bhaile a d’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge. Chaith sé tréimhse i gColáiste Uladh i gCloch Cheann Fhaolaidh. D’éirigh leis i scrúdú máithreánach Ollscoil Londan de thoradh cúrsa poist.

Ar feadh cúig bliana bhí sé ina mhúinteoir Gaeilge ag Conradh na Gaeilge anseo is ansiúd i dTír Chonaill. Deirtear go raibh post múinteora scoile aige ar feadh tamaill i nDoire ach gur chaill sé é toisc nach dtógfadh sé móid dílseachta don stát. I mí na Nollag 1920 bhí sé ar dhuine díobh sin a cheap Conradh na Gaeilge ina rúnaithe dúiche. Deoise Dhoire an ceantar a bhí faoina chúram. In 1930 fuair sé post in Institiúid Mhic Dhaeid sna Gleannta agus chaith sé 30 bliain ag teagasc ann. Ag Oireachtas 1910 bhuaigh sé bonn óir ar óid Oireachtais, bonn airgid ar “Scéal gairid ag baint le heachtra éigin as seanchas na hÉireann” agus bonn airgid agus duais £5 (an chéad duais) ar “Scéal ag baint leis an saol faoi láthair”.

Idir 1915 agus 1956 scríobh sé 15 leabhar: gearrscéalta, léitheoirí, stair na hÉireann, drámaí, aistí. Is iad na teidil is mó a mbíonn trácht orthu: Sgéalta goiride geimhridh (1915) Fear siubhail agus a chuid chomharsanach (1924) Indé agus indiu (1929); Ó chamhaoir go clap-sholas (1940); Rácáil agus scuabadh (1955). Mar gheall ar a bhfuil d’eolas faoin seansaol agus ar a bhfuil de shaibhreas teanga sna leabhair sin is mó a mholtar iad. Leabhair eile a scríobh sé is ea: Fear siubhail a’s a chuid comharsanach agus daoine eile (1931); Ard-léightheoir Gaedhilge 1 agus 11 (1937-39); Crann an eolais (1939); Mám as mo mhála (1940); Mallacht na máthara (1940); Eachtraí Chois Teineadh nó más feall fillfidh (1945); An margadh dubh (1952); Mám eile as mo mhála (1954); Crathadh an phocáin (1955); Stair na hÉireann 1 (1956); Trí mhion-dráma (1963). Tá liosta de na leabhair le fáil in Éigse 1988: Seán Mac Meanman

Ba é an tUltach ba bhinbí é dár throid in aghaidh an chló rómhánaigh agus an chaighdeáin litrithe agus gramadaí. Bhí meas cancráin ag a lán air mar gheall ar a ghéire a labhraíodh sé ar na daoine a bhí ag brú na n-athruithe sin chun cinn.

Ailbíneach ba ea é - an fáth gan amhras a dtugtaí Seaghán Bán air - agus bhí radharc na súl go dona aige ar feadh a shaoil. Mar seo ba chuimhin le duine dá iarscoláirí é: “Is cuimhin liom fear beag a raibh uaireadóir ollmhór aige agus bhíodh air a thógáil cóngarach do na súile leis an am a fheiceáil nó bhí an radharc ag meath air ... Bhaineadh sé leas corruair as an lagradharc sin lenár gcuid iomlait a cheansú: bhí muidne chomh cinnte go raibh sé caoch go dtéimís thar fóir lenár gcleasaíocht; ligeadh seisean air nach raibh rud ar bith tugtha faoi deara aige go dtigeadh sé faoi fhad greim a fháil orainn agus bheireadh sé cluaisín maith dúinn” (in Éigse 1988).

Dhealródh sé gur chaith sé tréimhse nó dhó i bpríosún Dhoire. Óráidí maith ba ea é agus labhraíodh sé ag cruinnithe de chuid na nÓglach. Deirtear freisin go raibh sé ina bhreitheamh sna cúirteanna Poblachtacha.

Tá cuntais ar a bheatha agus a shaothar in Feasta, Meán Fómhair 1963, ag Bearnard Ó Dubhthaigh, agus ag Séamus Ó Cnáimhsí, Nollaig Mac Congáil, Séamus Mac Giolla Uain agus Risteárd Ó Glaisne in Éigse 1988: Seán Mac Meanman (Coiscéim). Foilsíodh cnuasach dá chuid aistí faoin teideal Cnuasach céad conlach, in eagar ag Séamus Ó Cnáimhsí (1989). Tá aiste ag Séamus Ó Cnáimhsí in Scríbhneoireacht na gConallach (1990) in eagar ag Nollaig Mac Congáil.

Bhí sé pósta ar Pat Coyle as Leitir Ceanainn. Ní raibh aon chlann acu. D’éag sé ar 7 Samhain 1962.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú