Tá alt omóis dó ag Micheál de Mórdha in Foinse 2 Bealtaine 2004 agus tá cuntais air in Irish Times 8 Bealtaine 2004, agus ag Breandán ‘Brandy’ Mac Gearailt in Dúthaigh Duibhneach, 2004. Scríobh sé péire leabhar ar dhúiche Duibhneach: Corca Dhuibhne in aos Inis Tuaiscirt agus Uí Fhearba, 1973, stair na dúiche ó thosach aimsire go dtí an 16ú haois, agus Corca Dhuibhne: a muintir agus a séadchomharthaí, 1977, treoirleabhar. Rugadh é i mBaile an Chótaigh, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, 23 Eanáir 1918. Ba dhuine é den chúigear a bhí ag Mícheál, príomhoide na scoile san áit, agus Neillie Garvey. Bhog an teaghlach go dtí an Seanchnoc, paróiste Mhárthain, go luath ina dhiaidh sin. Tar éis bunscolaíochta cuireadh é chuig Coláiste Charraig an Tobair agus cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Oiliúna de La Salle, Port Láirge. I 1943 fuair sé céim mháistir sa léann Ceilteach i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Chaith sé ceithre bliana ag múineadh i nDarú, Co. Laoise. Is ann a adhnadh a spéis sa tseandálaíocht. Toradh eile a bhí ar an tréimhse sin an t-alt ‘Focail Ghaedhilge ó Dharmhagh Ua nDuach’ in Éigse, geimhreadh 1947 [1948]. Mar aon le liosta focal cuireann sé síos ar an gcanúint féin. Bhí sé ag múineadh tamall i Modhscoil Sráid Maolbhríde, Baile Átha Cliath, sular fostaíodh é mar dhuine den dáréag cainteoirí dúchais a ceapadh ina n-eagarthóirí cúnta ar fhoireann an fhoclóra Béarla-Gaeilge a raibh Tomás de Bhaldraithe ina eagarthóir air. Is i rith na tréimhse sin a bhí sé ina bhall den Réalt sa chathair agus a chabhraigh sé le Foilseacháin Ábhair Spioradálta (FÁS) a chur ar bun.

Faoi 1950 bhí post príomhoide aige i mBaile an Fheirtéaraigh. Phós sé i 1952 Síle Ní Chairealláin ó Bhéal Feirste. Chabhraigh sé go mór chun an ceantar a fhorbairt. Deir an Mórdhach: ‘I bhfad sula raibh trácht coitianta ar chúrsaí forbartha pobail, oidhreachta agus caomhnaithe ná aon mheas orthu bhí an Conchúrach gníomhach sna cúrsaí sin agus tuiscint dhomhain aige orthu.... Ní féidir trácht ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne ná ar Oidhreacht Chorca Dhuibhne gan aitheantas a thabhairt don Chonchúrach as an spreagadh agus as an dtacaíocht a thug sé don dá eagras pobail sin. D’fhéadfá a rá gurb é a n-athair é’. Chuaigh sé amach ar a phinsean i 1983 agus is músaem anois an foirgneamh a raibh sé ag teagasc ann. Bronnadh Gradam an Oireachtais air sa Daingean i 2001. I gcomhar le Róisín Uí Chuill d’aistrigh sé scríbhinn de chuid an Phápa Eoin Pól II faoin teideal Thar tairseach an dóchais isteach, 2002. Aistriúchán eile dá dhéantús is ea leabhar sa tsraith An saol beo (The living past le Tim McGillicuddy). D’éag sé 26 Aibreán 2004 agus tá sé curtha i nDún Úrlann, Baile an Fheirtéaraigh. Bhí triúr mac agus triúr iníonacha aige.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú