Bhíodh fógra go minic aige in An Claidheamh Soluis faoin ainm ‘Uilliam Phárr’ i dtaobh a shiopa ag 114 Bóthar an Droichid, Corcaigh. Bhain tábhacht leis i saol poiblí Chathair Chorcaí, é ina bhall den Bhardas ó 1883, é ina chathaoirleach ar choiste na n-oibreacha uisce ag am a bháis. Cainteoir dúchais Gaeilge é ó pharóiste Dhún Uisce ar an taobh thoir theas de Mhaigh Chromtha agus bhíodh sé ina chathaoirleach anois is arís ag cruinnithe Chonradh na Gaeilge sa chathair. Bhí sé i gceannas an chruinnithe ag ar fáiltíodh roimh Thomás Bán Ó Coincheanainn ar a chéad chuairt ar an gConradh i gCorcaigh i mí na Samhna 1899.

Ba é a mhol thar ceann an Chonartha ag cruinniú Bhord Bardachta Chorcaí gurbh i nGaeilge a mhúinfí páistí arbh í an Ghaeilge a dteanga dhúchais (An Claidheamh Soluis 3 Márta 1900).

Ba iad Barnaby Phair agus Mary Fitzgerald a thuismitheoirí, dar le Pike, Cork and Co. Cork (biographies), 1911. Is cosúil ón gcuntas ag Francis O’Neill in Irish minstrels and musicians, 1913 go mba dhuine bocht é nuair a chuir sé faoi sa chathair. Phós sé Hannah McCarthy ó Chlais an Aifrinn ar 22 Aibreán 1879. Ní raibh aon chlann acu. Bhí cónaí air ag Gilabbey House cois na Laoi. D’éag sé i Márta 1912.

Is sa chaibidil ‘Gentlemen pipers’ atá an cuntas ag O’Neill. Toghadh é ina uachtarán ar Chumann na bPíobairí nuair a bunaíodh i gCorcaigh é in 1898. Deir O’Neill: ‘... though the flippancy and levity of some of its members on his appearance at a meeting in a fur-trimmed coat and tall silk hat, after attending a council session, offended his dignity, he never lost interest in its welfare’. Nuair a thaistil Bob Thompson chuig ceann de na chéad Oireachtais is le cabhair airgid ó Phair é agus is ar phíb Phair a bhuaigh sé duais. Bhronnadh sé £5 ar Fheis na Mumhan gach bliain mar dhuais sa chomórtas píobaireachta.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú