Ó COISDEALBHA, Johnny Chóil Mhaidhc (1929–2006)
Le caoinchead ó Bob Quinn

‘Mar dhrámadóir, mar aisteoir agus mar fhile is mó atá cáil ar Johnny Chóil Mhaidhc as Indreabhán agus, thar aon rud eile, mar chainteoir tráthúil, greannmhar. Ní bréag ar bith “Rí-Éigeas an Bhéil Bheo” a thabhairt air.’ Is mar sin a bhain Liam Mac Con Iomaire an ceann den phortráid taitneamhach aige in Conamara: an tír aineoil (1997). In Inniu 17 Nollaig 1971 tá ‘Seán Ó Coistealbha ag Comhrá le Risteárd Ó Glaisne’. In Foinse 12 Samhain 2006 tá liostaithe go beacht ag Mairéad Uí Chuaig: an dáta breithe, a shaothar, an t-oideachas a cuireadh air, na gradaim a bronnadh air, ócáidí suaithinseacha ina shaol. San uimhir chéanna tá leabharliosta ag an bhfoilsitheoir Micheál Ó Conghaile, chomh maith le cuntas ar a shaothar, agus cuimhní cinn ag Bob Quinn, Mairéad Uí Chuaig agus Beairtle Ó Domhnaill. Tá cuntais ghairide: in 1 Samhain 2006; in The Oxford companion to Irish literature (1996) (agus aiste le Gearóid Denvir tugtha mar fhoinse ann: ‘The Living Tradition: Oral Irish Language Poetry in Connemara Today’ in Éire-Ireland, 34, 1989); in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de scríbhneoirí Gaeilge (1998); in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995 (1995) le Seán Ó Cearnaigh. ‘Gaeltacht legend who was poet and actor’ an ceannteideal ar chuntas iarbháis an Irish Times 2 Nollaig 2006. Chraol TG4 an clár ‘Sin í an fhírinne – Johnny Chóil Mhaidhc’ 27 Nollaig 2006.

In Indreabhán, Co. na Gaillimhe, a rugadh an mac seo le Cóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, gabha, agus Máire Ní Dhonnchadha ar 21 Meitheamh 1929. Ba é an duine ab óige é de cheathrar cailíní agus beirt bhuachaillí. Bhí feirm 12 acra ag a mhuintir. I Scoil na Tulaí a cuireadh bunoideachas air agus ar feadh seacht mbliana bhí sé ag freastal ar scoil oíche ann. Deirtear in Irish Times gur chaith sé tamall gairid ag obair sna Stáit Aontaithe. I Scoil na Tulaí bhí an-spéis ag an Máistir Ó Duigneáin sa drámaíocht lena linn sin. ‘... Agus sin mar a thosaigh Johnny ag aisteoireacht an chéad uair. Sin é a chuir ag scríobh a chéad dráma é freisin. Is amhlaidh a bronnadh duais air i dTaibhdhearc na Gaillimhe mar an aisteoir ab fhearr. Bhí an-ábhar grinn sa charachtar a bhí á léiriú aige in An Dochtúir Bréige, agus dar le Johnny féin gur mó a fuair sé an duais mar gheall ar an pháirt a bhí aige ná mar gheall ar a chuid aisteoireachta. Bhuail fonn é dráma grinn a scríobh é féin. Shuigh sé síos agus scríobh sé Pionta amháin uisce (Inniu). Ocht mbliana déag a bhí sé san am, dar leis an nGlaisneach ach deir Mairéad Uí Chuaig nach raibh sé ach i rang a sé ag an am. Is ina theach féin a léiríodh an dráma, léiriú gan stáitse ná cuirtín ná soilsí. Daoine ina cheantar féin na haisteoirí. Léiríodh ansin é i dTaibhdhearc na Gaillimhe agus bhain sé duais Oireachtais. Tharla go bhfaca Seán Ó hÉigeartaigh é agus sheol sé beart de dhrámaí Sheán O’Casey chuige. Dúirt sé leis an nGlaisneach nach gcoinneodh sé leis an scríbhneoireacht murach Seán Ó hÉigeartaigh; Sairséal agus Dill a d’fhoilsigh An tincéara buí (1962) agus Ortha na seirce (1968). Deir Mac Con Iomaire gur scríobh sé drámaí eile nach bhfuil tuairisc orthu anois. Agus deirtear in Foinse gur thug complacht a bhí aige sna 1960idí cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann chun a dhrámaí a léiriú. In 1969 bhí tinneas tromchúiseach air. ‘Deir sé fhéin go raibh deich n-obráid ar fad air. Tháinig sé as... agus tháinig sé abhaile cé nach raibh sé ach cúig clocha meáchain’ (Mairéad Uí Chuaig).

Ó 1970 ar aghaidh bhí leabhair do pháistí a d’aistrigh sé i gcló ag an bhfoilsitheoir céanna: Goll agus Gilín: An turas geimhridh (1970) (Brian Anson); Pangur an tIascaire (1971) (Attilio agus Karen); An sicín agus an mac tíre (1971) (Attilio agus Karen); Dónal agus an leac oighir (1971) (Attilio agus Karen); An luichín dána (1971) (Aichinger); Inniu is ciaróg mé (1972) (Reinl); An nathair bheag (1972) (Aichinger)....

Gan amhras bhí teipthe ar ghnó na gaibhneachta le tamall maith. Is é a deireadh a mháthair: ‘Dhibír an gual an bád seoil, dhíbir an tractor an gabha, dhíbir an Cheap Jack an táilliúir; agus deirtear go ndíbríonn an tslinn an suáilceas’. Ach ar aon nós bhí luí ar leith aige leis an drámaíocht agus níorbh fhéidir dó an dá thrá a fhreastal. Is iad na drámaí leis a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta: An cruastóir agus An mhéar fhada (1995); Mar a chéile muid sa chnuasach Gearrdhrámaí an chéid (2000) in eagar ag Pádraig Ó Siadhail, ar dhúirt sé leis an nGlaisneach ina thaobh gurbh é an dráma ba fhearr leis féin é de na drámaí aonmhíre a bhí scríofa aige.

Dar leis an agallamh sin in Inniu gurbh ó thosach deireadh an Charghais a bhíodh na drámaí á léiriú aige sa Spidéal, An Cheathrú Rua, Carna, Cill Rónain, Inis Oírr agus Inis Meáin, agus ba mhinic 400 duine sa láthair. I dtús 1971-2 thug Riobard Mac Góráin (Gael Linn) go dtí Halla Damer i mBaile Átha Cliath é ar feadh ceithre mhí chun trí dhráma a léiriú ann. Roimhe sin, ó 22 Samhain go 9 Nollaig 1967, bhí Mar a chéile muid ar cheann de na drámaí a bhí á stáitsiú san amharclann chéanna agus 24-26 Deireadh Fómhair 1968 bhí Oíche airneáin, ceol is reacaireacht á chur sa láthair ann aige féin agus a chomplacht ón nGaeltacht. Luaitear in Foinse gur bhain sé cáil amach sa ról a bhí aige in Home is the hero (Walter Macken) sa Taibhdhearc. Tarraingíodh aird air freisin i ról Sheáin Dóite in Sadhbh (John B. Keane) in 1991; bhí sé ina bhall de Shaor-Aisteoirí Chonamara ag an am agus thaistil siad ar fud Chonamara, go Lios Tuathail agus go Londain féin. Sna scannáin bhí sé páirteach in Poitín, Budawanny, The field. Rinne sé cóiriú raidió ar Cré na cille do Raidió na Gaeltachta in 1972 agus eisíodh é mar dhlúthdhiosca i mBliain Uí Chadhain, 2006. Scríobh sé an tsraith raidió Na drones (Foinse).

Bhí sé ag gabháil don fhilíocht i rith an ama agus in 1987 d’fhoilsigh Cló Iar-ChonnachtaBuille faoi thuairim gabha: filíocht agus agallaimh beirte. Is é a deir Ó Conghaile: ‘Ní hé amháin gur scríobh Johnny roinnt dánta den scoth ach bhí bua aige nach raibh ag aon fhile Gaeilge eile mórán, sé sin go raibh sé ina mháistir ar an bhfilíocht traidisiúnta agus ar an tsaor-véarsaíocht.... I measc na bpíosaí a mhairfeas tá an t-agallamh beirte “Raiftearaí agus an File”, ar clasaic é, agus atá ar an agallamh beirte is fearr dár cumadh i nGaeilge le céad bliain anuas.’ Is é a mhaíonn ; ‘... is féidir gur dán fada dá chuid, “Raiftearaí agus an File”, an oidhreacht bhuan a fhágfaidh sé ag litríocht na Gaeilge.’ In Fearann pinn: filíocht 1900-1999 (2000) roghnaigh Gréagóir Ó Duill a dhán ‘Soitheach na nDeor’.

Rinne Áine O’Connor an gnéchlár teilifíse Next stop i dtaobh a shaoil agus a shaothair do RTÉ agus rinne Aodh Ó Coileáin clár ina thaobh, Sin í an fhírinne, do TG4. In 2002 craoladh clár faisnéise le Mairéad Uí Chuaig ar Raidió na Gaeltachta. Bhí sé ina bhall d’Aosdána agus bronnadh Gradam Féile 2002 na Gaillimhe air; i 2005 bhronn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge máistreacht oinigh air (Foinse). Phós sé féin agus Bríd Ní Chonghaile ón Sruthán, Árainn, in 1981 agus bhí triúr mac acu. D’éag sé ar 27 Deireadh Fómhair 2006.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú