MAC AN ADHASTAIR, Diarmuid (1943–2015)

Ón am a chonacthas é ar an gcéad chlár den sobaldráma Ros na Rún a chraol TG4 i mí na Samhna 1996 nó go bhfuair sé bás i mí Iúil na bliana 2015, bhí Diarmuid Mac an Adhastair ar dhuine de na haisteoirí ba mhó a raibh aithne agus gean air ar scáileáin teilifíse na hÉireann.

Páirt Shéamuis Mhicil Tom (Ó Catháin) a bhí aige, rógaire de bhaitsiléir den seandéanamh, a raibh dúil sa bhraon aige, a raibh a theanga ar a chomhairle féin aige, gur beag foighne a bhí aige le hamadáin ná le séitéireacht, ach fós a bhí lán le daonnacht.

Ba dheacair a shamhlú go raibh aon duine níos feiliúnaí don pháirt agus rinne Mac an Adhastair a chuid féin di. Leaganacha de chaint ghlan na Gaeltachta a thagadh amach as a bhéal, maisithe ag correascaine agus ag corrmhallacht. Ní hé go mba ghá dó mórán a rá beag ná mór. Bhí níos mó brí le baint as an gcaoi a gcuimlíodh sé a éadan lena mhuinchille, nó an chaoi a mbrúdh sé a chaipín siar ar a chloigeann ná a bhí le baint as céad focal.

Bhí “Ó, a bhitch …” ar cheann de na ráitis ba mhinice a chloistí uaidh. Bhí bealach aige leis an nath sin a chur in oiriúint do cibé ócáid a bhí ann, bíodh sin brónach nó sona, bagrach nó fáilteach, uaigneach nó ceiliúrtha.

I bpíosa scannánaíochta a rinne aisteoirí Ros na Rún faoina bpáirteanna roinnt blianta sular bhásaigh sé, dúirt Diarmuid go raibh go leor de thréithe Shéamuis Mhicil Tom ag baint leis féin. ‘Tá an-chion aige ar ghasúir, gan aon ghean aige ar spiadóirí ná ar bhréagadóirí. Sin é Séamus agus sin é mise,’ a dúirt sé.

I mBéal an Daingin i gConamara a saolaíodh Diarmuid Mac an Adhastair ar an 9 Nollaig, 1943. Ba lena mháthair, Neilí Nic Dhonnchadha, an teach ósta ar a dtugtaí Tigh Réamoinn ansiúd – ceann de dhá theach ósta a bhí i gCeantar na nOileán ag an am. Phós sise Deáirbí Mac an Adhastair a tháinig ag obair go Conamara as Ros Cam ar imeall thoir chathair na Gaillimhe nuair a tosaíodh ar tharra a chur ar na bóithre. Triúr clainne a bhí orthu, Diarmuid, Mary agus Joan.

I dtús na 1950idí nuair a bhí cosc eaglasta ar dhamhsaí sa Charghas, thóg Deáirbí pictiúrlann le hais an tí ósta agus ba ansiúd a fuair a mhac an chéad léargas ar an gceird a bhí le hardán náisiúnta a thabhairt dó féin. Ba iad scannáin na mbuachaillí bó, scannáin chogaidh agus scannáin ghrinn Laurel and Hardy agus Abbot agus Costello ab ansa leis.

Tosaíodh ag reáchtáil damhsaí ansin Tigh Deáirbí agus cé is moite d’achar gairid a chaith sé i Sasana, ba ina bhfeighil siúd agus i bhfeighil an tí ósta a chaith Diarmuid Mac an Adhastair an chéad leath dá shaol oibre, agus é críochnaithe lena chuid scolaíochta i Scoil Náisiúnta an Tuairín, i nGairmscoileanna na Ceathrún Rua agus Bhóthar an Athar Uí Ghríofa i gcathair na Gaillimhe.

Ba faoi smacht na sagart a bhí na hallaí pobail a bhí i gConamara ag an am agus cosc dá réir iontu ar ‘dhamhsaí Gallda’, ar jeighbheáil agus ar válsáil. Níorbh amhlaidh an cás i halla Mhic an Adhastair agus ba ghearr go raibh na seó-bhannaí ba cháiliúla in Éirinn ag seinm ann.

Phós Diarmuid Máirín Ní Eidhin, a d’fhreastail ar Scoil an Tuairín ag an am céanna leis féin, agus bhí triúr clainne orthu, Gráinne, Diarmad agus Caomhán.

Ainneoin a raibh de chruóg air i mbun a chuid gnóthaí, bhí an-tóir riamh ag Diarmuid Mac an Adhastair ar an bhfarraige agus chaith sé tamaill ag gliomadóireacht. Dheisigh sé bád seoil a chaith 35 bliain i mBostún nuair a dhíol sé í agus a tháinig ar ais go Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe, ina dhiaidh sin arís.

Bhí an-suim riamh aige i gcúrsaí spóirt. Bhí sé ar fhoireann na bPiarsach a bhuaigh Craobh Shóisear Peile Iarthar na Gaillimhe agus ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Naomh Anna nuair a shocraigh muintir Leitir Móir agus Leitir Mealláin foireann dá gcuid féin a chur chun páirce in 1964.

Níor mhaolaigh sin uilig a ghrá don aisteoireacht ag tráth den saol ina raibh cúrsaí drámaíochta thar a bheith láidir i gConamara agus cumainn i dTír an Fhia, Leitir Móir, Carna, Cois Fharraige, ar an gCeathrú Rua agus ar an Spidéal.

Ba dlúthchara de chuid Dhiarmada an t-údar, an file agus an t-aisteoir Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha agus ba mhinic ar an stáitse le chéile iad – Pionta amháin uisce, Ortha na seirce, Mar a chéile muid agus An tincéara buí ar na drámaí ab fhearr le Diarmuid.

Tar éis dó a ghnó a dhíol i dtús na 1990idí, thug Mac an Adhastair an chuid eile dá shaol ag plé leis an aisteoireacht go gairmiúil. Chomh maith leis an scór séasúr a chaith sé i Ros na Rún, bhí sé páirteach sa scannán lánfhada Cré na cille a rinneadh in 2006 mar cheiliúradh 100 bliain ar bhreith an údair, Máirtín Ó Cadhain.

Ghlac sé páirt sna gearrscannáin Cosa nite (1998), Dillusc (1999) agus An leabhar (2000) agus bhí sé sna drámaí stáitse Ní maith liom do thrioblóid agus Faoi dheireadh thiar, a scríobh a dhlúthchara Joe Steve Ó Neachtain. Ba é a chum an t-amhrán ‘Deoraí Bhéal an Daingin’.

Ceardaí den scoth ba ea Diarmuid Mac an Adhastair freisin, go háirithe ag plé le snoíodóireacht adhmaid. Is iomaí sin eagraíocht a rinne coimisiúnú ar phíosaí dá chuid oibre le bronnadh ar dhaoine cáiliúla, mar a rinneadh ar an tráchtaire spóirt Micheál Ó Muircheartaigh agus ar Caroline Kennedy, iníon iar-uachtarán na Stát Aontaithe.

Bhronn Oireachtas na Gaeilge Buanghradam Cumarsáide ar Dhiarmuid Mac an Adhastair in 2005 as feabhas a chuid saothair ar Ros na Rún.

Nuair a tháinig scéala a bháis ar an 10 Iúil 2015 bhí lucht leanta an tsobaldráma sin croíbhriste, mar a bhí na haisteoirí ar fad a d’oibrigh leis ó léiríodh den chéad uair é.

Seo cúpla sliocht as an dán a chum Joe Steve Ó Neachtain ina ómós agus a léigh sé ag aifreann sochraide Dhiarmada:

How is the oul lad that wipes his mouth with his cap or with his sleeve?” sin í an cheist a chuirtear ormsa ins chuile choirnéal den tír dá gcastar mé.

Pearsa de bhunú an tseantsaoil a chruthaigh Diarmuid Mac an Adhastair as meabhair a chinn, d’fhonn a mheabhrú don saol nua nár ghá an seansaol a iontú bunoscionn.

Ómós duit, a Mhic an Adhastair, cé nár cheansaigh béalbhach ná adhastar ariamh thú, níl lá go brách dá luafar laochra nach i mbarr an liosta a bheas d’ainm scríofa.

Mártan Ó Ciardha