Bhí baint nár bheag aige le hOireachtas na Gaeilge, é ina chathaoirleach ar an bhféile ó 1971 go 1973. Tá cuntas ag a mhac Caoimhín air in Cuimhní Cinn an Oireachtais, 1997 in eagar ag Seán Mac Mathúna. Scríobh Tarlach Ó hUid cuntas iarbháis in Inniu 21 Márta 1980 agus deir gurb é a bhí ann ‘duine de na daoine is buaine agus is ciúine a shaothraigh ar son na Gaeilge sa ghlúin seo.’ San Uaimh a rugadh é ar 14 Iúil 1920; gréasaí ba ea a athair Pádraig agus ba í Ellen Dowd a mháthair; bhí triúr deirfiúracha agus beirt deartháireacha aige. I ndiaidh bunoideachais san Uaimh chaith sé na blianta 1934-38 i gColáiste Chaoimhín, Glas Naíon, coláiste ullmhúcháin a dúnadh i 1939. Is dóigh gurbh í an tréimhse sin a d’adhain a spéis in athbheochan na Gaeilge. Cháiligh sé mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Chaith sé 25 bliain ag múineadh i Scoil Cholm Cille, Sráid Maoilbhríde, bunscoil lán-Ghaelach i mBaile Átha Cliath, agus ceapadh ina phríomhoide ann é i gcomharbacht ar Thomás Luibhéid. Fág an tOireachtas ar leataobh, ní cosúil go raibh sé riamh chun tosaigh i gcúrsaí Chonradh na Gaeilge. Luann a mhac Coiste na bPáistí, an Cumann Scoildrámaíochta, Cumann na mBunscoil agus an INTO mar na cumainn ar chaith sé a dhúthracht lena gcuid oibre. I nóta i dtaobh a bháis in Scéala Éireann 13 Márta 1980 deirtear: ‘One of the key figures in the Coiste na bPáistí scheme in the 1950s and 1960s and spent much of his holiday time supervising the children on scholarship holidays in the Gaeltacht.’ Bhí baint aige le bunú Na Teaghlaigh Ghaelacha agus bhí sé tamall ina chathaoirleach ar an eagras (Ó hUid). Is mar ionadaí ó chumainn eile a thosaigh sé ag obair don Oireachtas sna 1960caidí. Thar ceann an Chumainn Scoildrámaíochta a bhí sé ar an gcoiste i 1980 (An Cumann Scoildrámaíochta 1934-1984, 1986 le Donncha Ó Suilleabháin). Ó 1959 go 1962 bhí sé ina rúnaí ag an gCumann Scoildrámaíochta agus ó 1966 go 1979 ina chisteoir acu. Bhí sé gníomhach freisin san fhoilsitheoireacht agus baint aige le Foilsitheoireacht Ábhair Spioradálta (FÁS). D’éag sé 12 Márta 1980 in Ospidéal Naomh Lúcás. Bhí sé pósta ar Eibhlís Williams agus bhí triúr buachaillí agus triúr cailíní acu. In Ard Aidhin, Co. Bhaile Átha Cliath, a bhí cónaí orthu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú