Ó MUIRCHEARTAIGH, Tomás (1907–1967)
Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Is beag eolas teicniúil a bhí ag an Muircheartach ar an ngrianghrafadóireacht ach ba dhóigh le lucht ealaíne go raibh an cheapadóireacht go sármhaith ina phictiúir. Chuigsean ba chabhair dó bheith ag gabháil do rud a bhí gar dá chroí, saol a bhí ag imeacht a léiriú, go háirithe sa Ghaeltacht. Agus murar chuir sé suim i modhanna teicníce, ‘ba ealaíontóir é agus ba aestéiteach’, mar a dúirt a chara Seosamh Ó Duibhginn, ‘é de shíor ar thóir na foirfeachta agus na fírinne’. Bhí bailiúchán mór de shaothar ealaíontóirí Éireannacha aige agus bhí sé ina chathaoirleach ar Fhochoiste Ealaíne an Oireachtais. I ndiaidh a bháis bheartaigh Conradh na Gaeilge ar bhailiúchán dá phictiúir a fhoilsiú le hómós dó. Bhí sin íorónta ar bhealach mar is le cúrsaí teanga a bhí a shaol caite ag Tomás; b’é a chreideamh gurb í an teanga ‘máistir na n-ealaíon’.

I mBaile Átha Cliath a rugadh Tomás ar 27 Márta 1907. Ba Chorcaíoch a athair Tomás agus ba Chiarraíoch a mháthair Bríd Ní Mhathúna. Múinteoirí ba ea iad. Fuair an t-athair bás nuair a bhí Tomás agus an seisear leanaí eile an-óg agus b’éigean do Thomás tosú ar a phá a thuilleamh sa státseirbhís nuair a d’fhág sé an bhunscoil. Sa Roinn Oideachais a bhí an post aige ar feadh a shaoil. Ach b’í athbheochan na Gaeilge b’obair dá laetha. Cheangail sé le Craobh an Chéitinnígh agus é sna déaga agus ann a d’fhoghlaim sé an Ghaeilge. Tháinig sé faoi thionchar Dhónaill Uí Chorcora go mór. Cairde ba ea iad ar feadh 30 bliain agus thiomnaigh an Corcorach dhá leabhar do Thomás. In 1937 scríobh Tomás paimfléad You may revive the Gaelic language. Aistriúchán leis is ea: Chun na fairrge síos (1945) (Riders to the sea le J. M.Synge). Bhí baint mhór aige le Feasta ó 1947. B’eisean is minice a scríobhadh na heagarfhocail. Bhí teagasc an Chorcoraigh le brath ar gach a scríobhadh sé. Toghadh ina uachtarán ar an gConradh é sna blianta 1955–1959. Lena linn a chuir sé ar siúl an feachtas mí-ámharach úd chun amharclann Ghaeilge a thógáil i mBaile Átha Cliath ar chostas £60,000. B’éigean éirí as nuair nár thug an saol Fódhlach an sórt freagra a raibh Tomás ag súil leis. Ach an iarracht phearsanta a dhein sé chun airgead a bhailiú, meastar gur dhein sé dochar dá shláinte. D’éag sé ar 17 Márta 1967.

Tá cuntas cuimsitheach ar a shaol agus a shaothar in eagar ag Seosamh Ó Duibhginn in An Muircheartach: in ómós dó (1970). Bailiúchán is ea an leabhar sin de ghrianghraif áille, ar phortráidí cuid acu, a ghlac sé anseo is ansiúd in Éirinn agus i nGaeltacht Chiarraí go háirithe.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú