Seo é an duine is mó a luaitear le bunú Coláiste Choilm. Is cuntas ar a bheatha A Forgotten Genius: Sewell of St Columba’s and Radley, 1945 le Lionel James. Tá eolas gan amhras in A History of St Columba’s College, 1981 le G. K. White agus ba é Norman Moore a scríobh an cuntas in Dictionary of National Biography. I Newport, Inis Iocht, a rugadh é ar 23 Eanáir 1804. Ba iad Thomas Sewell agus Jane Edwards a thuismitheoirí. Tar éis scolaíochta in Winchester chuaigh sé go Coláiste Merton, Oxford. Oirníodh é in 1830. Bhí poist éagsúla aige sa choláiste agus cáil air mar theagascóir. In 1839, casadh air an Bíocunta Áth Dara (Edwin Richard Wyndham-Quin), fear a raibh spéis aige féin agus ag deartháir a chéile, William Monsell, in obair oideachais agus iompúcháin an Irish Society agus ina raibh ar bun ag Tomás Ó Muircheartaigh i gCeann Trá, Co. Chiarraí. Bhí an bheirt acu bainteach leis an Oxford Movement; ba chuid den Phrotastúnachas Soiscéalach an Irish Society. Tuigeadh dóibh an géarghá a bhí le cléir le Gaeilge chun Caitlicigh a mhealladh chuig an gcreideamh bunaithe. Chaith Sewell Iúil-Meán Fómhair 1840 ag taisteal in iarthar na hÉireann féachaint conas a bhí ag éirí ann le hobair an iompúcháin. Tuairimíonn White gurb é Sewell a chéadmhol go mbunófaí ‘a good classical school on public school lines, with the addition of the study of Irish, and to place at its head a collegiate body’. Bhí trí aidhm acu: daoine a iompú trí mhinistirí le Gaeilge a chur ar fáil; Gluaiseacht Oxford a chur chun cinn; scoil chlasaiceach mar EtonWinchester a bhunú. Áirítear James Henthorn Todd i measc na mbunaitheoirí freisin. Bailíodh airgead agus cinneadh in 1843 ar Stackallen House, seacht míle ón Uaimh, mar fhoirgneamh scoile. Ba é Denis Coffey, mac léinn i gColáiste na Tríonóide, a roghnaíodh mar mhúinteoir Gaeilge. Bhí Robert King ar an bhfoireann freisin. Todd, is dóigh, a roghnaigh ainm an choláiste. Osclaíodh é in Aibreán 1843.

Thuig Sewell tábhacht na teanga. I léacht in 1872 dúirt sé: ‘It was to be a school where the Irish clergy might acquire that engine of infinite and magical power over the minds of the Irish peasantry—the Irish language.’ Bhí plean eile a tharraing i dtrioblóid iad. In Eanáir 1845 chuir an tUrramach William Allen Fisher seisear buachailíl óna pharóiste chucu. Caitlicigh ba ea iad ach bhí a muintir sásta ligean dóibh freastal ar scoil Phrotastúnach. Bhí siad ar bheagán Béarla. Is é a bhí i gceist go ndéanfadh siad obair mar shearbhóntaí, go mbeadh Gaeilge á labhairt acu agus go mbeadh idir oideachas, bhia agus lóistín le fáil acu. Is cosúil go ndearnadh éagóir orthu; is ar an gcoláiste a bhí an locht nár tugadh scolaíocht dóibh. Ba é leithscéal a gabhadh nach raibh fáil ar mhúinteoir oiriúnach. In ainneoin impí a rinne Fisher ar a son cuireadh abhaile iad i mí Dheireadh Fómhair.

Scar Sewell leis an gcoláiste in 1845. Bhí sé soiléir le tamall go raibh bá ag Áth Dara agus Monsell leis an eaglais Chaitliceach agus theastaigh uaidh go n-éireodh siad as an mbord stiúrtha. Sa deireadh d’éirigh an bord go léir as agus ceapadh iontaobhaithe ina n-áit. D’fhill Sewell ar Shasana. Deir Norman Moore gur fhág sé fiacha ar an gcoláiste ach deir White nach bhfuil bunús leis sin, nach faoina chúram riamh a bhí cúrsaí airgid. D’fhoilsigh sé a Journal of a Residence at the College of St. Columba in Ireland, 1847.

Bhunaigh sé Coláiste Naomh Peadar, Radley, in 1847 agus bhí sé ina bhardach ann 1852-62. Deir Moore go raibh fiacha troma ar an gcoláiste sin freisin. Ghlac Banc Shasana seilbh air. Glanadh na fiacha ach fágadh é féin báite i bhfiacha. Bhí air éalú thar lear óna chreidiúnaithe agus chuir sé faoi sa Ghearmáin in 1862. Tháinig a chairde i gcabhair air agus d’fhill sé ar Shasana in 1870. D’éag sé ar 14 Samhain 1874 i Manchain. Níor phós sé. Scríobh sé leabhair, ceithre úrscéal ina measc, agus paimfléid agus d’fhoilsigh bailiúchán dá sheanmóirí. Bhí dheartháir leis, Henry, ina phríomh-aire ar an Nua-Shéalainn.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú