B’fhéidir gurbh é an ceannródaí ab ildánaí é i dtús ré na hathbheochana, ag cuimhneamh dúinn gurbh i ndiaidh 1893, nuair a chuaigh sé ar pinsean, a scríobh sé cuid mhór dá leabhair aitheanta. Ar na hábhair ar bhain a shaothar ceannródaíochta leo tá an ceol dúchais, stair na hÉireann do leanaí agus don choitiantacht, logainmneacha, finscéalta.

I mBaile Uí Argáin, i mbarúntacht Chois Sléibhe, Luimneach, a rugadh é. ‘Gaeltacht ba ea an ceantar le linn óige Phádraig, ach is leir ar litir a scríobh sé ar 8 Lúnasa 1853 chuig George Petrie (i gcló ag Niall Comer in An tUltach, Iúil 2005) i dtaobh bhailiú na n-amhrán nach raibh labhairt na Gaeilge aige ag an am sin: ‘My only regret is that I have so little time and cannot speak Irish. The latter I am determined to remedy with all possible expedition...’. Gréasaí ba ea a athair Garret agus ba í Elizabeth Dwyer ón nGleann Rua a mháthair. Weston ba shloinne dá máthairsean. Bhí seachtar deartháireacha aige ar dhuine díobh Robert Dwyer Joyce, fear cumtha na mbailéad. Faoi 1830 bhí an chlann ina gcónaí i nGleann Oisín ag bun Shuí Finn. Gaeltacht ba ea an ceantar le linn óige Phádraig. I scoil ghearr ansiúd agus i scoileanna i gCill Fhíonáin, sa Ghallbhaile agus i mBaile Mhistéala a cuireadh oideachas air. Fuair sé post múinteora náisiúnta nuair a bhí sé 18 mbliana d’aois agus d’éirigh leis ar ball bheith ar fhoireann Mhodh-Scoil Chluain Meala.

Faoi 1856 bhíothas ag athchóiriú an chórais náisiúnta oideachais agus bhí sé ar an 15 múinteoir náisiúnta a ceapadh don ghnó. Bhain sé céimeanna BA agus MA amach i gColáiste na Tríonóide agus bronnadh LL.D. air in 1870. Ó 1874 go 1893 ba é an príomhoide é sa Choláiste Oiliúna i Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath. Bhí sé pósta ar Caroline Waters ó Bhealach Conglais agus bhí triúr mac agus beirt iníonacha acu. Mac leis ba ea Weston St John Joyce a scríobh Dublin and its neighbourhood. Fuair sé bás ina theach cónaithe i Ráth Maonais ar 7 Eanáir 1914 agus tá sé curtha i nGlas Naíon.

Chuir sé aithne ar George Petrie in 1853 agus ba eisean a spreag é chun foinn a bhailiú agus a chur i gcló. Sa chéad bhailiúchán, Ancient Irish music, 1872 atá ‘Mor Chluana’ ar bunaíodh fonn ‘Amhráin Dóchais’ air. Scríobh sé freisin: Irish music and song, 1887; Irish peasant songs in the English language; Old Irish folk music and songs, 1909. Deir Breandán Breathnach in Ceol agus rince na hÉireann, 1989: ‘D’athraigh agus d’athmhúnlaigh sé téacsanna, agus chuir sé véarsaí a chum a dheartháir féin isteach in amhráin, in áit na seanleaganacha a bhí ag rith leis an bpobal. Níorbh fhéidir amhráin áirithe a fhoilsiú, deir sé, bhí siad chomh gáirsiúil sin; tuilleadh acu nárbh fhiú iad a chaomhnadh .... D’athraíodh Joyce an ceol; d’fhíodh se poirt le chéile ag iarraidh an leagan ab fhearr a dhéanamh diobh .... Ní féidir dóigh a dhéanamh de, i dtaobh amhráin ná damhsa ar bith aige, gur mar a d’fhoghlaim sé i nGleann Oisín é a thugann sé é, gurbh é an rud atá curtha síos ina lámhscríbhinn aige a bhí roimhe mar fhoinse’. Ach deir Breandán faoi Irish music and song, 1887: ‘... ní raibh a shárú le fáil ar feadh i bhfad, mar gurb é an chéad leabhar é a dtugtar amhráin Ghaeilge ann siolla ar shiolla faoi na nótaí a bhaineann leo’. Bhí cnuasach eile á ullmhú aige sular cailleadh é agus deir Breathnach nár fhág sé ach 38 de na 290 fonn a thóg sé as lámhscríbhinní Ghoodman gan athrú. Bhí sé ina mholtóir ar cheol ag an gcéad Oireachtas in 1897.

Baineann tábhacht lena leabhair ar stair na hÉireann toisc ceann díobh A child’s history of Ireland, 1898, bheith á úsáid sna bunscoileanna agus go raibh tóir mhór ag an bpobal ar bheagán eile díobh, leithéidí Outlines of the history of Ireland, agus A Social history of ancient Ireland, 1903.

Ba é an saothar ceannródaíochta ba mhó uaidh na trí imleabhar de Origin and history of Irish names of places, 1869–1913. Leabhair eile dá dhéantús a raibh pobal léitheoireachta acu i bhfad i ndiaidh a bhfoilsithe is ea English as we speak it in Ireland, 1910 agus Old Celtic romances, 1878.

Scríobh sé péire leabhar ar bhain cainteoiri agus foghlaimeoirí na Gaeilge leas astu: A grammar of the Irish language, 1878; ‘Keating’ for students of Gaelic. Ní foláir freisin nó d’fhág sé a lorg ar riaradh na scoileanna lena linn. Díoladh 25 eagrán dá A handbook of school management. In 1876 a cuireadh an chéad eagrán amach.

Tá an cuntas is faide air le fáil in The Joyce brothers of Glenosheen, 1987, le Mainchín Seoighe a bhí ina rúnaí agus ina eagraitheoir ag Scoil na Seoigheach i gCill Fhíonáin ó bunaíodh í 1984.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú