JOYCE, Patrick Weston (1827–1914) Patrick Weston JOYCE 1827 1914 Baile Uí Argáin, Co. Luimnigh Ráth Maonais, Baile Átha Cliath Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath M Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath mórbhailitheoir amhrán [B9] scoláire bailitheoir ceoil staraí múinteoir múinteoir náisiúnta 1882–1922 [B9] státseirbhíseach roimh 1922 [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

B’fhéidir gurbh é an ceannródaí ab ildánaí é i dtús ré na hathbheochana, ag cuimhneamh dúinn gurbh i ndiaidh 1893, nuair a chuaigh sé ar pinsean, a scríobh sé cuid mhór dá leabhair aitheanta. Ar na hábhair ar bhain a shaothar ceannródaíochta leo tá an ceol dúchais, stair na hÉireann do leanaí agus don choitiantacht, logainmneacha, finscéalta.

I mBaile Uí Argáin, i mbarúntacht Chois Sléibhe, Luimneach, a rugadh é. ‘Gaeltacht ba ea an ceantar le linn óige Phádraig, ach is leir ar litir a scríobh sé ar 8 Lúnasa 1853 chuig George Petrie [q.v.] (i gcló ag Niall Comer in An tUltach, Iúil 2005) i dtaobh bhailiú na n-amhrán nach raibh labhairt na Gaeilge aige ag an am sin: ‘My only regret is that I have so little time and cannot speak Irish. The latter I am determined to remedy with all possible expedition...’. Gréasaí ba ea a athair Garret agus ba í Elizabeth Dwyer ón nGleann Rua a mháthair. Weston ba shloinne dá máthairsean. Bhí seachtar deartháireacha aige ar dhuine díobh Robert Dwyer Joyce, fear cumtha na mbailéad. Faoi 1830 bhí an chlann ina gcónaí i nGleann Oisín ag bun Shuí Finn. Gaeltacht ba ea an ceantar le linn óige Phádraig. I scoil ghearr ansiúd agus i scoileanna i gCill Fhíonáin, sa Ghallbhaile agus i mBaile Mhistéala a cuireadh oideachas air. Fuair sé post múinteora náisiúnta nuair a bhí sé 18 mbliana d’aois agus d’éirigh leis ar ball bheith ar fhoireann Mhodh-Scoil Chluain Meala.

Faoi 1856 bhíothas ag athchóiriú an chórais náisiúnta oideachais agus bhí sé ar an 15 múinteoir náisiúnta a ceapadh don ghnó. Bhain sé céimeanna BA agus MA amach i gColáiste na Tríonóide agus bronnadh LL.D. air in 1870. Ó 1874 go 1893 ba é an príomhoide é sa Choláiste Oiliúna i Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath. Bhí sé pósta ar Caroline Waters ó Bhealach Conglais agus bhí triúr mac agus beirt iníonacha acu. Mac leis ba ea Weston St John Joyce a scríobh Dublin and its neighbourhood. Fuair sé bás ina theach cónaithe i Ráth Maonais ar 7 Eanáir 1914 agus tá sé curtha i nGlas Naíon.

Chuir sé aithne ar George Petrie in 1853 agus ba eisean a spreag é chun foinn a bhailiú agus a chur i gcló. Sa chéad bhailiúchán, Ancient Irish music, 1872 atá ‘Mor Chluana’ ar bunaíodh fonn ‘Amhráin Dóchais’ air. Scríobh sé freisin: Irish music and song, 1887; Irish peasant songs in the English language; Old Irish folk music and songs, 1909. Deir Breandán Breathnach in Ceol agus rince na hÉireann, 1989: ‘D’athraigh agus d’athmhúnlaigh sé téacsanna, agus chuir sé véarsaí a chum a dheartháir féin isteach in amhráin, in áit na seanleaganacha a bhí ag rith leis an bpobal. Níorbh fhéidir amhráin áirithe a fhoilsiú, deir sé, bhí siad chomh gáirsiúil sin; tuilleadh acu nárbh fhiú iad a chaomhnadh .... D’athraíodh Joyce an ceol; d’fhíodh se poirt le chéile ag iarraidh an leagan ab fhearr a dhéanamh diobh .... Ní féidir dóigh a dhéanamh de, i dtaobh amhráin ná damhsa ar bith aige, gur mar a d’fhoghlaim sé i nGleann Oisín é a thugann sé é, gurbh é an rud atá curtha síos ina lámhscríbhinn aige a bhí roimhe mar fhoinse’. Ach deir Breandán faoi Irish music and song, 1887: ‘... ní raibh a shárú le fáil ar feadh i bhfad, mar gurb é an chéad leabhar é a dtugtar amhráin Ghaeilge ann siolla ar shiolla faoi na nótaí a bhaineann leo’. Bhí cnuasach eile á ullmhú aige sular cailleadh é agus deir Breathnach nár fhág sé ach 38 de na 290 fonn a thóg sé as lámhscríbhinní Ghoodman[B2] gan athrú. Bhí sé ina mholtóir ar cheol ag an gcéad Oireachtas in 1897.

Baineann tábhacht lena leabhair ar stair na hÉireann toisc ceann díobh A child’s history of Ireland, 1898, bheith á úsáid sna bunscoileanna agus go raibh tóir mhór ag an bpobal ar bheagán eile díobh, leithéidí Outlines of the history of Ireland, agus A Social history of ancient Ireland, 1903.

Ba é an saothar ceannródaíochta ba mhó uaidh na trí imleabhar de Origin and history of Irish names of places, 1869–1913. Leabhair eile dá dhéantús a raibh pobal léitheoireachta acu i bhfad i ndiaidh a bhfoilsithe is ea English as we speak it in Ireland, 1910 agus Old Celtic romances, 1878.

Scríobh sé péire leabhar ar bhain cainteoiri agus foghlaimeoirí na Gaeilge leas astu: A grammar of the Irish language, 1878; ‘Keating’ for students of Gaelic. Ní foláir freisin nó d’fhág sé a lorg ar riaradh na scoileanna lena linn. Díoladh 25 eagrán dá A handbook of school management. In 1876 a cuireadh an chéad eagrán amach.

Tá an cuntas is faide air le fáil in The Joyce brothers of Glenosheen, 1987, le Mainchín Seoighe a bhí ina rúnaí agus ina eagraitheoir ag Scoil na Seoigheach i gCill Fhíonáin ó bunaíodh í 1984.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »