I Leitir i bparóiste Chathrach in iarthar Chorcaí a rugadh é 1 Feabhra 1856. In 1811 a rugadh a athair, Diarmuid, agus ba í Máire Ní Chonghaile a mháthair. Ba é an cúigiú duine de sheachtar é—ceathrar buachaillí agus triúr cailíní. Mhúin an t-athair a bpaidreacha agus an teagasc críostaí i nGaeilge don chéad triúr ach is i mBéarla a d’fhoghlaim an chuid eile iad. Ag aois 18 bliana ceapadh é ina mhonatóir i scoil na Cillíneach Léithe. Faoi 1878 bhí sé ina chúntóir i scoil i nDroim Mhór agus in 1882 ceapadh é ina phríomhoide i gCill Chomáin i bparóiste an Ghóilín agus chaith cúig bliana ann. D’aistrigh sé ansin go Lubhghortán (mar Bhaile na Sceach a thagraítear dó in An Claidheamh Soluis 20 Deireadh Fómhair 1900) agus bhí ann go ndeachaigh ar pinsean i 1921. Tuairim 1880 léigh sé óráid a thug an tOllamh Galbraith do mhúinteoirí i dtaobh fhoghlaim agus chleachtadh na Gaeilge. Ní raibh léamh na teanga aige féin. Cheannaigh sé leabhair P.W. Joyce agus chuir a uncail leabhair agus graiméar abhaile ó Mheiriceá chuige. Fuair sé teastas Gaeilge an Bhoird Oideachais in 1886. Chaith sé an scoilbhliain 1889-90 i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus bhain Grád A1 sa scrúdú deireanach agus teistiméireacht den chéad ghrád sa mhúinteoireacht. Spreag Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus Irisleabhar na Gaeilge é agus tá sé ar liosta na síntiúsóirí in uimhir Mheán Fómhair 1883 na hirise sin: ‘Jeremiah Hegarty, Kilthomane, Lowertown, Skibbereen’. Deir sé gur thosaigh sé ar Ghaeilge a theagasc ina scoil féin in 1886 ach níl sin ag teacht le tuairisc Thomáis Uí Choncheanainn. Thug seisean cuairt ar an scoil ar 26 Iúil 1900: ‘Lowertown school is three miles from Schull, 74 pupils on the rolls. D. O’Hegarty, a really good man, is teacher. He speaks Irish and has a cert but does not teach it’ (An Claidheamh Soluis 28 Iúil 1900). Ach tuairiscíodh ar 11 Lúnasa go raibh rang tosaithe i Lubhghortán. Bhí baint aige le Craobh Bhéal an Uisceden Chonradh agus bhí ina theachta acu ag Ard-Fheis 1907. B’fhéidir gurbh é an Diarmuid Ó hÉigceartuigh é ar éirigh leis i scrúduithe Choláiste na Mumhan i 1906 (An Claidheamh Soluis 15 Meán Fómhair 1906).

Phós sé Eibhlín de Barra, múinteoir cúnta i gCill Chomáin, in 1891. Seachtar leanaí a bhí acu agus ba é Diarmuid (1892-1958) an duine ba shine díobh. Phós a iníon Bríd Gearóid Ó hUallacháin, rud a fhágann gurb é seanathair Cholmáin Uí Uallacháin é. Bhí triúr de na mic páirteach i gCogadh na Saoirse. Bhí an mac eile ina ábhar sagairt i gCumann Íosa nuair a d’éag sé tuairim 1926.

Bhuaigh sé an dara duais ar scéal gairid ag Oireachtas 1907. Comharsa béal dorais dó a sheanmháthair agus is uaithi a fuair sé an chuid is mó den bhéaloideas agus den seanchas atá sa chéad chuid de Is uasal ceird, 1968 in eagar ag Stiofán Ó hAnnracháin. Scríobh sé freisin Tadhg Ciallmhar, 1934 ach bhí marbh faoin am a foilsíodh é. D’éag sé 18 Márta 1934.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú