Ba é Richard Chenevix Trench (1807–86), ardeaspag Bhaile Átha Cliath, focleolaí agus file, a mhol don chéad uair in 1857 go gcuirfí tús le hobair an Oxford English Dictionary. Bhí triúr de chlann a chlainne gníomhach i ngluaiseacht athbheochan na Gaeilge.

Duine díobh ba ea Sadhbh (Frances Georgina) Trinseach. Herbert Francis Chenevix Trench, biocáire St Peter’s, Thanet, Kent, a hathair. Bhí seisean pósta ar Isabella Catherine Trench ó Cangort Park in Uíbh Fhailí. 3 Feabhra 1891 a rugadh Sadhbh. Bhí beirt deirfiúracha agus triúr deartháireacha aici. Chuir sí litir i nGaeilge chuig An Claidheamh Soluis 1 Samhain 1912 nuair a bhí cónaí uirthi go fóill in Folkstone, Sasana.

Nuair a tháinig sí go hÉirinn cheangail sí le Conradh na Gaeilge agus le Cumann na mBan. Bhí baint aici le Scoil Acla agus le Coláiste Uí Chomhraí i gCarraig an Chabhaltaigh . Bhí sí ag freastal ar Choláiste Charraig an Chabhaltaigh Lúnasa 1916 agus bhí a dóthain Gaeilge aici um an dtaca sin chun go nglacfaí léi mar bhall de ghasra an Fháinne a bunaíodh ann. Léirigh aisteoirí Chraobh na gCúig gCúigíOidhreacht, ar bhundráma é a scríobh sí i gcomhpháirt le Proinsias Ó Súilleabháin, 16 Nollaig 1917 in áras nua na craoibhe, 19 Plás Ely. Deir Philip O’Leary in The prose literature of the Gaelic revival, 1881-1921 (1994) gurbh é Oighreacht Bhriain teideal iomlán an dráma agus gur léiríodh é in Amharclann Shráid Hardwicke agus i gColáiste Uí Chomhraí i rith 1916. Bhí sí bainteach freisin le Cumann Gaelach na hEaglaise. Phós sí Diarmuid Ó Cobhthaigh (beathaisnéisí an Chraoibhín) agus fuair sí bás den fhliú mór ar 30 Deireadh Fómhair 1918. Chum Peadar Ó hAnnracháin caoineadh uirthi (Fáinne an Lae 11 Eanáir 1919). Is léir ar phíosa sa pháipéar céanna ar 9 Samhain 1918 go raibh ardmheas uirthi: ‘Tógadh í mar go leor eile sa saol Gallda ach ní raibh de chumas ag éinneach ná ag éinní an fíoranam Gaeil sin a choimeád óna tír ná óna cine féin. Is beag áit in Éirinn nach bhfuil duine ann a fuair breis mheasa ar shaol na nGael mar gheall ar an uaisleacht agus an áilleacht chuirp agus anama a bhí inti nó breis nirt chun obair Éire na nGael as ucht a dílseachta agus a dúthrachta’. Ealaíontóir ba ea í agus tá póstaeir dá déantús le feiceáil sna páipéir Ghaeilge. Bíonn tagairtí do freascónna a rinne sí. Foilsíodh Cesca’s diary 1913-1916: where art and nationalism neet (2005) in eagar ag Hilary Pyle. Is pictiúr taitneamhach é dá saol agus dá muintir agus tá catalóg a saothair ealaíne ann. Dhear sí cártaí Nollag do Chonradh na Gaeilge agus éadach Gaelach ban. Foilsíodh cuid dá sceitseanna in An Claidheamh Soluis i rith 1913-14. Foilsíodh gearrscéal fada léi in An tEaglaiseach Gaelach, Bealtaine-Meán Fómhair 1922, faoin teideal ‘The Planter’s son’.

29 Iúil 1889 a rugadh a deirfiúr Mairéad (Margaret Isabella). D’éag sí ar 8 Bealtaine 1936. ‘Mairéad Trinseach a rinne saothar mór ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste’ an cur síos uirthi in An tÉireannach 16 Bealtaine 1936. Chaith sí tamall ina rúnaí ag Cumann GaelachEaglais na hÉireann. I nGaeilge amháin a bhí an tseirbhís sochraide, í á stiúradh ag an Urramach George Simms, a bheadh ina Ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath ar ball.

Deirtear gur ar chol ceathar leosan, Richard Samuel Dermot Chenevix Trench, a bhunaigh James Joyce an carachtar Haines in Ulysses. Tá cuntas beacht cuimsitheach air ag C.E.F. Trench (Tearlach Trinseach) in James Joyce Quarterly, Vol. 13, no. 1. Fall 1975, agus dar leis gurbh é an Trinseach seo ba chionsiocair leis an ngrá a bhí ag Sadhbh agus Mairéad don Ghaeilge agus d’Éirinn. Bhí seal caite aige in aontíos le Joyce agus Oliver St John Gogarty sa túr i gCuas an Ghainimh. Dóbair dó Joyce a lámhach uair, dar le Gogarty: le linn tromluí shíl se go raibh pantar dubh sa seomra leo.

Eolaí ar chúrsaí míleata agus ar shaol an Domhain Thoir ba ea a athair, an Maorghinearál Frederic Chenevix Trench. Ba í Mary Frederica Blanche Mulville a mháthair. Ba é an duine ba shine de chúigear é agus ar 6 Deireadh Fómhair 1881 a rugadh é. Bhí sé ar scoil i gColáiste Eton.

Is amhlaidh a thum sé é féin i saol na Gaeilge. Faoi Dheireadh Fómhair 1900 bhí sé ina bhall d'Ard-Chraobh an Chonartha (An Claidheamh Soluis, 13 Deireadh Fómhair 1900, lch 490). Comhartha ar a fhéile a thugadh sé cabhair airgid gur £2, pá seachtaine san am, a thug sé mar shíntiús do chiste an Oireachtais Márta 1902.

Bhuail William Bulfin leis sa túr: ‘One of them [Trench] had lately returned from a canoeing trip of hundreds of miles through the lakes, rivers and canals of Ireland.... The returned mariner of the canoe was an Oxford student whose buttonhole was adorned by the badge of the Gaelic League – a most strenuous nationalist he was, with a patriotism, stronger than circumstances, which moved him to pour forth fluent Irish on every Gael he encountered in accents blent from the characteristic speech of his alma mater and the rolling blas of Connacht’.

Tuairim an ama seo chuaigh sé isteach in Óstaí an Rí agus bhí ag freastal ar léachtaí dlí i gColáiste na Tríonóide. Ach ba mhó a spéis in amharclann Chluichtheoirí na hÉireann (The Theatre of Ireland). In Sinn Féin 15 Nollaig 1906 tá cur síos air i bpáirt Uí Annracháin i ndráma de hÍdeCasadh an tsúgáin: ‘His portrayal of the blustering, swaggering, fascinating poet was an exceedingly clever and capable piece of work, and Cluichtheoirí na hÉireann is to be congratulated upon having the honour of introducing Mr Trench to the dramatic world.’ In Our friend James Joyce (1959) deir Padraic Colum: ‘I remember having seen three or four actors play this role, but I do not recall any of them having impressed me so much as he did’. Níorbh aon ionadh gur toghadh ina bhuanbhall de bhord oifigeach na gCluichtheoirí é.

Thug sé ‘Dermot’ mar ainm breise air féin trí ghníomhas aonpháirtí in 1905, rud a thug ar fhear grinn beannú dó lá le ‘Samuel, Samuel, where art thou, Samuel?’ Scríobh Gogarty ina thaobh in It isn’t this time of year at all (1954): ‘When he was in Balliol, and there are no fools in Balliol, he would round up men from Ireland or with Irish propensities – remember Oxford is the home of lost causes – and teach them Gaelic in his rooms at Holywell’. Bhí sé ina bhall de Chumann Gaelach Oxford. Chaith sé trí sheachtain in Árainn in 1903. Scríobh sé an leabhrán What is the use of reviving Irish? (1907). Cheap an Coiste Gnó an bhliain sin é ina bhall de Choiste an Bhrostaithe (Propaganda). Ag 36 Sráid Haiste, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí air ag an am agus bhí sé ina bhall de choiste Chraobh na gCúig gCúigí. Bhí litir Ghaeilge i gcló aige in An Claidheamh Soluis ag gearán gur mhinic Gaeilgeoirí ag sleamhnú isteach sa Bhéarla a luaithe a bhí rud tábhachtach le rá acu. Thug sé óráid ag mórchruinniú i nGaillimh lá Fhéile Pádraig 1908.

Théadh sé rófhada leis an díograis, más fíor. Toisc nár fhéad sé teacht ar shnasán bróg de dhéantús na hÉireann ní ghlanadh sé a bhróga agus tháinig caonach glas orthu. ‘The wearing of the green’ an tagairt mhagúil a dhéanadh Gogarty dóibh.

‘Neurotically insufferable’, a deir beathaisnéisí Joyce, Richard Ellman, agus é ag tagairt don chaoi a mbíodh na néaróga ag cur air. Ach tá léirithe ag C.E.F. Trench go raibh ardmheas air ag leithéidí Phádraic Colum agus C.P. Curran. Dúirt Curran: ‘I can in no way recognise him in the Haines of Ulysses and he should not be so identified with him’. Chuir sé lámh ina bhás féin, rud a rinne a athair roimhe in 1894, agus d’éag in Chesham, Buckinghamshire, 1 Meitheamh 1909. Dar le Gogarty gur thug sé grá leatromach do Mary Spring Rice, a bhunaigh Craobh na gCúig gCúigí, agus gurbh in í an gharchúis ar mharaigh sé é féin.

Nuair a cailleadh Sadhbh thagair Fáinne an Lae dó: ‘Tá cuimhne ag mórán Gael ar Dhiarmuid de Trinse, a col ceathrair, a bhí chomh dílis dúthrachtach sa chúis. Ba an-dlúth an caradas a bhí eatarthu agus is iontach agus is brónach mar a fuaireadar i ndiaidh a chéile bás go hóg’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú