Is é a scríobh Séamus Ó Céileachair faoi in Comhar, Bealtaine 1984: ‘Tá sé ar an mbeagán filí is fearr ar fad i nuafhilíocht na Gaeilge. “Dán na nDánta” a thug Eoghan Ó Tuairisc ar “Trí Oícheanta Airneáin” dá chuid. Ba liosta le háireamh na línte breátha atá againn uaidh.’ I mBaile an Tiobraid, gar go Baile Átha Í, a rugadh é ar 7 Eanáir 1915. Gabha ba ea a athair Tom Bermingham agus ba í Brigid Doyle a mháthair. Bhí beirt deartháireacha aige ar dhuine díobh Joe Bermingham T.D., fear a bhí ina aire stáit tamall agus tamall ina Chathaoirleach ar Pháirtí an Lucht Oibre. Fuair an t-athair bás nuair a bhí Seán ina ghasúr óg agus cuireadh oideachas air san Áras Brianach (Institiúid Uí Bhriain), dílleachtlann phríobháideach in Marino, Baile Átha Cliath, faoi chúram na mBráithre Críostaí. Chuaigh sé isteach sna Bráithre agus fuair oiliúint mar bhunmhúinteoir ina gcoláiste oiliúna in Marino; níor thug sé a phroifisiún mar bhráthair riamh ach chaith tréimhse ag múineadh i scoil na mBráithre i Sráid Uí Sheasnáin, Luimneach. Bhí sé ag múineadh ar feadh cúig bliana i scoil náisiúnta na mbuachaillí i mBaile Phóil, Co. Chill Chainnigh, agus seacht mbliana go leith i gCarraig Álainn, Co. Liatroma. Ó 1955 amach is i mBaile Átha Cliath, a bhí sé, i mBunscoil Naomh Fearghal i bhFionnghlas ar dtús agus ina diaidh sin ar feadh 16 bliain ina phríomhoide ar Scoil Naomh Mairéad i bhFionnghlas. Bhí Ó Tuairisc ar dhuine dá chomhghleacaithe i mbunscoil Naomh Fearghal agus tá an méid seo i gcló ag Máirín Nic Eoin in Eoghan Ó Tuairisc: beatha agus saothar, 1988: ‘Bhí caidreamh aisteach idir é féin agus Seán Mac Fheorais .... Thug Ó Tuairisc ardmholadh do dhán Mhic Fheorais “Trí Oícheanta Airneáin” san alt “The Irish Otherworld” [in International P.E.N. Bulletin of selected books, earrach 1961] ... ach sa seomra foirne is ag achrann is ag argóint lena chéile a bhídís go minic agus ba é an tuiscint a fuair na múinteoirí eile uathu ná go raibh nimh san fhuil acu dá chéile. Ba dhuine ait taomach é Mac Fheorais ach d’fhéadfadh Ó Tuairisc freisin a bheith géar agus cantalach agus ní thaitníodh sé leis nuair a dhéanadh Mac Fheorais amach go raibh smaointe dá chuid féin á ngoid ag Ó Tuairisc. Ba mhinic ag spochadh as a chéile iad i dtaobh dhuaiseanna Oireachtais agus foilseachán ...’. Is é a dúirt Ó Tuairisc faoi dhán úd Mhic Fheorais: ‘All one wishes to underline here is that this poem is the perfect expression of the Irish view of the Otherworld. In his mastery of phrase and verse modulation, the poet slips in and out between time and the timeless, interweaving the two worlds much as the physical forms of birds and beasts are woven into an abstract pattern in Celtic illumination. It is an aisling, or dreampoem, only in the sense that the poet breaks into the Otherworld with his feet firmly planted in the muck and tangle of this’ (i gcló ag Nic Eoin). Bhí an dúspéis ag Mac Fheorais sa dúlra agus sa stair.

Ba é a chnuasaigh na dánta do lucht na mbunscoileanna in Dánleabhar, 1949. Is iad a chnuasaigh filíochta: Gearrcaigh na hoíche, 1954 agus leabhar a d’fhoilsigh sé féin, Léargas: dánta fada, 1964 (liostaithe ann tá Trí Oíche Airneáin, 1964, Scáthán na himeachta, 1958, Club an uaignis, 1959). Sa réamhrá le Léargas deir sé: ‘Thosaigh mé ar “Trí Oícheanta Airneáin” a scríobh ar an chéad lá de mhí Dheireadh Fómhair 1956. Caithfidh mé a admháil gur scríobh mé go héasca é ach ní foláir a rá go raibh an dán á aibiú im aigne le blianta fada roimhe sin .... B'amhlaidh freisin le “Scáthán na himeachta” agus le “Club an uaignis”. An duine coitianta, a shaol, agus a léargas ar an saol is ábhar do na trí dánta. Cé go bhfuil a lán den ábhar curtha síos sa chéad phearsa ná ceapadh an léitheoir gur mé féin atá i gceist.’ Bhí dán aige in Nuabhéarsaíocht, 1951 le Seán Ó Tuama agus roghnaigh Gréagóir Ó Dúill an dán ‘An Meaisín Eitilte’ in Fearann pinn: filíocht 1900-1999. In Comhar, Feabhra agus Márta 1966 (‘Athrá Binn an Bhróin: Filíocht Sheáin Mhic Fheorais’) pléann ‘Fionnbarra Ó Ceallaigh’ (Eoghan Ó hAnluain) a dhánta. D’éag sé 29 Feabhra 1984 agus cuireadh é sa Bharda, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí sé pósta ar Catherine Hayden ó Cheatharlach agus bhí triúr mac agus triúr iníonacha acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú