‘Pól Ó Foighil – Laoch ar lár’ an ceannteideal a bhí ar an alt ómóis in Foinse 27 Márta 2005 agus ‘Strong activist for Irish language and west coast communities’ a bhí ag an Irish Times an lá céanna. I nDurlas, Co. Thiobraid Árann, a rugadh é ar 28 Meitheamh 1928. Ba dhuine é den aon bhuachaill déag a bhí ag John Foyle agus Margaret Spearman. Tar éis dó freastal ar Scoil na mBráithre Críostaí i nDurlas agus céim a bhaint amach i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe d’éirigh leis post múinteora a fháil i gCois Fharraige, agus in Indreabhán a bhí cónaí air. Is ann a thóg sé féin agus a bhean Chrissie Nic Eoin a seachtar páistí, ceathrar mac agus triúr iníonacha. Ba ghairid gur léirigh sé gur spéis leis leas an phobail a dhéanamh. Bhí sé chun tosaigh in obair na scéimeanna uisce, na gColáistí Gaeilge agus na gcomharchumann Gaeltachta. Maidir leis na comharchumainn i gConamara luaitear é in aon anáil le Pádraig Ó hAoláin, Tarlach de Blacam agus Éamon Ó Cuív.

Is mar iarrthóir neamhspleách a sheas sé i bhfothoghchán 1975 i nGaillimh Thiar nuair is ag Máire Geoghegan-Quinn a bhí an bua. Ceithre bliana ina dhiaidh sin chuaigh sé isteach i bhFine Gael agus ó 1979 go 1985 bhí sé ina bhall de Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus arís ó 1997 go 2004. Lean a bhallraíocht d’Údarás na Gaeltachta ó 1979 go 2004. I gcomthéacs na turasóireachta cultúrtha tá tagairtí báúla dá shaothar ag John Walsh in Aistí ar an Nua-Ghaeilge in ómós do Bhreandán Ó Buachalla, 2006 in eagar ag Aidan Doyle agus Siobhán Ní Laoire (‘Ón bhforbairt thionsclaíoch go dtí an phleanáil teanga: éabhlóidiú Údarás na Gaeltachta’).

Toghadh é ina bhall den Seanad i 1989 nuair a bhí sé ar phainéal an lucht saothair ach theip air i 1997 agus é sa phainéal cultúrtha agus oideachasúil. Mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge dúirt Nollaig Ó Gadhra (Foinse, 27 Márta 2005): ‘Seans gurb é an rud is tábhachtaí a rinne Pól ina shaol poiblí ná gur dhiúltaigh sé Béarla ar bith a labhairt san Oireachtas nuair a ceapadh é idir 1989 agus 1993. Seans gurb é an duine deiridh de bhaill an Oireachtais san fhichiú haois a labhair Gaeilge i gcónaí mar ionadaí poiblí.... Cibé conspóid ina raibh sé sáite, cibé dream nó páirtí ina raibh sé, sheas sé go docht dílis le ceart na Gaeilge agus na bpobal Gaeltachta a raibh baint aige leo.’ Dúirt M.Ó C. san uimhir chéanna den nuachtán sin: ‘Bhí sé an-dílis don Ghaeilge agus ag teannadh le deireadh a shaoil bhí sé imníoch go raibh an teanga ag lagan go mór. ’Sé a chuir na moltaí láidre faoi choinníollacha teanga sa gcóras pleanála faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe.’ Is é a scríobh Lorna Siggins in Irish Times 22 Márta 2005: ‘Mr Ó Foighil was the architect of one of the most significant changes in years to the Galway county development plan, when provisions to protect the Irish language were adopted. The final provisions represented a compromise on Mr Ó Foighil’s original proposal where applicants for planning permission for housing in South Connemara had to prove fluency in Irish.’

Sa Seanad dó tharraing sé aird na tíre air féin lá nuair a rialaíodh nach raibh an báinín a bhí á chaitheamh aige in áit an chóta choinbhinsiúnta ceart de réir chomhghnás an tSeanaid. Ach d’éirigh le Pól a áitiú ar an gCathaoirleach gurbh aige féin a bhí an ceart. D’fhan ‘Báinín’ mar leasainm air ag cuid den phobal, agus is cosúil, más fíor don Irish Times, gur chuir sé lena ainm é trí ghníomhas aonpháirtí. I 2002 theastaigh uaidh a bheith ina iarrthóir Dála thar ceann Fhine Gael i nGaillimh Thiar. Ar oifigeach an pháirtí, Finbarr Fitzpatrick, a thit sé a rá leis go raibh sé ró-aosta. ‘As current Fine Gael TD for the constituency, Pádraig McCormack, recalls, Ó Foighil challenged Fitzpatrick to 20 press-ups. At the subsequent election convention, Ó Foighil gave a rousing speech in which he declared that his hair was his own, his teeth were his own and other parts of his anatomy were working very well, too’ (Irish Times). Tragóid mhór ina shaol ba ea mac óg leis a chuir lámh ina bhás féin sa bhliain 1982. ‘Ó Foighil subsequently spoke publicly on RTÉ television about the impact of suicide on families’ (Irish Times). D’éag sé ar 21 Márta 2005 agus cuireadh é i Reilig an Chnoic.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú