I bhFairche in aice le Cill Chaoi, Co. an Chláir, a rugadh é. Scríobh Maura Keane, Fairche, ar neacht dó í, chuig údair an chuntais seo 14 Aibreán 1985 gurbh iad a thuismitheoirí Thomas Kett agus Brigid Houlihan, gur in 1868 a rugadh é agus go raibh triúr deartháireacha agus triúr deirfiúracha aige. Taispeánann a theastas breithe gur ar 12 Eanáir 1868 a rugadh é agus gur feirmeoir ba ea a athair. Ba chuimhin leis an neacht gur i Meán Fómhair 1928 a d’éag sé. Dhealródh sé nár cláraíodh an bás. Chuir Muiris Ó Droighneáin 1933 síos mar bhliain bháis in Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge. Ní raibh aon fhógra ná mír nuachta faoin mbás i bpáipéir an Chláir i Meán Fómhair 1928 ná 1933 agus níor éirigh leis an Sinsearlann i gCora Finne dáta cinnte a aimsiú. D’aimsigh Seán Ó Ceallaigh, Cill Mháille, Inis, aiste dar teideal ‘Amhráin Tuanach: Seosamh T. Ó Ceit’ in The Clare Champion, 14 Eanáir 1950. Deirtear ann: ‘Do rugadh Seosamh T. Ó Ceit i bhFairche i bparóiste Dúin Bhig i mí an Mhárta 1860 [sic], agus fuair sé bás sa naoú lá de Mhéan Fómhair 1928’. Is ródhóigh, nuair a thagann sé le cuimhne an neachta, a bhí naoi mbliana d’aois ag an am, gurb in é an dáta báis ceart.

Taispeánann Daonáireamh 1901 gurbh i mbaile fearainn Ceathrú Bhluach Mhór a bhí an chlann, go raibh an t-athair marbh agus gurbh é Joseph K. Kett, fear singil, uncail le Seosamh, a bhí ina cheann teaghlaigh. In aontíos leis bhí: Bridget (60), baintreach; Michael (35); Jeremiah (34); Joseph (33); Connor (27); Ellen (23); Mary (20); Bridget (19). Bhí Gaeilge agus Béarla acu go léir.

Fuair Seosamh bunoideachas i scoil sa Bháinseach agus d’fhreastail ar scoil i gCill Chaoi sula ndeachaigh sé isteach i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach in 1886. Ach theip ar a shláinte. D’fhill sé abhaile agus chaith an chuid eile dá shaol ag obair ar fheirm a mhuintire. Thug Tomás Bán Ó Concheanainn cuairt ar Dhún Beag 13 Samhain 1899 agus thuairiscigh 2 Nollaig: ‘Interviewed member of a family named Kelts [sic] whose home for months back has been a regular night school. They take the Claidheamh but consider it somewhat stiff’.

Nuair a bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge i bhFairche 13 Nollaig 1899 bhí Seosamh acu mar mhúinteoir agus mar rúnaí. Deir an’cuntas úd in The Clare Champion gur ina theach féin a bhíodh imeachtaí na craoibhe ar siúl; ceantar is ea Fairche agus ní sráidbhaile, gan fiú teach scoile ann agus chaithfeadh sé gur i dteach príobháideach a bheadh an rang. As an dáréag a bhí sa láthair an chéad oíche úd bhí an sloinne Ó Ceit ar sheachtar díobh (An Claidheamh Soluis 28 Nollaig 1899). Ag Oireachtas 1902 bhain Bríd Ní Cheit ó Fhairche an chéad duais sa chomórtas ‘Dán úrnua ar cheist ar bith, gan thar 300 líne ann’. Bhain Seosamh go leor duaiseanna Oireachtais idir 1902 agus 1920 ar aistí, scéalta agus drámaí. Bhain a dhráma Maon an chéad duais mar dhráma úrnua i 1920 agus foilsíodh é i 1924. Bhí aiste agus scéal i gcló aige in Irisleabhar na Gaedhilge agus bhí os cionn 30 píosa filíochta aige in An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae. Dar le tuairisc in Misneach 25 Feabhra 1922 gur chláraigh sé mar bhall de Chumann na Scríbhneoirí.

Bhí litreacha Béarla uaidh i gcló in Irish Statesman 28 Samhain 1925 agus 30 Eanáir 1926. Ag cosaint pholasaí na Gaeilge éigeantaí a bhí sé in aghaidh comhfhreagróirí eile.

Tá sé curtha i reilig Chill tSeanáin ina aice leis an scoil sa Bháinseach. Tá tagairt ag Peadar Ó hAnnracháin d’fhear eile den aimm.

‘Istigh i gCill Ruis chonac ceann breá [lámhscríbhinn] ag Seosamh Ó Ceit, siopadóir ábalta, agus cainteoir blasta Gaeilge’ (Fé bhrat an Chonnartha, 1944). Col ceathar leis an Seosamh s’againne ba ea é agus ‘Joe beag’ a thugtaí air.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú