An fáth nach raibh scéal a beatha scríofa againn roimhe seo go bhfuil cuntais iontaofa uirthi sna leabhair thagartha is údarásaí. San iontráil in The Oxford Companion to Irish Literature, 1996 gheofar liosta na mbeathaisnéisí a scríobhadh uirthi. Ach is abairt ag Philip O’Leary in Gaelic Prose in the Irish Free State 1922-1939, 2004 (‘Given all that she had done for the cause of cultural nationalism in general and for the language revival in particular, the Gaels’ virtual silence regarding the work of Lady Gregory was ungrateful and churlish.’) a ghoin ár gcoinsias agus a thug orainn an cuntas leithscéalach seo a bhreacadh. Luann O’Leary go háirithe a dtugadh sí de chabhair do Thaibhdhearc na Gaillimhe; ní ghearradh sí táillí nuair a stáitsíodh siad aistriúcháin ar a drámaí agus chuireadh ar ais chucu cibé dleachtaí a d’íocaidís léi. Níl aon amhras ach gur chuir na haistriúcháin sin go mór le stair na drámaíochta Gaeilge: Cara an Phobail; An Fear Siúil; Éirí na Gealaí; An tUbhall Óir; Dubhairt sé Dábhairt sé; Aireagal Teach na mBocht....

In Roxborough House in aice le Cill Chríost, Co. na Gaillimhe, a rugadh í 15 Márta 1852. Ba iad a tuismitheoirí Dudley Persse agus Frances Barry, bean a bhí gaolmhar le Standish Hayes O’Grady. In 1880 phós sí Sir William Gregory (1817- 92), baintreach fir ar leis eastát Pháirc na Cúile, An Gort, Co. na Gaillimhe. Bhí mac acu, Robert, a maraíodh i gcogadh 1914-18. Chomh luath le 1893 bhí Abhráin Grádh Chúige Connachtde hÍde léite aici agus sin a chuir ag foghlaim Gaeilge í. Is cosúil go raibh meas aici ar an teanga óna hóige de bharr cion a bheith aici ar a buime, cainteoir dúchais Gaeilge. Thiomnaigh sí an t-eagrán Éireannach de Cuchulain of Muirtheimhne, 1902 do mhuintir Chill Tartan agus scríobh sa nóta tiomnaithe: ‘I have told the whole story in plain and simple words, in the same way my old nurse Mary Sheridan used to be telling stories from the Irish long ago, and I a child at Roxborough’. Tuairimítear gur mhó de mháthair aici an bhean sin ná an Frances Barry úd.

D’éirigh sí cairdiúil leis an gCraoibhín in 1898. W.B. Yeats freisin a d’adhain a spéis sa litríocht agus sa bhéaloideas. Bhí sí iompaithe faoin am seo ina náisiúnaí. Baineann tábhacht ar leith léi i ngeall ar an bpáirt lárnach a bhí aici i bhforbairt na drámaíochta in Éirinn agus i mbunú Amharclann na Mainistreach. Ach b’fhéidir a mhaíomh freisin gur adhain na leaganacha Béarla a chuir sí ar fáil de dhánta Gaeilge (The Kiltartan Poetry Book, 1918) agus de na seanscéalta Rúraíochta agus Fiannaíochta spéis an mhórphobail i dtraidisiúin na Gaeilge. Is fiú a lua freisin gur bhunaigh sí craobh de Chonradh na Gaeilge i gCill Tartan, Co. na Gaillimhe.

Níor mhiste a bhfuil le rá fúithi ag Proinsias Mac Aonghusa in Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993 a lua freisin: ‘Bhí Augusta Gregory an-tógtha le Gaeilge agus le Gaelachas agus le cur chun cinn an Chonartha, rud nach raibh éasca do dhuine dá cúlra sise. Rinne sí iarracht láidir an teanga a fhoghlaim agus bhí ar a cumas í a thuiscint agus a léamh.... Nuair a mholtaí aon rud dár éirigh léi a dhéanamh ’sé an freagra a bhíodh aici “It is to the Gaelic League that praise belongs”. In Eanáir 1898 bhunaigh sí craobh den Chonradh ar an gCúil agus tar éis di scaitheamh a chaitheamh i dteach Mhic Dhonnchadha in Inis Meáin i mBealtaine na bliana sin, chuaigh sí ag teagasc Gaeilge do W.B. Yeats. Bhí sí ina toscaire ag Ard-Fheis 1901 agus 1902 agus ag Oireachtais na mblianta sin thar ceann a craoibhe.’ Deir Ciarán Ó Coigligh in Raiftearaí: Amhráin agus Dánta, 1987: ‘Chuir sí spéis mhór i saol agus i saothar Raiftearaí. Ba ise faoi deara tógáil na lice os cionn a uaighe.’

Is léir gur mhair a spéis sa teanga go deireadh a saoil. In Capuchin Annual 1961 scríobh Thomas McGreevy agus é ag tagairt do Beatha Íosa Críost, 1929 le Pádraig de Brún: ‘A day came when Yeats gladly carried to Monsignor a message from Lady Gregory who, on her deathbed, had asked for him to be told that her greatest comfort during her last days had been the Beatha Íosa Críost...’. D’éag sí sa Chúil 22 Bealtaine 1932 agus cuireadh í sa Reilig Nua, ar an mBóthar Mór, Gaillimh.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú