Ceannródaí i gcúrsaí drámaíochta i dTír Chonaill ba ea é. Ar an gCarraig i nGaoth Dobhair a rugadh é (Owen McBride) 1 Eanáir 1898 agus ba é an dara mac é ag Conal Anna Mac Giolla Bhríde (cé gur ‘Colum McBride’ atá sa teastas breithe) agus Máire Nic Ghiolla Easbuic (Máire Eoghain Rua nó Mary Gillespie). Tar éis bunscolaíochta i scoil na Luinnigh fuair sé scoláireacht i gColáiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn, a thug go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, é. D’éirigh leis sna scrúdaithe leighis go léir agus bhí an bhliain deireanach oiliúna á caitheamh aige in ospidéal an Mater nuair a ghortaigh sé a chos go dona, Chuaigh sé abhaile chun staidéir don scrúdú deireanach agus ó shin amach is ag siúl le croisíní a bhí sé. Thosaigh sé ag teagasc Gaeilge i gColáiste Samhraidh Cholm Cille go luath ina dhiaidh sin.

Bhí spéis mhór aige sa tseanchas agus théadh ag airneál go minic i dteach a uncail, Éamonn Mac Giolla Easbuic. Tharla oíche um Shamhain 1931 gur ar an ngá a bhí le caitheamh aimsire geimhridh a tarraingíodh anuas an comhrá. Mhol Eoghan dráma Gaeilge a léiriú. Ní raibh feicthe ag formhór a raibh sa láthair ach drámaí ar nós East Lynne á léiriú ag compántais mar na Carrickfords agus na Daniels. Thairg fear an tí scioból dóibh agus d’aistrigh Eoghan Spreading the news le Augusta Gregory. I Halla Dhoirí Beaga ar 10 Eanáir 1932 a tháinig Aisteoirí Ghaoth Dobhair os comhair an phobail a chéad uair, Bailíodh cathaoireacha le chéile ó thithe sa chomharsanacht.

Cuid de na drámaí a léirígh siad ina dhiaidh sin ba é Eoghan a chuir ar fáil iad: drámaí a bhunaigh sé ar shaol na háite, ar déanamh an phoitín agus ar chúrsaí cleamhnais; drámaí a scríobh sé ar théamaí staire mar shaol an Athar Séamus Mac Pháidín (In Aimsir an Mháirtínigh), agus mar a mharaigh Pádraig Ó Domhnaill an sceitheadóir James Carey (An Fealltóir). Tamall gairid i ndiaidh a mbunaithe thug sé na hAisteoirí go Feis Thír Chonaill mar ar bhain siad Corn an Chairdinéil Uí Dhomhnaill le léiriú de An Bunán Buí. D’éag sé 23 Aibreán 1939 agus cuireadh é i Machaire Gathlán. Foilsíodh beagán dá dhrámaí agus dá aistriúcháin: An Sár-Ghadaidhe, 1936 (The Burglar and the girl, dráma le Matthew Boulton), An Fealltóir, 1939 agus In aimsir an Mháirtínigh: dráma staireamhail cheithre ngníomh ag léiriú an tsaoil a bhí ag muintear Ghaoth Dobhair sa bhliain 1889, 1937; An Murlán práis, 1945 (The Brass door-knob le Matthew Boulton).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú