Ó COIGLIGH, Séamus (1916–2010)

Tá cuntas báis in The Irish Times 18 Meán Fómhair 2010. Is mar chara dílis Sheáin Uí Ríordáin is mó a tarraingíodh aird lucht litríochta na Gaeilge ar an scríbhneoir agus an t-ilteangach Corcaíoch seo agus is mó sin tagairt dó in Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar (Ó Coileáin 1982). Gheofar a chuntas féin ar a chaidreamh leis an bhfile in An duine is dual (Ó hAnluain 1980). Is dó a thugadh an file a dhánta nuachumtha chun a thuairim ina dtaobh a fháil. Ba mhinic é ar cuairt chuig an bhfile in Inis Cara, Co. Chorcaí.

Rugadh é ar 12 Márta 1916. Ba iad a thuismitheoirí James Quigley ó Thigh Mochua, Co. Laoise agus Anna Flavin ó Ghleannúir, Co. Chorcaí. Bhí ceathrar deartháireacha agus ceathrar deirfiúracha aige. Bhí an tsláinte ábhairín leochaileach aige agus é ina pháiste. Fuair an t-athair bás agus gan ach naoi mbliana aige. Agus é i Scoil Ghlaisín, gar do chathair Chorcaí, bhuaigh sé scoláireacht a thug go Scoil na mBráithre Críostaí i bPort Uí Shúilleabháin é. Tar éis dó scrúdú na Meánteistiméireachta a dhéanamh d’aistrigh sé go dtí an Mhainistir Thuaidh agus is ann a rinne sé an Ardteistiméireacht in 1934. Fuair sé post an bhliain chéanna sin in oifig Bhardais Chorcaí. Is ann a d’éirigh dlúthchairdeas idir é agus Seán Ó Ríordáin a bhí tosaithe ag obair san oifig chéanna i mí Eanáir 1937. Bhí Séamus ina bhall tamall de ghluaiseacht Ailtirí na hAiséirí.

Bhí sraitheanna alt ar an Rúis i gcló aige in Irish Times ó 1959 go 1972 (‘An eye on Russia’ agus ‘An eye on Eastern Europe’). Dhéanadh sé léirmheasanna ar leabhair sa pháipéar céanna. D’aistrigh Séamus paimfléad beathaisnéiseach ón Rúisis go Béarla in 2008: Our Friend Ethel Lilian Boole/Voynich le Evgeniya Taratuta. Tá an t-aistriúchán curtha ar fáil mar PDF ar líne, http://www.corkcitylibraries.ie/aboutus/librarypublications/. Dr Seán Ó Maoláin, Leabharlannaí Sinsearach Feidhmiúcháin, Leabharlanna Cathrach Chorcaí, a rinne eagarthóireacht ar an leagan sin ar líne. Tá na trí alt is tríocha aige in Comhar ó 1962 go 1972 liostaithe ag Máire de Grás in Comhar: innéacs 50 bliain (1992), agus deich léirmheas dá chuid liostaithe in Feasta: Innéacs 1948-2000 (Mac Peaircín 2003). Bhí alt eile leis, ‘Sráidainmneacha Chathair Chorcaí’, in Sráidainmneacha na hÉireann (1998) in eagar ag Breandán S. Mac Aodha. Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar aistí i dtaobh fhilí na Rúise agus na hUngáire. Ó 1966 go 1981 bhí clú i gCorcaigh air i ngeall ar a fheabhas a bhí sé mar Choimeádaí i Músaem Chorcaí. Tá de cháil air go raibh sé in ann gach teanga Eorpach a léamh chomh maith le Manainnis, Aramais, Eabhrais, Urdúis agus Araibis. Is chun litríocht na dtíortha sin a léamh a d’fhoghlaim sé na teangacha sin. Deirtear gurbh é an chaoi a dtosaíodh sé ag foghlaim teanga ar leith ná trí ghreim a fháil ar an mBíobla inti. Gan amhras bhí leabharlann phearsanta an-mhór aige ina theach. I dteannta na dteangacha sin go léir bhí eolas maith aige ar an tSean-Ghaeilge agus ar an Meán-Ghaeilge. D’iarr an Ríordánach tamall dá chóip de ghraiméar Sean-Ghaeilge Rudolf Thurneysen agus é ag aistriú dánta ón tSean-Ghaeilge. Ach ní i dteangacha agus i litríocht amháin a bhí spéis aige ach sa stair, san eolaíocht, sa cheol, sa pheil, sa pholaitíocht agus sa mhatamaitic. Thacaíodh sé go láidir le Fánaithe an Ghleanna, club nótáilte iomána i gcathair Chorcaí. Ó 1953 bhí sé pósta ar Christina Foley (a d’éag ar 2 Iúil 2001) ó Charraig Thuathail, Co. Chorcaí. D’éag sé ar 14 Meán Fómhair 2010 agus é 94 bliain d’aois. Ba chuimhin le Pádraigín Riggs:

go mbíodh Séamus le feiscint go dtí cúpla bliain ó shin – go dtí le gairid, i ndáiríre! – agus é ag rothaíocht ar an sean-Rudge, a chaipín dubh air (ó Chogadh na Spáinne nó ón IRA?) agus a chóta gaberdine fáiscithe timpeall air, agus tiománaithe na cathrach ag géilleadh slí dó! (nóta a chuir sí chuig údair na beathaisnéise seo)

Peirspeictíocht Éireannach ar litríocht na hEorpa: saothar Sheamuis Uí Choigligh (2013) le Micheál Ó Súilleabháin curtha ar fáil mar PDF ar líne, http://www.corkcitylibraries.ie/aboutus/librarypublications/

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair

  • de Grás, M. (1992) Comhar: innéacs 50 bliain. Baile Átha Cliath: Comhar Teoranta.
  • Mac Peaircín, L. (2003) Feasta: innéacs 1948-2000. Corcaigh & Baile Átha Cliath: Clódhanna Teoranta.
  • Ó Coileáin, S. (1982) Sean Ó Ríordain: beatha agus saothar. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.
  • Ó hAnluain, E. [eag.] (1980) An duine is dual: aistí ar Sheán Ó Ríordáin. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.
  • Ailt

  • The Irish Times 18 Meán Fómhair 2010