I ndeireadh a saoil ghlac sí le ‘Canainn’ in áit ‘Ceanainn’ mar cheartfhoirm Ghaeilge an tsloinne ‘Cannon’. Is faoi Ní Cheanainn atá cuntas uirthi in DIB. Tá cuntas uirthi in The Irish Times 12 Meitheamh 1999 agus in Foinse 18 Aibreán 1999. I nDoire Ghé, Coillte Mach, Co. Mhaigh Eo, a rugadh í (Annie Delia Cannon) 22 Deireadh Fómhair 1907. Feirmeoir a hathair Michael Cannon agus ba í Annie Kelly a máthair; bheadh siopa ag an lánúin ar ball; bhí beirt deirfiúracha aici. Ba í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh le linn a hóige. Cuireadh oideachas uirthi i gClochar Naomh Lughaidh sa bhaile sin agus i gColáiste Dhún Chéirí. Bhain sí M.A. san oideachas amach faoin Ollamh Timothy Corcoran sa Choláiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath; an drámaíocht mar mhodh teagaisc b’ábhar don tráchtas.

Bhí sí ag múineadh i Scoil Mhuire i mBinn Éadair agus ó 1941 amach bhí sí ina hardmháistreás i Scoil Eoin Baiste i gCluain Tarbh. Deirtear go ndéanadh sí a dícheall múinteoirí ón iarthar a earcú dá scoil. Bhaineadh sí úsáid as téipeanna, sleamhnáin, scannáin agus a leithéidí i bhfad sula raibh sin coitianta. Ba ríspéis léi an t-oideachas agus bhí sí ina ball de Choiste na hÉireann de UNESCO. Thugadh sí cuairteanna ar an nGearmáin agus ar thíortha eile chun cur lena heolas ar chúrsaí oideachais. Ba bhall bunaidh de Chumann Scannán na nÓg í; thugadh sí léachtanna do Chumann Scannán na hÉireann, a raibh sí ar dhuine dá bhunaitheoirí freisin, agus bhí sí ina hionadaí thar ceann na hÉireann ag comhdhálacha i dtaobh scannán in Chicago agus Luxembourg. Ba í an chéad bhean í ar Údarás RTÉ nuair a bunaíodh an stáisiún i 1960. Deirtear (Irish Times) gur theastaigh ó Earnán de Blaghd go mbainfí úsáid as an bhfocal ‘teilís’ ach gur éirigh le hÁine ‘telefís’, téarma atá níos gaire d’fhocal de Bhaldraithe, a chur chun cinn.

Bhí baint aici le Conradh na Gaeilge óna hóige agus bhí sí ar an gcoiste a d’athbhunaigh an tOireachtas i 1939. Ba í a thug óráid an Oireachtais i 1945. Ainmníodh í mar bhall den Choimisiún um Athbheochan na Gaeilge in Iúil 1958. Bhí sí sa láthair 9 Feabhra 1934 nuair a bunaíodh Cumann Drámaíochta na Scol agus bhí ina rúnaí 1935-45 agus ina huachtarán 1951-56. Fiú i 1984 bhí sí ina hionadaí ann ó Chúige Laighean Thuaidh. Bhí sí go minic ina teachta ón gcumann ar choistí an Oireachtais i rith 1939-63. Bhí sí ina cathaoirleach ar Amharclann na nÓg a bunaíodh i 1943 agus ar Chomhairle na nÓg, arbh é a phríomhchuspóir ‘an scánnán d’úsáid mar ghléas éifeachtach nua-aimseartha i múineadh agus in athbheochan na Gaeilge’ (Láimh-Leabhar Chomhdháil Náisiúnta na Gaedhilge, [1944]). Ball de Bhord na Leabhar Gaeilge ar feadh roinnt blianta ba ea í agus bhí sí ina ball den Chomhdháil Cheilteach.

Scríobh sí The Heritage of Mayo, 1982 agus Raifteirí an File, [gan dáta] agus chuir eagar ar Leon an iarthair: aistí ar Sheán Mac Héil ..., 1983. D’eagraigh sí Éigse Raifteirí i gCoillte Mach 1972-75 agus bhí baint aici le Comóradh Mhic Éil i gCaisleán an Bharraigh agus le hÉigse Riocaird Bairéad i nGaoth Sáile.

D’éag sí 25 Márta 1999 agus tá sí curtha i gCnoc Mhuire.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú