Sa tSráid Mhór i gCionn tSáile, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 24 Meán Fómhair 1882. Bridget Gleeson ab ainm dá mháthair. ‘Merchant’ an cur síos ar a athair James (c.1851–1922) sa teastas breithe. Fear mór le rá i gcúrsaí an bhaile sin é siúd, é ina fhear gustalach gnótha ann, ina chathaoirleach ar comhairle an bhaile ar feadh 25 bliain. Mar dhuine de lucht tacaíochta an cheannaire William O’Brien chaith sé tréimhse i bpríosún i rith Chogadh na Talún. Ba bheag dá shórt a bhí ar thaobh Chonradh na Gaeilge i 1901, dar le Peadar Ó hAnnracháin (Fé bhrat an Chonnartha, 1944). ‘An tráth a bhí an cath ar siúl i dtaobh Gaeilge a dhéanamh riachtanach san Ollscoil Náisiúnta b’é Séamus Ó Néill an taca ab fhearr a bhí againn i gComhairle Contae Chorcaí agus d’ainneoin dá raibh ráite i dtaobh na ceiste ag na heaspaig an lá roimhré mhol sé don Chomhairle sin dul ar thaobh na teanga—agus chuaigh—rud a neartaigh go mór linn sa chath ar son na Gaeilge. Níorbh aon ionadh rómhór mar sin go raibh a mhac Éamonn ina thaca don Ghaeilge’. De réir Dhaonáireamh 1901 bhí Gaeilge aige féin agus a bhean. Ach tá an mhír seo in An Claidheamh Soluis 29 Meán Fómhair 1900: ‘Mr O’Néill is chairman of the District Council, a true Irishman and wanting only the tongue to be perfect. But, he said, perhaps I can spare a few minutes every day here in my office to learn it’. Bhí Hugh (10) agus Catherine (6) sa teach oíche an Daonáirimh ach ní raibh an chuid eile den chlann, Pilib agus Éamonn.

Bhí Éamonn ar scoil ag Bráithre na Toirbhirte i gCionn tSáile agus ag na Bráithre Críostaí in Eochaill sula ndeachaigh sé go Coláiste Mhungairit. Bhí cáil air mar lúithnire agus mar imreoir rugbaí ansiúd. Bhí sé cairdiúil ann le Proinsias Ó Fathaigh. Ghnóthaigh sé céim BA san fhealsúnacht i 1902 i gCorcaigh. Bheadh sé ina chathaoirleach ar chéimithe Chorcaí ar ball agus ina bhall de Bhord Stiúrtha Choláiste Ollscoile Chorcaí.

Is cosúil gurbh iad seanchainteoirí dúchais an cheantair a d’adhain a spéis sa teanga. Thugadh sé cuairt ar cheantair Ghaeltachta agus ar an mBlascaod go háirithe. Tá fianaise Pheadair Uí Annracháin againn air go raibh an teanga go líofa aige faoi 1901. Tá an méid seo ina thaobh ag an Athair Peadar Ó Laoghaire in Scothbhualadh, 1903, sa chur síos a dhéanann sé ar Fheis Mhainistir na Corann: ‘Bhí buachaill de mhuintir Néill ann aniar ó Cheann Sáile agus thug sé dhá amhrán uaidh chomh breá agus ba mhaith leat aireachtain. Dúradh liom ná raibh sé ag foghlaim Gaeilge ach timpeall le bliain go leith. Chuir san ionadh orm. Ansan do inseadh dom gur bhuaigh an buachaill sin i mBaile Átha Cliath le ceann de na hamhráin sin cearnduais bhreá óir’. Bhí guth binn aige agus bhain sé duaiseanna go leor ag feiseanna agus ag Oireachtais. Chuirtí i gcomórtas le John McCormack é. Ghlacadh sé páirt i gceolchoirmeacha ar mhaithe le carthanacht agus bheadh sé ina uachtarán ar ball ar Chumann Amaitéarach Opera Chorcaí agus ar Chumann Oirfide Chorcaí.

Dar le Peadar Ó hAnnracháin gur scríobh Éamonn chuig an gCoiste Gnó i 1901 ag iarraidh orthu timire a sheoladh síos go Cionn tSáile agus gurbh é a bhunaigh craobh ann i 1902 agus a bhí ina chomhrúnaí acu. Bhí baint mhór aige le Feis Chionn tSáile, bhí ina leasuachtarán ar an gCoiste Ceantair agus ina ionadaí acu chuig Feis na Mumhan, ina bhall den Choiste Gnó 1904–6 agus ina ionadaí ag an gcoiste sin ar Choiste ComhairleachCholáiste na Mumhan i 1905. Ní hamháin go múineadh sé rang sa Chonradh ach bhíodh rang aige ar 7 a.m. do na hoibrithe a mbeadh seal na hoíche déanta acu i mbácús a athar.

Bhí sé ar dhuine díobh sin a chuir go láidir in aghaidh dileagraí fáilte agus dílseachta a bhronnadh ar Rí Edward VII i rith a chuairte ar Éirinn i 1903 (21 Iúil-1 Lúnasa). Thabhaigh sé clú náisiúnta i 1905 mar gheall ar fheachtas na n-ainmhithe. Tá cuntas ar na himeachtaí sin in Inniu 12 Lúnasa 1977 et seq.. Diúltaíodh a ainm a chur i nGaeilge sa cheadúnas dá pheata madra. Chaith sé seachtain i bpríosún i gCorcaigh toisc nach n-íocfadh sé leathchoróin—bhí a ainm i mBéarla sa toghairm. Deir Peadar Ó hAnnracháin: ‘Ar aon chuma is dóigh liom gurbh é an chéad uair a cuireadh éinne in Éirinn i bpríosún mar gheall ar a leithéid de choir’. Tagraíonn Susan Mitchell don eachtra ina ceoldráma grinn Leaguers and Peelers: It is a dark and beastly shame/ No dog may ever own/ A master with a Gaelic name/ Nor take from him a bone./ Alas, that police should never cease/ To keep these two apart,/ We feel, man, for O’Neill, man,/ And his dog that broke its heart.

D’imríodh sé rugbaí, cruicéad, galf, peil ghaelach agus iománaíocht. Bhí ina chomadóir ar Chumann Luamhaireachta Chorcaí. Bhunaigh sé léag iomána agus chuir páirc ar fáil don chluiche sin. Creidtear nach rómhaith a bhí sé mar iománaí. Nuair a d’imir Corcaigh agus Tiobraid Árann ar pháirc chatha Fontenoi sa Bheilg i 1910 bhí imreoir in easnamh ar Thiobraid Árann—bhí cuid dá bhfir imithe ar strae sa Bhruiséal agus tugadh Éamonn dóibh mar fhear ionaid, an fáth, b’fhéidir ar bhuaigh Corcaigh an cluiche. Scríobh sé cuntas ar an turas in The Southern Star (Réalt an Deiscirt).

Is mar chuntasóir agus mar bhainisteoir a bhí sé ag obair i ngnólacht Uí Néill ar dtús. Tháinig méadú suntasach ar an ngnó seo i ndiaidh dó teacht i gcomharbacht ar a athair. Bhí muilleoireacht agus grósaeireacht ar siúl acu. Bhunaigh sé Máistirbháicéirí na hÉireann agus bhí ina uachtarán orthu. Bhain an bácús na duaiseanna ab airde ar arán (‘Arán bonn-órga Uí Néill’) i Londain. D’oscail sé garáiste i gCionn tSáile agus ba é faoi deara an chéad chaidéal peitril cois sráide i gContae Chorcaí. Gan trácht ar a ghnó féin, ba é a d’fhéach chuige go mbeadh soilsí leictreacha ar shráideanna an bhaile (1920) agus scéim uisce (1945). Chabhraíodh sé le tionscal na hiascaireachta agus bhí ina chathaoirleach ar Bhord Chaladh Chionn tSáile. Bhí baint aige le Bord Iascaigh Mhara agus le Cumann Turasóireachta na hÉireann.

Le páirtí Liam Uí Bhriain (All for Ireland League) a bhain sé agus tá tagairt ag Diarmuid Ó Murchadha in Liam de Róiste, 1976 don chuireadh a tugadh dó labhairt ag cruinniú tionscnaimh na nÓglach i gCorcaigh 14 Nollaig 1913, cuireadh nár ghlac sé leis. Toghadh é ina bhall neamhspleách de Chomhairle Chontae Chorcaí i 1925. Chuaigh sé isteach i gCumann na nGaedheal agus bhuaigh suíochán Dála in iardheisceart Chontae Chorcaí in olltoghchán 1932. Chaill sé é i 1943 ach bhuaigh arís é 1944. Ó 1939 go 1943 bhí sé ina Leas-Cheann Comhairle. A sheanchara, Proinsias Ó Fathaigh, a bhí ina Cheann Comhairle. Bhí baint nár bheag aige féin agus a bhean (phós sé Mamie Hurley ó Mhelbourne i 1923) leis na Léinte Gorma go dtí gur scar Cosgrave agus ceannairí eile Fhine Gael leis an ngluaiseacht sin. Ach in ainneoin a raibh de bhaint aige leo tugtar suas dó gur oibrigh sé go dícheallach sa Dáil chun go dtiocfadh maolú ar chuimhne an Chogaidh Chathartha agus ar an bhfuath a lean é.

Meastar gur chaill sé cuid mhór airgid leis an bpolaitíocht. D’éirigh sé as an saol poiblí toisc é bheith cráite ag na dathacha. D’éag sé ina theach féin ar an gCnoc Dubh 3 Samhain 1954 agus adhlacadh é i reilig Chluain Téad. Bhí mac agus iníon aige.

Col seisir ba ea é leis an drámadóir Eugene O’Neill. I mBaile Mhic Andáin a deirtear a rugadh a athairsean, James, agus is inspéise go ndúradh in An Gaedheal, Deireadh Fómhair 1937, faoi dheartháir Éamoinn, Pilib: ‘Through family relationships [he] had long and enduring connections with Kilkenny and Waterford’. Ba iníon deirféar leis Jean Kerr (Bridget Jean Ní Choileáin). Rinne sise agus a fear céile cóiriú ar The Song of Bernadette le Franz Werfel, scríobh sí drámaí grinn a léiríodh in Broadway agus leabhar i dtaobh na caoi ar thóg sí a ceathrar mac, Please don’t eat the daisies, a ndearnadh scannán de.

Bhí a dheartháir Aodh ina shagart paróiste in Inse Geimhleach, Co. Chorcaí.

Bhí cáil ar leith ar an deartháir eile Pilib (‘Sliabh Rua’) de bharr na n-amhrán a chum sé agus na dtéarmaí Gaeilge a chuir sé ar fáil do lucht na gcluichí Gaelacha; bhuaigh na téarmaí duais Oireachtais i 1906—bhí cuid díobh i gcló in An Claidheamh Soluis chomh luath le 5 Deireadh Fómhair 1907. Deir Peadar Ó hAnnracháin go raibh sé ‘chomh dúthrachtach dílis i mbun na Gaeilge le haon fhear a casadh riamh orm’. Chuir sé eagar catha ar na buachaillí scoile a bhí in aon rang leis in 1898 agus rinne gabha san áit pící dóibh. Bhí an chéad dán i gcló aige, sa pháipéar The United Irishman, i 1900. Deirtear gurbh é an chéad dalta i Mungairit é a roghnaigh an Ghaeilge mar ábhar. Bhí sé ag obair i siopa grósaera a athar nuair a bhunaigh sé craobh eile den Chonradh i bparóiste Chionn tSáile. Ba é a chum na hamhráin ‘The Old Fenian Gun’, ‘The Mountjoy Hotel’, ‘The Holy Stone’, ‘Rally round the banner, boys’.... Bhí sé ar fhoireann Choláiste na Rinne i samhradh 1913. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge i 1905 agus arís i 1934. Scríobh sé Téarmaí báire, [g.d.], Irish in the goal field, [g.d.] agus The History of the GAA 1910–1930, 1931. D’éag sé Meán Fómhair 1937. Thug sé eolas ina thaobh féin in An Gaedheal, Samhain 1936 et seq.. Tá tagairt aige ansiúd do chaoineadh i nGaeilge a chum bean dall ar bheirt sheanuncail leis. Gaol leis a d’fhill ó Texas tar éis fiche bliain a d’aithris dó é.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú