Seo é an cláirseoir is mó a raibh eolas aige ar thradisiúin na seanchláirseoirí, arbh é féin an duine deireanach díobh, b’fhéidir. Dheachtaigh sé a chuimhní cinn do Bhunting tuairim 1809 agus chuir Charlotte Milligan Fox cuid díobh i gcló in Annals of the Irish Harpers, 1911. Scríobh Francis Joseph Bigger cuntas ar a bheatha in Ulster Journal of Archaeology, Eanáir 1901, agus tá beagán curtha aige leis san iris chéanna in Iúil 1906, agus chuir Donal O’Sullivan eagar ar a chuimhní in Carolan: life and times of an Irish harper, 1958. Cuireann Breandán Ó Buachalla síos air i gcomhthéacs na bpearsan a bhí ag saothrú na Gaeilge i mBéal Feirste ó 1778 go 1860, agus i gcomhthéacs Shéamuis Mhic Domhnaill, go háirithe, in I mBéal Feirste Cois Cuain, 1968. Murach gur mhúin sé ceol do Mhac Domhnaill ní móide go dtarlódh Féile na gCláirseoirí i mBéal Feirste ná go mbaileodh Bunting na seanfhoinn. I nDroim na Sráide in aice le Dún Geanainn a rugadh é. Mhaíodh sé nach raibh daoine ar bith ina líne ghinealaigh nár Niallaigh iad. Chaill sé radharc na súl nuair a bhí sé dhá bhliain d’aois. Ón gcruitire dall Owen Keenan a d’fhoghlaim sé ceol. Faoin am a raibh sé 19 bliain bhí cúigí na hÉireann siúlta aige. Turas é a rinne sé go minic i rith a shaoil agus chuir sé aithne ar dhaoine mar Mhuircheartach óg Ó Súilleabháin (d’éag 1754), Cathal Ó Conchubhair, Conchubhar Ó Domhnaill, Caitliceach a raibh eastát aige i Liatroim agus a bhí i dteideal a bheith ina iarla ar Thír Chonaill, dar lena mhuintir, agus ar Iarla Chinn Mara. Chaith sé dhá bhliain ina oide i dteach Mhichíl Rua Mhic Dhomhnaill i nGleann Aireamh, Co. Aontroma, agus mhúin an chruit dá mhic ar dhuine díobh an Séamus thuas.

Ghlac sé páirt sna féilte ceoil a tionóladh i nGránard i 1781, 1782 agus 1785 agus ghnóthaigh an dara duais ag an gcéad cheann díobh le ‘Coillte Glasa an Triúcha’ agus ‘Miss Crofton’. Níor leis an Dr Séamus Mac Domhnaill ab fhaillí é cuireadh chun Féile na gCláirseoirí i mBéal Feirste 11-14 Iúil 1892 a chur chuige agus in ainneoin na ndaitheacha i láimh leis bhuaigh sé an dara duais arís le ‘Coillte Glasa an Triúcha’. Nuair a bhunaigh an dochtúir agus Bunting an Irish Harp Society in 1808 d’iarr siad ar Art a bheith i mbun scoil an chumainn sin. Mhair sí go 1813. Meastar murach í nach mbeadh aon chruitirí fágtha sa tír. Thug Mac Domhnaill pinsean £30 sa bhliain d’Art. Chuaigh sé ar ais go dtí a cheantar dúchais agus d’éag i Maigh an Dúin, Co. Ard Mhacha, 29 Deireadh Fómhair 1816. Cuireadh é san Eaglais, Co. Thír Eoghain.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú